Tá an cuileann (Ilex aquifolium) sa bhfine Aquifoliaceae.

An Fhine Aquifoliaceae

Cé go raibh ceithre ghéineas sa bhfine Aquifoliaceae tráth, níl ann anois ach géineas amháin, Ilex, géineas na gcuileann. Tá beagnach 600 speiceas de chrainnte nó sceacha dé-éiciacha, síorghlasa sa ngéineas Ilex.[1] Is sna Trópaicí atá a bhformhór ag fás – tá 300 speiceas ag fás i dTrópaicí Mheiriceá agus 250 speiceas san Áise Thoir Theas. Níl san Eoraip ach cineál amháin, Ilex aquifolium, an crann cuilinn (cé go bhfuil speicis eile ag fás ar na hOileáin Chanáracha). Is léiriú é seo ar a laghad bithéagsúlachta atá sna ceantair le haeráid mheasartha i gcomparáid leis na ceantair sin atá nóis gaire do mheánlíne an domhain.

Tá níos mó faoin ngéineas Ilex anseo.

Plandaí sa bhfine Aquifoliaceae