Tor an Fhéileacáin
Buddleja davidii
Ainmneacha Eile: Búidlia Chorcra Béarla: Butterfly…
Is fine mhór a bhí í Scrophulariaceae tráth, ach tá go leor géineas a bhí mar chuid de aistrithe amach go Plantaginaceae, bunaithe ar thaighde nua ar mhoirfeolaíocht na bpandaí sin. San áireamh sna plandaí a bhí i Scrophulariaceae ach atá anois i Plantaginaceae tá na slánlusanna (Plantago spp.), na lusanna cré (Veronica spp.), agus plandaí seadánacha cosúil leis an hocas tae (Odontites vernus), lus an tsagairt (Melampyrum pratense), agus an gliográn (Rhinanthus minor).[1] Ach tá cuid mhaith de na plandaí atá fágtha sa bhfine Scrophulariaceae dúchasach in Éirinn, agus rinne cuid eile acu a mbealach chuig an oileán seo le deireanaí. Is plandaí luibheacha iad a bhformhór, le corr-sceach ina measc.
Tugtar fine na ndonnlusanna ar an bhfine Scrophulariaceae. Is ón ngéineas Scrophularia a fuair an fhine an t-ainm, agus is sa ngéineas seo atá an donnlus (Scrophularia nodosa) agus an donnlus uisce (Scrophularia auriculata), plandaí arda, le duilleoga móra, atá coitianta in Éirinn. Bhaintí úsáid as na plandaí seo san am atá caite le créachtaí a glanadh.[2]
Is plandaí an-ard (scaití os cionn 2m) iad coinnle Muire (Verbascum thapsus). Is débhliantóg é – fásann roiséad de dhuilleoga boga clúmhacha sa gcéad bhliain dá saolré fáis, sula bhfásann an spíce mór ard, le bláthanna móra buí air, sa dara bliain. D’úsáidtí duilleoga an phlanda chun cóireáil a chur ar dhaoine a bhí ag fulaingt le raon mór breoiteachtaí, ina measc casacht (ar Árainn[3]), neascóidí,[2] agus eitinn scamhóige.[3]
Tá timpeall 100 speiceas sa ngéineas Buddleja agus fásann siad i gceantair thrópaiceacha, fothrópaiceacha, agus measartha ar fud an domhain.[4] Tá an sceach tor an fhéileacáin (Buddleja davidii) fairsing in Éirinn. Glacann sé seilbh tapaigh ar thalamh tréigthe agus is an-tóir a bhíonn ag féileacáin ar neachtar na mbláthanna móra corcra, bána, agus líológa. Cuirtear Buddleja alternifolia agus Buddleja globose, le liathróidí móra oráiste mar bhláthanna air, freisin.[5]
Ainmneacha Eile: Búidlia Chorcra Béarla: Butterfly…