An Pribhéad
Ligustrum vulgare
Ainmneacha Eile: Priobhaid,[1] Primhéad,[2] Tor Luathfás[2]…
Tugtar pribhéid ar na plandaí – sceacha duillsilteacha nó síorghlasa – atá sa ngéineas Ligustrum. Fásann siad do dúchasach san Afraic, san Áis, agus san Eoraip. Bíonn bláthanna bána acu agus caora dubha mar thorthaí. Is mar phlandaí ornáide, go háirithe in úsáid i bhfalta, a scaip an pribhéad ar fud an domhain. Is plandaí ionracha anois iad san Astráil agus sa Nua Shéalainn.
Is ag na Rómhánaigh a bhí an t-ainm Ligustrum don phribhéad (Ligustrum vulgare), an speiceas a fhásann go dúchasach san Eoraip. In Éirinn fásann dhá speiceas den phribhéad go fiáine – an pribhéad (Ligustrum vulgare) agus an pribhéad Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium). Ní fios an bhfuil an pribhéad dúchasach, ach tá sé in Éirinn le fada.
Tá níos mó tóir ar an bpribhéad Calafoirniach mar go gcoinníonn sé a chuid duilleoga sa ngeimhreadh. Tá an planda ag fás go fiáin ar fud na tíre anois, agus is mó seans go bhfeicfear an speiceas sin ná an pribhéad fhéin.
Ainmneacha Eile: Priobhaid,[1] Primhéad,[2] Tor Luathfás[2]…
Béarla: California Privet Tréithe Suntasacha na…