Crann fuinseoige. Tá an crann seo ag fulaingt leis an ngalar ón bhfungas Hymenoscyphus fraxineus, mar is léir ó na géaga nochtaithe, gan aon duilleog.

An fhine Oleaceae

Is crainnte agus sceacha, de chuid is mo, iad na plandaí atá sa bhfine Oleaceae, cé nach bhfuil mórán acu dúchasach in Éirinn. Is sa bhfine Oleaceae atá an fhuinseog (Fraxinus excelsior). Tá an fhuinseog ar cheann de na crainnte is coitianta in Éirinn, ach tá sé i mbaol díothaithe anois ag an bhfungas Hymenoscyphus fraxineus, atá tar éis sléacht a dhéanamh ar chrainnte na Mór-roinne agus in Éirinn. Tá timpeall 50 speiceas sa ngéineas Fraxinus, scaipthe ar fud an leathsféir thuaidh, agus is crainnte duillsilteacha formhór acu. Ceaptar gur ón nGréigis a tháinig an focal Fraxinus – tugtar phrasso ar an bhfuinseog i nGréigis, focal a chiallaíonn ráille nó sconsa a thugann cosaint (dhéantaí sleánna as fuinseoga sa gcianaimsir).[1]

Bláth ag teacht ar an líológ, planda sa bhfine Oleaceae.

Is sceach duillsilteach atá sa líológ (Syringa vulgaris), éalaitheach gairdín neamhdhúchasach atá forleathan in Éirinn anois.[2] Dath bán nó líológ a bhíonn ar bhláthanna pirimidiúla an phlanda. Ní minic a shíolraínn sé, ach cuireann an planda meatháin aníos óna chuid fréamhacha faoi thalamh agus is mar seo a scaipeann sé.[2] Is ón nGréigis syrinx (tiúb) a thagann syringa, mar go bhfuil na géaga toll – cosúil leis an trom (Sambucus nigra). Is planda ornáideach an-choitianta é an líológ i ngairdíní agus i bpáirceanna, mar gheall ar an mboladh milis atá ag na bláthanna mealltacha. Tagann siad amach go luath sa samhradh, sula mbíonn plandaí coitianta eile an ghairdín faoi bhláth.

An pribhéad Calafoirniach ag fás go fiáin ar phortach i gConamara.

Tá an pribhéid (Ligustrum vulgare) sa bhfine seo freisin. Is planda sceachach é seo a d’úsaidtí go fairsing in Éirinn mar fhál do ghairdíní bruachbhailteacha. Is mó plandaí pribhéid den chineál Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium) a dhíolann plandlanna anois, in áit an speiceas dúchasach.

Is ó ghéineas na n-ológa, Olea, a fuair an fine an t-ainm. Is é an t-ológ Eorpach (Olea europaea), planda Meánmhara, an ceann is tábhachtaí acu seo don chine daonna. Is uaidh seo a fhaigheann muid ológa agus ola ológa. Is sa bhfine seo freisin ata seasmain (Jasminum spp.), sceacha a fhásann i gceantair the san Eoraip, san Áis, san Afraic, agus san Aigéine.  Tá cáil ar an seasmain mar ar na bláthanna cumhra a bhíonn air agus is planda tábhachtach i dtionscail na cumhradóireachta é.

Tagairtí

  1. Carvalho, A.M. and J. Castro, Cultural aspects of the trees in selected European countries. VALBRO-COST E42: Valuable Broadleaved Trees in Europe, 2008.
  2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

Plandaí sa bhfine Oleaceae