Lamiales

An misín mionsach (Mentha aquatica), planda sa bhfine Lamiaceae.

An t-ord Lamiales

Is ord mór é Lamiales, le os cionn 23,810 speiceas dáilte i measc 25 fine éagsúla.[1] Tá speiceas ón ord seo le fáil ag fás ar fud an domhain, agus tá go leor acu ag fás go fiáin in Éirinn freisin.

Duilleoga greamaitheacha ar an leith uisce bheag (Pinguicula lusitanica).

Tá plandaí feoilsúiteacha le fáil i dhá fhine de chuid Lamiales – Lentibulariaceae agus Byblidaceae. Is sa bhfine Lentibulariaceae atá dhá chineál planda feoilsúiteach atá coitianta ar phortaigh na hÉireann, na leitheanna uisce (Pinguicula spp.) agus na lusanna borraigh (Utricularia spp.). Tá dhá bhealach éagsúla ag na plandaí seo chun creacha a ghabháil. Bíonn substaint ghreamaitheach ghréisceach ar dhuilleoga na leitheanna uisce. Nuair a sháinnítear feithid orthu, dúnann na duilleoga isteach ar a chéile agus díleánn siad an chreach. Osclaíonn na duilleoga arís nuair atá na cothaithigh a bhí uathu súite isteach sa bplanda. Tá gumalacht na nduilleog aigéadach agus tá einsímí ann a chabhraíonn leis an bpróiseas díleáite.

Ní ionann an cur chuige a bhíonn ag na lusanna borraigh chun creacha a ghabháil agus cur chuige na bplandaí feoilsúiteacha eile. Tá lamhnán – mála beag le doras ann – ar an ngas faoi uisce atá ag lus an bhorraigh. Brúnn an planda an t-uisce amach as an lamhnán, próiseas a chruthaíonn brú an-íseal istigh sa lamhnán. Nuair a théann creach – orgánach beag cosúil le dreancaid uisce – róghar don lamhnán, osclaíonn an doras, agus súitear isteach é (próiseas nach dtógann níos mó ná 1/35 soicind). Díleáitear an chreach laistigh den lamhnán agus súnn an planda isteach na cothaithigh atá uaidh. Brúitear an t-uisce amach arís chun an gaiste súcháin a shocrú don chéad chreach eile.

An planda leath-sheadánach, lus an tsagairt (Melampyrum pratense).

Is plandaí seadánacha, den chuid is mó, atá san fine Orobanchaceae. Is plandaí iad seo atá greamaithe den phlanda óstach agus aistrítear cothaithigh chucu ón bplanda sin. Tá fréamhacha acu fhéin ag na plandaí leath-sheadánacha. Is iomaí planda ón bhfine seo atá le feiceáil in Éirinn. Ina measc seo tá an Hocas Tae (Odontites vernus), Lus an tsagairt (Melampyrum pratense), agus an gliográn (Rhinanthus minor). Tá éileamh ar chuid de na plandaí seo mar maolaíonn siad ráta fáis féir, tugann sé deis do phlandaí eile dul in iomaíocht leis an bhféar, agus cuirtear le bithéagsúlacht na ngarrantaí dá thoradh seo. Is ó na múchóga (Orobanche spp.) a fuair an fhine a hainm. Tá trí speiceas in Éirinn, an mhúchóg bheag (Orobanche minor), atá seadánach ar an sheamair (Trifolium spp.) éagsúla, an mhúchóg dhearg (Orobanche alba), atá seadánach ar tím chreige (Thymus drucei), agus an mhúchóg mhór (Orobanche hederae), atá seadánach ar eibheann (Hedera hibernia). Tá plandaí eile leath-sheadánacha, lus an ghiolla (Pedicularis sylvatica) agus an milseán móna (Pedicularis palustris), le fáil ar talamh portaigh.

Tugtar fine na ndonnlusanna ar an bhfine Scrophulariaceae. Is plandaí luibheacha iad a bhformhór, le corr-sceach ina measc. Is ón ngéineas Scrophularia a fuair an fhine an t-ainm, agus is sa ngéineas seo atá an donnlus (Scrophularia nodosa) agus an donnlus uisce (Scrophularia auriculata), plandaí arda le duilleoga móra atá coitianta in Éirinn. Is sa bhfine seo freisin atá coinnle Muire (Verbascum thapsus), débhliantóga arda (beagnach 2m) le bláthanna buí. Tá tor an fhéileacáin (Buddleja davidii), sceach neamhdhúchasach, sa bhfine seo freisin agus flúirseach in Éirinn. Glacann sé seilbh tapaigh ar thalamh tréigthe. Bíonn an-tóir ag féileacáin ar na bláthanna móra corcra, bána, agus bándearga.

Méaracán an phúca (Digitalis purpurea).

Seans gurb í an fhine Plantaginaceae an fhine is mó, ó thaobh líon na speiceas, san ord Lamiales. Is iomaí planda ón bhfine seo atá dúchasach in Éirinn. Tá méaracán an phúca (Digitalis purpurea), débhliantóg ard, galánta, fairsing ar fud na tíre. Tá an planda nimhneach (marfach i gcásanna má itear é) ach is as duilleoga an phlanda a dhéantar leigheas cumhachtach don chroí. Is é Veronica an géineas is mó sa bhfine, le timpeall 450 speiceas. Is iad seo na lusanna cré, ilbhliantóga le bláthanna beaga gorma nó bána atá an-choitianta in Éirinn. Is sa ngéineas Plantago atá na slánlusanna, ina n-áirítear an slánlus mara (Plantago maritima), adharca fia (Plantago coronopus), cuach Phádraig (Plantago major) agus an slán lus fhéin (Plantago lanceolata). Is iomaí planda eile ón bhfine Plantaginaceae atá ag fás in Éirinn.

Is crainnte agus sceacha, de chuid is mo, iad na plandaí atá sa bhfine Oleaceae, cé nach bhfuil mórán acu dúchasach in Éirinn. Is sa bhfine Oleaceae atá an fhuinseog (Fraxinus excelsior). Tá an fhuinseog ar cheann de na crainnte is coitianta in Éirinn, ach tá sé i mbaol díothaithe anois ag an bhfungas Hymenoscyphus fraxineus, atá tar éis sléacht a dhéanamh ar chrainnte na Mór-roinne agus in Éirinn. Is ó ghéineas na n-ológa, Olea, a fuair an fhine an t-ainm. Is é an t-ológ Eorpach (Olea europaea), planda Meánmhara, an ceann is tábhachtaí acu seo don chine daonna. Is uaidh seo a fhaigheann muid ológa agus ola ológa. Is sa bhfine seo freisin ata seasmain (Jasminum spp.), sceacha a fhásann i gceantair the san Eoraip, san Áis, san Afraic, agus san Aigéine.  Tá cáil ar an seasmain mar ar na bláthanna cumhra a bhíonn air agus is planda tábhachtach i dtionscail na cumhradóireachta é.

Is ón bhfine Lamiaceae a fuair an t-ord a ainm, Lamiales. Is fine í seo de chuid de na luibheanna cócaireachta is tábhachtaí ar domhan – sáiste, basal, marós, oragán, agus an lus liath. Dár ndóigh, is sa bhfine seo freisin atá miontas, agus tá roinnt speiceas éagsúla den ghéineas Mentha ag fás in Éirinn, an mismín mionsach (Metha aquatica) agus an chartlainn gharraí (Mentha spicata), ina measc.

Tagairtí

  1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.

 Plandaí san ord Lamiales