Béarla: Sweet Chestnut
Tréithe suntasacha an Chrainn
- Crann mór, ard, duillsilteach
- Crainnte fadsaolacha
- Cnónna inite
Bunús agus Dáileadh an Chastáin
Is crann mór duillsilteach é an castán, agus cáil air mar ar na cnónna inite a thugann sé dúinn sa bhfómhar. Is ó thuaisceart na hIbéire, trí dheisceart na Fraince, agus soir chomh fada leis an Tuirc agus na sléibhte Chugais a fhásann an castán go dúchasach,[1] ach, mar gur crann é a saothraíodh thar na mblianta, tá sé ag fás anois i bhfad óna cheantar dúchais.[2] Scaip coilínithe Eorpacha an crann ar fud Mheiriceá Thuaidh, Mheiriceá Theas, agus na hAstráile.[1]
Cheaptaí gurb iad na Rómhánaigh a thug go Sasana é[2] – fritheadh fioghual ó adhmad an chrainn i suíomh Rómhánach[3] – ach táthar ag maíomh anois gur am eicínt tar éis AD 650 a tháinig an crann go Sasana.[4] Bhí an oiread sin tóir ar an gcastán ansin gur é atá i gcuid mhór de roschoillte oirdheisceart Shasana anois.[5]
Glactar leis gur am éigean le linn na Meánaoise a tháinig an castán go hÉirinn,[6] ach ní fios cén uair go cruinn ar tharla sé seo.[2] Tá gaol géiniteach ag castáin na hÉireann (agus na Breataine) le roinnt pobal éagsúla den chrann atá scaipthe ar fud na hEorpa, a thugann le fios gur tháinig go leor plandaí nó síolta castáin isteach ó áiteanna difriúla (agus b’fhéidir ag amanna difriúla).[7]
Is in oirthear, in oirthuaisceart, agus in oirdheisceart na tíre is mó atá an castán curtha in Éirinn, is dócha mar gur ansin atá an daonra is mó.[5] Amhail go leor crainnte eile sa bhfine Fabaceae, cuirtear an castán anois mar chrann ornáide i bpáirceanna agus i láithreáin chonláiste. [5] Síolraíonn an castán i gcoillte diméine in Éirinn.[2]
Airde agus Aois
Is crainnte móra iad na castáin le stoc leathan. Is crainnte arda iad freisin, atá in ann 35m ar airde a bhaint amach, cé nach bhfuil aon chastán in Éirinn atá os cionn 30m ar airde.[2] Is crainnte fadsaolacha iad – is féidir leo maireachtáil ar feadh 700 bliain, agus tá aois mhór mhillteach ag crainnte ar leith.[1] Tá castán ar shliabh Etna na Sicile atá idir 2000 agus 4000 bliain d’aois, agus is beagnach 59m atá imlíne an stoic.[8]
Cé go bhfásfaidh an castán i gcineálacha éagsúla créafóige, is créafóg thais, ghainmheach, neodrach go aigéadach, agus atá draenáilte go maith, atá uaidh le go ndéanfaidh sé crann maith.[5] Déanann sioc deireanach san Earrach dochar dó, ach fásann an crann ar ais go tréan tar éis loiscthe.[1]
Coirt agus Duilleoga
Bíonn an choirt corcairliath agus mín i gcrainnte óga. Fásann an castán go tapaidh agus tagann scoilteacha ingearacha bíseacha ar an gcoirt le haois.[1, 2] Bíonn an chuma go minic ar an gcrann go mbreathnaíonn sé níos sine ná mar atá sé.[3] Is dath donn agus buíghlas a bhíonn na géaga neamhchlúmhacha, agus bíonn lionsacháin feiceálacha orthu.[2]
Is dath deargdhonn a bhíonn ar bhachlóga ubhchruthacha na nduilleog. Bíonn duilleoga móra (go 25cm ar fhad) dronuilleogacha nó lansacha, le barr biorach, ar an gcastán. Bíonn imill na nduilleog fiaclach. Dath glas lonrach a bhíonn orthu agus bíonn go leor féitheacha feiceálacha ar dhromchla na duilleoige.
Bláthanna agus Torthaí
Is crann moinéiciach atá sa gcastán. Is caitíní fada (go 15cm) buí iad na bláthanna fireanna agus fásann na bláthanna baineanna ag bun na gcaitíní fireann.[9] Pailníonn an ghaoth (go hiondúil nuair atá an aimsir tirim) agus feithidí (níos minice nuair atá sé fliuch) na bláthanna[1] agus forbraíonn na torthaí mar chupúl glas spíceach ina bhfuil síolta lonracha deargdhonn taobh istigh. Scoilteann an chupúl chun na cnónna (go hiondúil 3-7 i ngach cupúl) a nochtadh.[10] Ní bhíonn ach cnó amháin sa gcupúl i saothróga ar leith den chastán.[1] Tagann torthaí ar na crainnte tar éis timpeall 25 bliain ag fás.
Úsáid agus Traidisiúin an Chastáin
Tá adhmad an chastáin trom agus níos boige ná adhmad darach. Níl sé chomh láidir le hadhmad darach agus ní mhaireann sé chomh fada ach an oiread.[3] Déantar cónraí agus troscáin as.[2] Glacann an castán go maith le bunscoitheadh, agus is iondúil gur mar sin a saothraítear adhmad an chrainn.
Úsáidtear é mar bhreosla tine, mar fhioghual, agus chun earraí ar nós cuaillí, bairillí, trasnáin ráillí, agus slinnte a dhéanamh.[1] Tá tainnin i gcoirt an chastáin agus d’úsáidtí é i dtionscadal na súdaireachta, cé nach bhfuil caighdeán an tainnine chomh maith leis an tainnin ó choirt dharach.[3] Tugann an tainnin a bhíonn i mbairillí castáin blas ar leith do fhíon freisin.[11]
Tá na cnónna inite – is foinse mhaith do vitimín B iad, agus tá siad ar cheann de bheagán cnónna ina bhfuil vitamin C iontu.[4] Itear na cnónna rósta go traidisiúnta le linn tréimhse na Nollag agus tá traidisiún láidir ann freisin na cnónna rósta a dhíol ar shráideanna chathracha na hEorpa nuair a bhíonn siad aibí.[12] Is iomaí bealaigh a dhéantar na cnónna a phróiseáil – is féidir iad a bhruith, a rósta, a thriomú, a mhilsiú, nó iad a mheilt agus plúr a dhéanamh astu.[1] Bhíodh an-tóir ag na Rómhánaigh ar mhil ó neachtar an chastáin, agus d’úsáidtí é chun cóireáil a chur ar chréachtaí agus ar dhó craicne. [11]
Maidir le bunús ainm eolaíoch an chrainn, Castanea sativa, is castaneis a thugtaí ar an gcnó (agus an crann) sa Laidin sa gcianaimsir.[1] Tugann an focal sativa le fios gur planda saothraithe é agus mar sin gur cheaptaí go raibh toradh an chrainn (nó cuid eile den phlanda) go maith don tsláinte ar bhealach eicínt. Tá an t-ainm sativa ar go leor plandaí inite eile, amhail an cúcamar (Cucumis sativus), cannabas (Cannabis sativa), agus rís (Oryza sativa). Níl gaol gar idir an castán agus an crann cnó capaill (Aesculus hippocastanum), in ainneoin go bhfuil chestnut in ainm an dá chrann i mBéarla.
Tá dhá chrann castáin ag fás i Cranmore, ar Bhóthar Uí Mhaoileoin i ndeisceart Béal Feirste. Thugtaí Orange Grove ar an áit roimh sin mar go ndeirtí go raibh na crainnte castáin sin chomh mór, in 1690, go raibh Liam Oráiste in ann foscadh a thabhairt dá chapaill fúthu. Ba leis an luibheolaí aitheanta, John Templeton (1766-1825), an suíomh ina dhiaidh sin. Bhí sé báúil do na hÉireannaigh Aontaithe agus d’athraigh sé ainm na háite go ó Orange Grove go Cranmore (Crann Mór).[2]
Tá seanchas sa mBreatain agus in Éirinn faoin Armáid Spáinneach agus an castán. Bhíodh na cnónna castáin ag mairnéalaigh Spáinneacha leis an ngalar scorbha a sheachaint. Deirtear gur ó phócaí mhairnéalaigh Spáinneacha a tógadh na cnónna as a dtáinig na castáin i Croft Castle, i Herefordshire Shasana, agus gur leagtha amach mar a bhí na báid Spáinneacha, agus iad ar an ionsaigh, atá na crainnte curtha ansin.[4] Deirtear freisin gur ó chnó castáin, a bhí curtha le mairnéalach Spáinneach a bhí san Armáid agus a bádh amach ó chósta na hÉireann, a d’fhás castán aitheanta eile i reilig Charn an Chaistil, Co. Aontroma. Cibé fírinne atá sa scéal sin, bhí aois mhór ag an gcastán, agus thit sé i 2020. Ní raibh gála fhéin ann an oíche a d’éag an crann.[13]
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Conedera, M., et al., Castanea sativa in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
2. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
3. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
4. Jarman, R., Sweet chestnut (Castanea sativa Mill.) in Britain: a multi-proxy approach to determine its origins and cultural significance. 2019, University of Gloucestershire.
5. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
6. Forbes, A.C., Tree Planting in Ireland during Four Centuries. Proceedings of the Royal Irish Academy. Section C: Archaeology, Celtic Studies, History, Linguistics, Literature, 1932. 41: p. 168-199.
7. Jarman, R., et al., DNA analysis of Castanea sativa (sweet chestnut) in Britain and Ireland: Elucidating European origins and genepool diversity. PLoS One, 2019. 14(9): p. e0222936.
8. Nunziata, A., et al., The Hundred Horses Chestnut: a model system for studying mutation rate during clonal propagation in superior plants. Forestry, 2022. 95(5): p. 678-685.
9. Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.
10. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
11. De Vasconcelos, M.C., et al., Composition of European chestnut (Castanea sativa Mill.) and association with health effects: fresh and processed products. Journal of the Science of Food and Agriculture, 2010. 90(10): p. 1578-1589.
12. Choupina, A.B., Nutritional and health potential of European chestnut. Revista de Ciências Agrárias, 2019. 42(3): p. 801-807.
13. Bain, M., Downed: the Larne tree that grew from seeds brought by the Spanish Armada, in The Belfast Telegraph. 2020.