Ainmneacha Eile: Búidlia Chorcra
Béarla: Butterfly Bush, Purple Buddleia
Tréithe suntasacha na Sceiche
- Sceach chraobhach, mhíshlachtmhar, leathdhuillsilteach.
- Bláthanna móra corcra, líológ nó bán.
- An-tóir ag féileacáin ar neachtar na mbláthanna.
Cur Síos ar an bPlanda
Is ó lár agus iardheisceart na Síne a tháinig tor an fhéileacáin,[2] sceach leathdhuillsilteach atá an-choitianta ar leataobh an bhóthair, in aice le ráillí traenacha, ar thalamh tréigthe, agus go háirithe ar thalamh tréigthe uirbeach. Talamh bhriste, thirim atá ag teastáil uaidh le hiomadú, agus is féidir leis scaipeadh go tréan[3] má fhaigheann sé na coinníollacha sin.
Cosúil le planda neamhdhúchasach eile gan mórán fáilte roimhe, an leylandii, is minic go n-úsáidtear an t-ainm eolaíoch – buddleja – le tagairt a dhéanamh den sceach seo. Tosaíodh á chur sa mBreatain in 1896, agus níor thóg sé i bhfad ar éalú amach sa bhfiántas. Scaip sé go mór i suíomhanna scriosta Shasana tar éis an Dara Cogadh Domhanda.[2] Is sna 80aí agus 90aí a scaip an planda go fairsing in Éirinn. I 1996 ní raibh tor an fhéileacáin an-coitianta ach i mBaile Átha Cliath agus Corcaigh.[3, 4] Tá éileamh air mar sceach ornáide mar ar chuma agus ar bholadh na mbláthanna, agus mar go mbláthaíonn sé ar feadh tréimhse fhada.
Is sceach leathduillsilteach é tor an fhéileacáin. Titeann na duilleoga sa bhfómhar, ach fásann duilleoga nua díreach ina dhiaidh sin (duilleoga a bhíonn níos lú ná na duilleoga a thit), a fhanann ar an gcrann go dtí an tEarrach. Faoin am sin, dtosaíonn an planda ag fás tacar nua duilleoga.[2]
Is duilleoga fada (10-20cm), lansacha go ubhacha, biorracha a bhíonn ag an tor seo. Bíonn na himill fiaclach, agus bíonn taobh íochtair na nduilleog clúmhach le ribí beaga bána.
Is bláthanna heirmeafraidíteacha a bhíonn ag tor an fhéileacáin. Osclaíonn siad ag deireadh an Earraigh agus leanann an planda ag bláthú i gcaitheamh an tsamhraidh. Is dath corcra go liathchorcra a bhíonn ar na bláthanna, a fhásann i bpainicílí dlútha, spíceacha. Bíonn boladh láidir ó na bláthanna a mheallann feithidí, go háirithe féileacáin, chun iad a phailniú.
Is capsúl fadaithe an toradh. Bíonn sé roinnte ina dhá chuid, ina bhfuil síolta beaga iontu.[1, 4] Fanann na síolta ar an bplanda i gcaitheamh an gheimhreadh in Éirinn. Osclaíonn na capsúil san Earrach agus séideann an ghaoth saor iad.[2] Ní bhíonn deacrachtaí ag an planda iomadú. Is féidir le píosaí den ghas agus píosaí de na fréamhacha plandaí nua a dhéanamh go héasca má aimsíonn siad coinníollacha feiliúnacha.[2]
Is in onóir don mhinistir agus luibheolaí Sasanach, Adam Buddle, a ainmníodh an géineas Buddleja. Rinne Buddle go leor taighde ar bhrífítí (caonacha agus aelusanna). Is in onóir d’Armand David, sagart, luibheolaí agus zó-eolaí Bascach, a tugadh an t-ainm speiceasach, davidii, don phlanda. [2] B’é an chéad Eorpach a rinne tuairiscí ar an sceach.
In ainneoin go gcuirtear tor an fhéileacáin i ngairdíní ar fud na tíre, breathnaítear anois air mar phlanda ionrach sa mBreatain.[5] In Éirinn, liostáiltear é mar phlanda ionrach le riosca meánach.[6] Cé go mbíonn go tacaíonn an planda le féileacáin a bhíonn ag triall ar na bláthanna, is sceach é tor an fhéileacáin nach dtugann deis to phlandaí dúchasacha, ar a mbíonn níos mó fiadhúlra ag brath, fás.[3]
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.
2. Tallent, N. and M. Watt, The Invasive Buddleja davidii (Butterfly Bush). The Botanical Review, 2009. 75: p. 292-325.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
5. Tallent-Halsell, N.G. and M.S. Watt, The invasive Buddleja davidii (butterfly bush). The Botanical Review, 2009. 75: p. 292-325.
6. O’Flynn, C., J. Kelly, and L. Lysaght, Ireland’s invasive and non-native species—trends in introductions. National Biodiversity Data Centre Series, 2014. 2.