Ainmneacha Eile: Crann Beithe, Beith
Téarmaí Gaolmhara: Beitheach/Beitheachán/Doire bheithe (áit ina bhfuil beitheanna ag fás)
Béarla: Downy Birch, Hairy Birch
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Crann géagach, duillsilteach.
- Duilleoga beaga, triantánacha.
- Caitíní mar bhláthanna.
Réamhrá
Bhí na beitheanna i measc na gcéad chrainnte a tháinig go hÉirinn tar éis an oighrithe dheiridh. Léiríonn taifid pailine ón am sin gur scaip beitheanna go tapaidh ar fud an oileáin ag tús na tréimhse Holaicéineach.[1] Tá dhá speiceas dúchasach in Éirinn, an bheith gheal (Betula pendula) agus an bheith chlúmhach (Betula pubescens)
Níl mórán crainnte in Éirinn atá ag fás chomh fairsing leis an mbeith chlúmhach.[2] Is í tuaisceart na hEorpa, agus soir chomh fada le hiarthar na hÁise, ceantar dúchais na beithe seo.[3] Níl aon chrann leathanduilleach eile a fhásann níos faide ó thuaidh ná an bheith chlúmhach. Feictear í freisin ag fás níos airde ar chnoic ná an bheith gheal.
Maraon le crainnte téiscleime eile, fásann an bheith chlúmhach in ithir bhocht, aigéadach.[4] Tá sí níos fearr in ann ag créafóg thais ná an bheith gheal agus feictear é scaití ag fás fiú i dtalamh portaigh. Is minic go nglacann beitheanna seilbh ar thalamh bhriste agus tréigthe, chomh maith le ciumhaiseanna iarnróid. Tá tréithe eile acu a chuidíonn leo greim a fháil ar thalamh lom — fásann siad go tapaigh, tá crann amháin in ann na mílte síol a scaipeadh, agus péacann siad go héasca. Anuas ar sin, tá crainnte atá 10 mbliana d’aois in ann crainnte nua a shíolrú. Bíonn beitheanna ag brath go mór ar sholas na gréine agus ní éiríonn go maith leo nuair a bhíonn orthu dul gcomórtas le crainnte eile amhail an dair chun an solas sin a fháil.
Cuma na Beithe
Ní crann ard í an bheith chlúmhach i gcomparáid le crainnte eile san ord Fagales – ní iondúil go mbaineann sí mórán níos airde ná 20m amach, agus cuid mhaith níos lú ná sin sna críocha fuara ó thuaidh. Ní crainn fadsaolacha iad ach an oiread – ní mhaireann siad ach tuairim is 100 bliain nó mar sin (cur i gcomparáid go maireann crann seiceamóir os cionn 400 bliain).
Is dath rua a bhíonn ar choirt na beithe óige agus tagann dath geal air le haois, cé nach mbíonn coirt na beithe seo chomh geal leis an mbeith gheal. Bíonn lionsacháin chothrománacha (tacaíonn siad le gáis a mhalartú idir an crann agus an t-aer) ar an gcoirt le dath liath i gcrainnte óga agus a éiríonn níos dorcha agus scoilteach le haois. [5]
Is crann géagach, oscailte é – ní minic a bhíonn craobh móra leathana aici. Is minic go mbíonn faireoga beaga donn ar ghéaga an chrainn seo (bíonn faireoga bána, agus bíonn siad níos mó, ar an mbeith gheal). Fásann na géaga go cothrománach nó ag claonadh suas (bíonn cuma sleabhctha ar na géaga a bhíonn ar an mbeith gheal).
Is mar gheall go bhfuil ribí beaga gruaige ar ghéaga óga an chrainn a fhaigheann an bheith chlúmhach an t-ainm (ciallaíonn pubescens clúmhach sa Laidin). Bíonn sé deacair na ribí a fheiceáil gan lúpa, agus ceaptar go bhfuil crainnte san iarthar gan aon ribí orthu ar chor ar bith.[6]
Tugtar scuab caillí ar an meall géaga a bhreathnaíonn cosúil le nead éin agus a bhíonn le feiceáil ar chrainnte éagsúla. Tá siad coitianta ar bheitheanna, agus is iondúil gurb é an fungas, Taphrina betulina, is cúis leo. De thoradh an fhungais, caileann an ghéag an smacht chun fás rialta, struchtúrtha a dhéanamh, agus cruthaítear caithreáil géaga a fhásann i ngach treo.[7]
Duilleoga
Is cruth triantánach a bhíonn ar na duilleoga ar an mbeith chlúmhach. Bíonn imeall na nduilleog fiaclach. Tá roinnt difríochtaí idir iad agus na duilleoga a bhíonn ar an mbeith gheal. Is iondúil go mbíonn siad níos lú (3-7cm ar fhad don bheith chlúmhach agus 2-5cm don bheith gheal).[5] Tagann an dá thaobh den duilleog le chéile i gcuar chuig bior na duilleoige ar an mbeith gheal – níl an cuar seo chomh feiceálach ar an mbeith chlúmhach. Tá cruth níos ciorclaí ar bhun dhuilleog na beithe clúmhaigh, san áit a thagann an duilleoga agus gas na duilleoige le chéile. Ar an mbeith gheal, tagann an dá thaobh den duilleog anuas díreach go biorach chuig gas na duilleoige. Mar go hibridíonn an dá chrann le chéile, d’fhéadfadh tréithe idir eatarthu a bheith ag duilleoga an chrainn.
Bláthanna
Tá crainnte beithe atá os cionn 10 mbliain d’aois in ann bláthú,[5] aois atá réasúnta óg i gcomparáid le crainnte eile. Is caitíní iad bláthanna na beithe chlúmhaigh, agus bíonn caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tosaíonn na caitíní fireanna ag forbairt sa samhradh, i ngrúpaí de phéire nó trí cinn. Is dath buí nó donn a bhíonn siad agus crochann siad anuas ó ngéag. Scaipeann siad pailin in Earrach na bliana ina dhiaidh, cúpla lá sula n-osclaíonn na caitíní baineanna.
Bíonn na caitíní baineanna níos lú ná na ceanna fireanna agus fásann siad ceartingearach os a gcionn. Pailníonn an ghaoth na caitíní baineanna agus forbraítear toradh (1-4cm) sorcóireach a bhreathnaíonn cosúil le buaircín thar thréimhse an tsamhraidh. Scaipeann gach toradh na céadta samáir – siolta beaga sciathánacha- ag deireadh an tsamhraidh.
Cruthaíonnn duilliúr na beithe ceannbhrat oscailte, éadrom, a scaoileann go leor solais go talamh. Mar gheall ar seo, faightear go leor bláthanna, caonach, agus plandaí eile ag fás i gcoillte beithe.
An Bheith sa tSochaí
Adhmad na Beithe
Tá adhmad crua ag an mbeith agus cuireann an bheith níos mó adhmaid crua ar fáil i dtuaisceart na hEorpa ná aon chrann eile. Cuirtear ag fás go minic é i bhfáschoillte in éineacht leis an bpéine Albanach (Pinus sylvestris) agus sprúsanna éagsúla (Picea spp.).[5] Maraon leis an bhfearnóg (Alnus glutinosa), baintear úsáid as beitheanna chun talamh tréigthe a shaibhriú arís, go hiondúil le gur féidir crainnte eile a chur ina ndiaidh.[5]
Úsáid na Beithe
Tá fianaise ann go raibh adhmad na beithe in úsáid ar feadh na millte bliain. Fritheadh poill le cuaillí faobhraithe beithe ann, a bhí in úsáid mar ghaiste d’ainmhithe, i Yorkshire Shasana. Bhí na cuaillí timpeall 2500 bliain d’aois. Aimsíodh coirt bheithe i Baile an Tuaighe, Co. Aontroma, a bhí chomh sean céanna. D’úsáidtí adhmad na beithe chun crannóga in Albain a dhéanamh freisin.[8]
Bhaintí úsáid as an mbeith chun páirteanna d’innealra a dhéanamh do thionscadal déantúsaíochta an chadáis sa mBreatain.[9] Dhéantaí scuaba as an mbeith san am atá caite[10] – cheanglóidís géaga ón mbeith agus ón bhfraoch le cois adhmaid agus d’úsáidí seo le hurláir cré na dtithe a scuabadh. (675:266) Cé gur mó úsáide a bhaineadar as adhmad na fearnóige (Alnus glutinosa) chun paitíní a dhéanamh in Éirinn, dhéantaí na bróga adhmaid sin as an mbeith freisin iad.
Dhéantaí scáthláin ghaoithe as an mbeith agus as an gcoll (Corylus avellana) le cur in aghaidh tithe le cosaint a thabhairt in aghaidh na gaoithe.[11] Dhéantaí fioghual ar ardchaighdeán as adhmad na beithe. D’úsáidtí an bheith mar fhoinse solais freisin – bhí sé éasca géaga triomaithe beithe a lasadh mar go bhfuil ola san adhmad.[8]
Is féidir tarra a dhéanamh as coirt na beithe ach é a thriomú i dteas ard agus gan mórán aeir a scaoileadh chuige, próiseas ar a dtugtar turdhriogadh. Aimsíodh tarra beithe ar uirlisí clocha i dTuscáin na hIodáile a déanadh le linn na tréimhse Pléisticéineach (185–135,000 bliain ó shin).[12] Dhéantaí an tarra ar fud na hEorpa agus d’úsáidí é go príomha mar ghreamachán.[13] Bhaintí úsáid as coirt na beithe i dtionscail na súdaireachta freisin.[14]
Dár ndóigh bhí úsáid eile ag craobhacha beithe go dtí le gairid, mar is léir ó na tomhaiseanna searbhasacha atá fairsing i mBailiúchán na Scol – “Cén crann is lú a thaitníonn le buachaillí scoile?” agus “Cén crann a fheictear go minic ar scoil?”. Bhaintí úsáid fhorleathan as an tslat le gasúir óga a smachtú.
Sú na Beithe
Tosaíonn an sú i xiléim na beithe (tugann an xiléim uisce agus cothaithigh ó na fréamhacha go dtí na duilleoga) ag gluaiseacht aníos ó fréamhacha an chrainn luath san Earrach. Tarlaíonn an próiseas seo i gcrainnte eile, amhail an mhailp (Acer campestre) agus an seiceamóir (Acer pseudoplatanus). Is féidir an crann a bhearnú agus an sú seo a úscadh ón stoc. Déantar síoróip nó fíon as an sú.[4] Tá mianraí éagsúla sa sú seo – copar, sinc, and mangainéis– atá in ann tionchar dearfach a imirt ar an gcóras imdhíonachta, an córas atáirgthe, agus ar an gcraiceann, an ghruaig, agus na hingne.[15] Go deimhin, tá tagairt i mbailiúchán na scol, ó Chontae Thiobraid Árann, go raibh an sú go maith chun “droch-fhuil” a leigheas.(535:497) D’óltaí sú na beithe in Éirinn agus thar lear freisin chun scorbach a sheachaint, cé nach bhfuiltear cinnte cé chomh fairsing a bhí bearnú na mbeithe á chleachtadh in Éirinn, i gcomparáid le tíortha eile ina raibh sé forleathan.[16] Tá tóir anois ar sú choipthe an bheithe mar phróibhitheach nádúrtha.[17]
Leigheas na Beithe
Is minic a luaitear i mBailiúchán na Scol coirt na beithe mar leigheas ar eachma na craicne. Déantar ceirnín de ar an gcraiceann nó bruitear in uisce é agus óltar an tae sin. Bhaintí úsáid as an mbeith mar chógas ar eachma – agus soiriáis freisin – i dtíortha eile.[18] Déantar amhlaidh in oirthear na hÁise le coirt ó speiceas eile, an bheith bhán Sheapáineach (Betula platyphylla var. Japonica), agus tá sé léirithe go maolaíonn coirt na beithe sin deirmitíteas i luchain.[19] Ní hí an bheith an t-aon phlanda a bhí in úsáid chun breoiteachtaí craicne a leigheas in Éirinn. D’úsáidtí an bearnán lachan (Menyanthes trifoliata), an neantóg (Urtica dioca), agus eibheann (Hedera hibernica), don aidhm seo freisin.(945:139) Mheasctaí na duilleoga le tuirpintín chun scoilteacha a leigheas, (640:382) agus, maraon leis an eachma, feiceann eolaithe go bhfuil duilleoga na beithe in ann limficítí athlastacha (is iad is cúis le airtríteas réamatóideach) a cheansú sa gcorp.[20]
Dhéantaí dathú as an mbeith freisin. Is iondúil gur dath donn a chuirtí ar an olann le coirt na beithe, ach d’fhéadfaí dath dearg a bhaint as sraitheanna den choirt atá níos doimhne istigh sa gcrann.[16]
Is féidir an taobh istigh de choirt na beithe (an fléam) a ithe – déantar arán as sa gCríoch Lochlann. D’ith daoine coirt an bheithe le linn an Ghorta Mhóir in Éirinn.[16]
Béaloideas na Beithe
Bhí an bheith aitheanta mar ghnáthchrann na coille (aithig fhedo) sa bhFéineachas in Éirinn na Meánaoise. Bhí crainnte faoi chosaint ag dlíthe na tíre ag an am agus ghearrtaí pionós de bhó bhainne dá ndéanfaí damáiste de bheith. Seans gur mar ar chaighdeán an adhmaid – nach bhfuil chomh luachmhar le hadhmad na darach, mar shampla – nach n-áirítear an bheith in uaisle na gcoille (airig fedo).[10, 21] Níor déanadh idirdhealú idir an bheith chlúmhach agus an bheith gheal sa gcóras seo. Chuile sheans mar gur tuigeadh go raibh an tábhacht chéanna ag baint leis an dá speiceas, in ainneoin na ndifríochtaí eatarthu, gur áiríodh iad faoi ainm amháin.[10]
Tá roinnt tobair bheannaithe atá luaite i mBailiúchán na Scol ina bhfuil crainnte beithe ag fás ina aice leo. Tá cáil ar thobar amháin, i mBáinseach Thiobrad Árann, atá timpeallaithe ag beitheanna. De réir an tseanchais áitiúil, ní dhóigh adhmad na gcrainnte seo agus ní fhiuchadh uisce an tobair. Is leigheas do ghalracha agus tinnis éagsúla an t-uisce ach é a ól.(575:186)
Tá tobar beannaithe eile i gCo. Liatroma agus crann beithe agus sceach gheal (Crataegus monognya) ag fás in aice láimhe, agus bhí dhá bheith ag fás taobh le tobar i gCo. Chorcaí a raibh leigheas do shúile tinn san uisce. Ní fios an raibh baint ag na crainnte a bhí curtha le taobh na dtoibreacha lena gcumhacht.
Ainm an Chrainn
Maítear go dtagann an focal beith ón bhfocal Gaillise don chrann, betu, agus go bhfuil gaol aige leis an bhfocal bitumen. Dhéantaí tarra as coirt an chrainn atá cosúil le biotúman. Is uaidh seo, de réir na teoirice, a tháinig ainm an ghéinis, Betula. Ach níl cinnteacht faoi seo, mar dhéantaí tarra as crainnte eile freisin, go háirithe an péine (Pinus spp.).[22]
Ceaptar gur ón bhfocal Sanscraite bhurja, a chiallaíonn crann le coirt gur féidir scríobh air, a tháinig ainmneacha na beithe i dteangacha éagsúla eile (birch i mBéarla, Birke i nGearmáinis, Bjork in Ioruais).[4]
Logainmneacha
Tá ainm an chrainn seo le feiceáil i logainmneacha éagsúla ar fud na tíre – Gleann Beithe i gCiarraí agus Achadh Bheithe i gCo. Fhear Manach ina measc. Tá Doire Bheithe (Doire Bheathach[23]) i gCo. Longfoirt agus Díseart Beitheach i gCo. Laoise. Scaití faightear leagan firinscneach den ainm sna logainmeacha, mar shampla Gleann an Bheithe i dTír Chonaill, Gort an Bheithe i gCo. an Chláir, agus Coill an Bheithe i gCo. Fhear Manach. Uaireanta eile, is leagan baininscneach a bhíonn luaite le háit, mar shampla Bealach na Beithe, Co. Liatroma. Ar deiridh, tá Tír na Scuab i gCo. Ard Mhacha, as a dtáinig na scuaba beithe, is cosúil.[23]
Tagairtí
1.Hall, V., The history of Irish forests since the Ice Age. Irish Forestry, 1997.
2.Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3.Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
4.Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
5.Beck, P., et al., Betula pendula, Betula pubescens and other birches in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
6.Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
7.Christita, M., A. Auzane, and K. Overmyer, Chapter 5 – Witches’ broom disease of birch, in Forest Microbiology, F.O. Asiegbu and A. Kovalchuk, Editors. 2023, Academic Press. p. 121-136.
8.Lines, R., Man’s use of birch—past and present. Proceedings of the Royal Society of Edinburgh, Section B: Biological Sciences, 1984. 85(1-2): p. 203-213.
9.WALSH, G.E., MAINE’S WOOD NOVELTY MILLS. Scientific American, 1902. 87(17): p. 269-269.
10.Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
11.Mac Coitir, N., The vernacular uses of Irish wood. Irish Forestry, 2022. 77(1&2): p. 94-105.
12.Mazza, P.P.A., et al., A new Palaeolithic discovery: tar-hafted stone tools in a European Mid-Pleistocene bone-bearing bed. Journal of Archaeological Science, 2006. 33(9): p. 1310-1318.
13.Stacey, R.J., et al., Birch bark tar in early Medieval England – Continuity of tradition or technological revival? Journal of Archaeological Science: Reports, 2020. 29: p. 102118.
14.Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
15.Staniszewski, P., et al., The effect of tree age, daily sap volume and date of sap collection on the content of minerals and heavy metals in silver birch (Betula pendula Roth) tree sap. PLoS One, 2020. 15(12): p. e0244435.
16.Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
17.Grabek-Lejko, D., et al., The bioactive and mineral compounds in birch sap collected in different types of habitats. Baltic Forestry, 2017. 23(2): p. 394-401.
18.Shaw, K., et al., The red list of Betulaceae. 2015.
19.Kim, E.-C., et al., The bark of Betula platyphylla var. japonica inhibits the development of atopic dermatitis-like skin lesions in NC/Nga mice. Journal of ethnopharmacology, 2008. 116(2): p. 270-278.
20.Gründemann, C., et al., An aqueous birch leaf extract of Betula pendula inhibits the growth and cell division of inflammatory lymphocytes. J Ethnopharmacol, 2011. 136(3): p. 444-51.
21.Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
22.Quentel, G., The origins of tree names in Celtic. Studia Celtica Posnaniensia, 2018(3): p. 33-46.
23.Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.