Téarmaí Gaolmhara: Beitheach/Beitheachán/Doire bheithe (áit ina bhfuil beitheanna ag fás)
Béarla: Silver Birch; Warty Birch; European White Birch
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Crann géagach, duillsilteach.
- Duilleoga beaga, triantánacha.
- Caitíní mar bhláthanna.
Réamhrá
Bhí na beitheanna i measc na gcéad chrainnte a tháinig go hÉirinn tar éis an oighrithe dheiridh. Léiríonn taifid pailine ón am sin gur scaip beitheanna go tapaidh ar fud an oileáin ag tús na tréimhse Holaicéineach.[1] Tá dhá speiceas dúchasach in Éirinn, an bheith gheal (Betula pendula) agus an bheith chlúmhach (Betula pubescens). Cé go bhfuil an bheith gheal an-coitianta in Éirinn, níl sí chomh fairsing leis an mbeith chlúmhach ar an gcósta thiar agus thuaidh.[2] Ní iondúil go bhfásann an bheith gheal níos airde ná 400m, ach fásann an bheith chlúmhach go beagnach 1km.[2]
Cosúil le crainnte téiscleime eile, fásann an bheith gheal in ithir bhocht, aigéadach.[3] Ní fheileann talamh fhliuch bheith gheal mar a bhfeileann an bheith chlúmhach. Is minic go nglacann beitheanna seilbh ar thalamh bhriste agus tréigthe. Tá tréithe ag beitheanna a chuidíonn leo greim a fháil ar thalamh lom — fásann siad go tapaigh, tá crann amháin in ann na mílte síol a scaipeadh, agus péacann siad go héasca. Anuas ar sin, tá crainnte atá 10 mbliana d’aois in ann crainnte nua a shíolrú. Bíonn beitheanna ag brath go mór ar sholas na gréine agus ní éiríonn go maith leo nuair a bhíonn orthu dul gcomórtas le crainnte eile amhail an dair chun an solas sin a fháil.
Cuma an Chrainn
Is crann éadrom, oscailte í. Bíonn cuma dhíreach, chónach ag crainnte óga, ach leathann barr an chrainn amach de bheagán le haois. Bíonn cuma ar ghéaga na beithe gile go sleabhcann siad anuas, le hais géaga na beithe clúmhaí, atá iompaithe suas. Is uaidh seo a tháinig pendula, a chiallaíonn ‘cromtha‘ nó ‘crochta’, san ainm eolaíoch. Is níos airde a fhásann an bheith gheal ná an bheith chlúmhach – tá an bheith gheal in ann 30m in airde a bhaint amach, ach ní minic a fheictear crainnte níos airde ná 20m.
Coirt na Beithe Gile
Is dath donndearg a bhíonn ar choirt na gcrainnte óga, ach tagann an dath geal nó bán ar an gcoirt i gcrainnte níos sine. Tagann cruthanna dorcha i bhfoirm diamainte ar íochtar an stoic i gcrainnte aibí. Dath donndearg freisin a bhíonn ar ghéaga óga an chrainn. Ní bhíonn ribí gruaige ar ghéaga na beithe gile (tá na géaga clúmhacha ag an mbeith chlúmhach), agus bíonn faireoga bána ar na géaga. Is mar gheall ar na faireoga seo a fhaigheann an crann an t-ainm Warty Birch i mBéarla.
Tá údar maith go bhfuil coirt na beithe gile bán. Cinntíonn tréithe frithchaitheacha na coirte báine nach n-éiríonn an crann ró-the ag solas na gréine sa ngeimhreadh. Mar go dtiteann an teocht chomh mór sin san oíche sa chuid thuaidh de réimse dúchasach na beithe, ní bheadh an crann in ann ag raon mór teochtaí murach dath geal na coirte.
Duilleoga
Is bachlóg beaga ubhacha a bhíonn ar na géaga. Osclaíonn na duilleoga ag tús an tsamhraidh. Bíonn dath glas lonrach ar thaobh uachtair na nduilleog, agus dath níos éadroime in íochtar. Tagann dath buí orthu sa bhfómhar sula dtiteann siad. Bíonn na duilleoga níos mó ná duilleoga na beithe clúmhaí. Is cruth triantánach a bhíonn orthu, le bior suntasach ag barr na duilleoige. Bíonn imeall na nduilleog défhiaclach (bíonn dhá shraith fiacla orthu, ceanna beaga agus ceanna móra) – ní iondúil go mbíonn an tréith seo ar dhuilleoga na beithe clúmhaí.
Bláthanna agus Torthaí
Maraon leis an mbeith chlúmhach, is caitíní iad na bláthanna baineanna (a bhíonn gearr agus glas) agus fireanna (a bhíonn fada agus buí). Osclaíonn siad idir Aibreán agus Bealtaine agus scaipeann an ghaoth an phailin ón gcaitín fireann go dtí an ceann baineann. Tar éis dóibh pailniú, ataíonn na caitíní baineanna agus forbraítear toradh an chrainn thar thréimhse an tsamhraidh. Scaoiltear na samáir (síolta sciathánacha) ón toradh aibí – a bhreathnaíonn cosúil le buaircín sorcóireach – ag deireadh an tsamhraidh.
Úsáid na Beithe Gile
Is í an chomhdhúil betulin a thugann an dath bán do choirt na beithe gile. Tá sé ar cheann de na chéad substaintí nádúrtha a eascraíodh ó phlandaí. Is é Johann Tobias Lowitz, ceimiceoir ón Ghearmáin, a rinne seo in 1788.[4] Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithailse agus frith-athlastacha ag betulin, agus ceaptar go mbeadh sé éifeachtach le cóir a chur ar shiada athlastacha.[5]
Is í an bheith gheal is mó atá anois ag fás ar thalamh talmhaíochta tréigthe in oirthear na hEorpa agus sa Rúis. In ainneoin nach bhfástar bia ar an talamh níos mó, is stór carbóin mór iad na crainnte beithe atá anois ag fás iontu. Tugtar ceapadh carbóin ar an gcaoi a shúnn crainnte dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar le stóráil sa bplanda, agus is léiriú é seo ar ról tábhachtach na gcrainnte i ré nua an athrú aeráide.[6]
Tá an-éileamh ar an mbeith gheal mar chrann ornáide agus crann cathrach mar gheall ar chuma ghalánta an chrainn. Faightear an bheith gheal sa bhfiántas in Éirinn go minic ag fás ar bhruacha clochacha locha, ar imill phortaithe ardaithe, agus i gcoillte.[7]
Tá níos mó eolais faoi úsáid na mbeitheanna ar leathanach na beithe clúmhaí.
Tagairtí
1. Hall, V., The history of Irish forests since the Ice Age. Irish Forestry, 1997.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
4. Król, S.K., et al., Comprehensive review on betulin as a potent anticancer agent. Biomed Res Int, 2015. 2015: p. 584189.
5. Tuli, H.S., et al., Anti-Inflammatory and Anticancer Properties of Birch Bark-Derived Betulin: Recent Developments. Plants, 2021. 10(12): p. 2663.
6. Fedorov, N., et al., Estimation of Carbon Stocks of Birch Forests on Abandoned Arable Lands in the Cis-Ural Using Unmanned Aerial Vehicle-Mounted LiDAR Camera. Forests, 2023. 14(12): p. 2392.