You are currently viewing  An Fhearnóg Liath <br><span style='font-size:16px;'>Alnus incana</span>

An Fhearnóg Liath
Alnus incana

Dath Bláth:
Cineál Planda: , , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: , , , ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:

Béarla: Grey Alder, Speckled Alder

Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Crann duillsilteach a bhíonn cosúil leis an bhfearnóg choiteann (Alnus glutinosa)
  • Duilleoga ubhacha, le bior ar bharr gach duilleog.
  • Fanann na torthaí feoite ar an gcraobh sa ngeimhreadh.

An fhearnóg liath curtha i bpáirc.

Réamhrá

Tá an fhearnóg neamhdhúchasach seo níos coitianta in Éirinn ná mar atá an fhearnóg Iodálach (Alnus cordata). Tá an crann dúchasach ar mhór-roinn na hEorpa, ó nGearmáin agus an bhFrainc, soir chomh fada le Sléibhte na hÚraile, ó thuaidh chomh fada le tuaisceart Chríoch Lochlainn.

Cé gur tugadh isteach sa mBreatain é in 1780, is in 1922 atá an chéad taifead de chrann fiáin den chineál seo sa mBreatain.[1] Fásann sé ar thalamh fhliuch, cosúil leis an fhearnóg choiteann (Alnus glutinosa) agus ar thalamh tirim, cosúil leis an bhfearnóg Iodálach. Síolraíonn sé in Éirinn agus scaipeann sé lena chuid meathán freisin, rud nach ndéanann an dá fhearnóg coitianta eile.

Duilleog ubhach na fearnóige liath. Tá barr na duilleoige biorach.
Duilleog ciorclach na fearnóige coitinne. Tá eang ar bharr na duilleoige.

Cur Síos

Tá an fhearnóg liath in ann 20m nó mar sin in airde a bhaint amach nuair a fheileann na coinníollacha di. Bíonn géaga óga an chrainn clúmhach.

Is cosúil lena chéile iad bachlóga, géaga, torthaí, agus caitíní na fearnóige liath agus na fearnóige coitinne. Bíonn sé deacair, mar sin, idirdhealú a dhéanamh idir an dá speiceas sa ngeimhreadh. Bíonn, scaití, difríocht i gcuma na coirte. Is dromchla mín a bhíonn ar choirt liath na fearnóige liath, fiú ar choirt na gcrainnte atá níos sine.[2]

Ach is sna duilleoga a fheictear an difríocht is mó idir an dá speiceas d’fhearnóg. Is cruth ubhach a bhíonn ar dhuilleoga na fearnóige liath (bíonn duilleoga na fearnóige coitinne piorrach nó ciorclach) agus bíonn barr na duilleoige biorrach.[3] Bíonn ribí gruaige dath liath ar thaobh íochtair na nduilleog (ciallaíonn incana liath sa Laidin).

Osclaíonn na caitíní níos luaithe ar an bhfearnóg liath ná mar a dhéanann ar an bhfearnóg coiteann.[2]

Caitíní fireanna na fearnóige liath ag forbairt ar an ngéag sa bhfómhar.

Fosú Nítrigine

Saibhríonn fearnóga an talamh ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéir Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige.[4] Súnn an baictéir seo nítrigin ón aer agus stóráiltear sna nóidíní é — acmhainn thábhachtach gur féidir leis an gcrann leas a bhaint as agus é ag fás. Is mar gheall ar an tréith seo gur crainnte téisclime iad na fearnóga — tá said in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaithigh. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéir mar chúiteamh na hoibre seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidrimh siombóiseach seo idir an dá orgánach.

Úsáid na Fearnóige Liath

Ní adhmad luachmhar atá ag an bhfearnóg liath, agus is mar adhmad tine is mó a úsáidtear é. Tá féidearthachtaí go mbainfear úsáid níos mó as amach anseo mar bhithmais, mar go bhfásann an crann chomh tapaidh. [5]

Tá an fhearnóg liath agus an fhearnóg choiteann in ann fás i gcréafóg atá truaillithe ag miotail éagsúla.[6] Baintear leas as gan crann seo, in éineacht leis an bhfearnóg choiteann, chun talamh a bhí curtha ó mhaith, ar chúiseanna éagsúla, a mhíntíriú. Mar shampla, cuirtear fearnóga ar thalamh a bhí in úsáid mar láithreán dramhaíola dó guail,[7] nó ar thalamh a bhí loiscthe ag tinte foraoise.[8] Saibhríonn fréamhacha an chrainn an chréafóg le nítrigin de réir a chéile.

Íomhánna Eile

Tagairtí

1.   Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

2.  Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

3.  Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

4.  Bond, G., Evidence for fixation of nitrogen by root nodules of alder (Alnus) under field conditions. The New Phytologist, 1956. 55(2): p. 147-153.

5.  Aosaar, J., M. Varik, and V. Uri, Biomass production potential of grey alder (Alnus incana (L.) Moench.) in Scandinavia and Eastern Europe: A review. Biomass and Bioenergy, 2012. 45: p. 11-26.

6.  Lorenc-Plucińska, G., M. Walentynowicz, and A. Niewiadomska, Capabilities of alders (Alnus incana and A. glutinosa) to grow in metal-contaminated soil. Ecological Engineering, 2013. 58: p. 214-227.

7.  Pietrzykowski, M., et al., Reclamation of a lignite combustion waste disposal site with alders (Alnus sp.): assessment of tree growth and nutrient status within 10 years of the experiment. Environmental Science and Pollution Research, 2018. 25: p. 17091-17099.

8.  Bielińska, E.J. and A. Mocek-Płóciniak, The influence of the method of reclamation and selection of tree species for afforestation on changes in landscape degraded by fire. Archives of Environmental Protection, 2009: p. 105-113-105-113.