You are currently viewing  Péine Monterey <br><span style='font-size:16px;'>Pinus radiata</span>

Péine Monterey
Pinus radiata

Cineál Planda: ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Stádas:

Béarla: Monterey Pine, Insignis Pine, Radiata Pine

Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Buaircíneach síorghlas
  • Spíonlaigh ag fás i ngrúpaí de 3
  • Buaircíní móra, neamhshiméadracha
  • Déanann siad crann mór, ard ar chósta na hÉireann

Réamhrá

Is buaircíneach síorghlas é Péine Monterey atá go mór in oiriúint d’aeráid na hÉireann. Tá sé ar cheann de bheagán crann péine 3-spíonlach atá coitianta an an oileán. Cé go bhfuil a réimse dúchais an-teoranta, níl aon phéine sa domhan atá curtha níos forleithne ná péine Monterey.[1]  Éiríonn go maith leis in aeráidí le taiseacht ard, teocht íseal, agus neart ceo. Tá an péine seo níos fearr in ann ag gaoithe cósta ná aon chrann péine eile, agus tá an crann in ann ag sáile na farraige freisin.[2] Ní léir go gcuireann an sioc as don chrann ach an oiread, murar sioc chrua í.[3]  Ar na cúiseanna seo, is an-chompordach a bhíonn sé ag fás in Éirinn, go háirithe iarthar na hÉireann, áit a dhéanann sé crann mór. As an 64 péine Monterey is mó in Éirinn agus sa mBreatain, is in Éirinn atá 12 acu.[4] Éiríonn go maith leis an gcrann sa Spáinn agus sa bPortaingéil freisin – áit a fhásann sé níos tapúla ná na crainn phéine dhúchasacha,[5] agus tá an crann fairsing freisin i Meiriceá Theas.

Is an-bheag atá réimse dúchais phéine Monterey. Cuimsíonn sé an ceantar timpeall ar Monterey, ar chósta Chalifornia, agus cúpla oileán san Aigéan Ciúin amach ó chósta Mheicsiceo.[6] Maraon le cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa), crann eile atá dúchasach sa gceantar sin, bhí a réimse dúchais i bhfad níos fairsinge tráth, ach de réir mar a d’éirigh an aeráid ansin níos tirime, laghdaigh a réimse dúchais go dtí an chuid sin den chósta atá fós tais mar gheall ar an gceo a thagann isteach ón bhfarraige.[3] Tá sé chomh mór sin in oiriúint do cheantar cósta nach fhásann an crann go nádúrtha níos mó ná 1km ón bhfarraige.[1] Tá sé amhlaidh i gConamara, ceantar atá breac leis an gcrann. In áiteanna, titeann buaircíní an chrainn ar charraigeacha an chósta, tá siad chomh gar sin den fharraige.

Deirtear gurb  é Thomas Coulter an chéad Eorpach a rinne taifead eolaíoch den péine Monterey, i Monterey, in 1830,[1] cé go luaitear an luibheolaí David Douglas leis seo freisin.[2] Cibé acu a chonaic ar dtús é, sheol an bheirt acu síolta abhaile go Sasana in 1833.[7]

Cuma an Chrainn

Déanann péine Monterey crann mór, leathan, ard in Éirinn. Tá ceann ag fás i Mucros, Contae Chiarraí, atá 45m ard agus beagnach 5m timpeall an stoic.[3] D’fhéadfadh stoc an chrainn a bheith casta nó díreach, ach is iondúil go mbíonn an stoc an-tiubh. Bíonn barr an chrainn óg cónach, ach leathann sé amach le haois. Bíonn dath deargdhonn ar choirt an chrainn agus tagann scoilteacha domhain air le haois.

Fásann na duilleoga glasa (bíonn siad níos gile ná spíonlaigh an phéine Albanaigh) i mbraislí de trí spíonlach (cé go bhfásann na spíonlaigh i bpéirí ar an gcineál Pinus radiata fosp. binata). Bíonn na spíonlaigh fada, 9-15 cm ar fhad, agus casta de bheagáinín. Ní bhíonn na spíonlaigh biorach—bíonn an barr maol. Tugann sé seo, anuas ar an spíonlach breise, cuma éadrom, bhog, chleiteach do dhuilliúr an chrainn, i gcomparáid le leithéidí an phéine Albanaigh nó an péine contórtach.

Bláthanna agus Buaircíní

Amhail na crainn phéine eile, tá péine Monterey moinéiciach—bíonn cóin bhaineanna agus fhireanna ar an gcrann céanna. Tagann na cóin seo ar an gcrann ag deireadh an gheimhridh agus tús an earraigh. Tagann na buaircíní chun aibíochta sa bhfómhar, bliain tar éis do na cóin bhaineanna pailniú. Bíonn idir 120-200 síol i ngach buaircín. Tugadh Pinus radiata ar an bpéine mar go bhfuil pátrún rianaíochta shuntasach ar scálaí na mbuaircíní.

Ní osclóidh buaircíní phéine Monterey ach nuair a bhíonn siad te. Cabhraíonn loscadh leo oscailt ina gceantar dúchais, ach ní gá go mbeadh an teocht atá ag teastáil le go n-osclóidh siad chomh te le tine. De réir turgnaimh a déanadh ar bhuaircíní sa Nua Shéalainn, feiceadh gur oscail buaircíní an phéine nuair a bhí teocht an aeir faoi bhun 30oC, agus i gcásanna áirithe faoi bhun 25oC.[8] Cé nach minic a fhaightear an teocht sin ar chósta na hÉireann, léiríonn sé go bhfuil ar chuma an phéine síolta a scaipeadh in aeráid mheasartha na tíre seo.

Fanann na buaircíní ar an gcrann ar feadh roinnt mhaith blianta, agus d’fhéadfadh siad oscailt agus dúnadh roinnt uaireanta.[1] Itheann mamaigh agus éin na síolta. Péacann na síolta má thiteann siad ar ithir mhianrach gan mórán fásra. Bíonn solas na gréine ag teastáil uaidh na síológa freisin, agus is minic go bhfaigheann an crann na coinníollacha seo ina cheantar dúchais tar éis loiscthe.

Úsáid an Phéine

Is iondúil go gcuirtear an crann i bpáirceanna agus in eastáit, mar go bhfuil an duilliúr tarraingteach agus mar go bhfásann sé go tapaigh.[1] Cuirtear an péine seo sa mBreatain, go háirithe i ndeisceart Shasana, mar chrios foscaidh.[7] Tá adhmad phéine Monterey éadrom agus bog, agus baintear úsáid as mar chuaillí, mar fhálú, agus chun sraithadhmad agus cláir cáithníneacha a dhéanamh.  Baintear úsáid as freisin mar chrann Nollag sna tíortha sin ina bhfuil an crann curtha go forleathan, ina measc an Nua Shéalainn agus an Astráil.

Tugadh isteach go dtí an Nua Shéalainn an péine sna 1850aí áit ar cuireadh ar dtús é mar chrann foscaidh, sular cuireadh fáschoillte foraoiseachta de. Cuimsíonn fáschoillte den phéine Monterey 1.6 milliúin ha anois sa Nua Shéalainn—90% de na foraoisí atá curtha. Táirgeann an speiceas formhór an ábhar adhmaid sa tír sin, agus cuimsíonn earnáil an phéine 3% de GDP na tíre. Tá tionscadal na foraoiseacht i Nua Shéalainn ag braith beagnach go hiomlán ar an gcineál seo péine.[9] Tá an crann nádúraithe agus ag scaipeadh ansin anois. Lasmuigh den Nua Shéalainn is sa tSile (1.5 milliún ha), agus san Astráil (0.77 milliún ha) atá na fáschoillte is mó den chrann seo.[9]

Cé go bhfuil an péine seo curtha go forleathan sna tíortha seo, níl sé fairsing i bhfáschoillte foraoiseachta na hÉireann mar atá an péine contórtach (Pinus contorta). Ach maítear go bhfuil acmhainn i bpéine Monterey mar chrann foraoiseachta in Éirinn amach anseo. Léirigh trialacha a déanadh ar chineálacha éagsúla sna 1970aí go bhfuil an fospeiceas a thagann ó oileán Guadaloupe, amach ó chósta Mheicsiceo, ar an bpéine is mó poitéinsil in Éirinn.[3] Is níos feiliúnaí fós a bheas an tír d’fháschoillte den chineál chrann seo má leantar leis na treochtaí athraithe aeráide.


Tagairtí

1. McDonald, P.M. and R.J. Laacke, Pinus radiata D. Don, Monterey pine. Silvics of North America, 1990. 1: p. 433-441.

2. Elwes, H.J. and A. Henry, The Trees of Great Britain and Ireland. Vol. 7. 1910, Dún Éideann.

3. Fennessy, J., Monterey pine-a possible alternative species for commercial forestry in Ireland. Irish Forestry, 2017. 74.

4. Mitchell, A.F., Conifers in the British Isles: a descriptive handbook. 1972, Londain: H.M. Stationery Office.

5. Clapp, R.A., The Unnatural History of the Monterey Pine. Geographical Review, 1995. 85(1): p. 1-19.

6. Millar, C.I., Reconsidering the conservation of Monterey pine. Fremontia, 1998. 26(3): p. 12-16.

7. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

8. Wyse, S.V., J.E. Brown, and P.E. Hulme, Seed release by a serotinous pine in the absence of fire: implications for invasion into temperate regions. AoB Plants, 2019. 11(6): p. plz077.

9. Bellingham, P., et al., The right tree in the right place? A major economic tree species poses major ecological threats. Biological Invasions, 2023. 25(1): p. 39-60.