Ainmneacha Eile: Damhchuing[1]
Béarla: Hornbeam
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Crann duillsilteach a bhreathnaíonn cosúil leis an bhfeá (Fagus sylvatica)
- Dromchla rocach le féitheacha ar na duilleoga
- Fanann na duilleoga feoite ar an gcrann sa ngeimhreadh
Réamhrá
Is ón bhFrainc go dtí an Úcráin, agus ó dheas go dtí an Tuirc, ceantar dúchais an chrann sleamhain, cé go bhfuiltear ag tuar go laghdóidh an réimse sin mar thionchar ar éigeandáil an athraithe aeráide.[2] Ach táthar ag ceapadh freisin go leathnóidh an crann seo amach níos faide ó thuaidh sna blianta atá amach romhainn, mar gur léir go bhfuil an crann in ann ag na teochta níos airde atá tuartha mar gheall ar an éigeandáil chéanna.[3] Fásann an crann sleamhain go nádúrtha ina cheantar dúchais in éineacht leis an dair ghallda (Quercus robur). Is iomaitheoir láidir é an crann. Má bhíonn an talamh sách saibhir agus le foscadh réasúnta, gheobhaidh an crann sleamhain an ceann is fearr ar gach speiceas eile de chrann, seachas an dair agus an fheá (Fagus sylvatica).[4] Tá an straitéis éiceolaíochta seo le feiceáil i bhforaois Bialowieza sa Pholainn, an t-iarsma is mó den fhorais chianaosta a chlúdaigh Mór-Roinn na hEorpa fadó,[4] agus áit a bhfuil an crann sleamhain ar an gcrann is coitianta ann.
Stádas Dúchasach an Chrainn Sleamhain in Éirinn
Cé go bhfuil pailin ón gcrann sleamhain aimsithe sa taifead pailine ón tréimhse sular tháinig daoine go hÉirinn, ceapadh gur ón ngaoth a tháinig an phailin, thar farraige, agus glacadh leis nár tháinig an crann sleamhain go hÉirinn sular tháinig na chéad daoine ar an oileán. Ach ní gach luibheolaí atá ar aon intinn leis seo, agus maítear gur féidir anois cás a dhéanamh go bhfuil an crann sleamhain dúchasach in Éirinn:
…consistent occurrence in pollen records…can likely not be explained by random pollen deposition due to contamination or long-distance transport from Great Britain…Tilia and Carpinus appear to have established on the island as early as the Boreal period….as Tilia and Carpinus were present before the advent of Neolithic farming, these taxa should be categorized as being native to Ireland. However, this classification assumes that Mesolithic hunter–gatherers present in Ireland during the early and mid-Holocene did not significantly influence the indigenous woodland despite introducing resources such as large mammals.[5]
Léiríonn sé seo go bhfuil éiginnteacht mhór fós ann faoi na crainnte a bhí ag fás in Éirinn sular tháinig na chéad daoine. Beag beann ar stádas dúchasach an chrainn seo, is cosúil go bhfuil an crann sleamhain nádúraithe in Éirinn anois.[6]
Táthar níos cinnte go bhfuil an crann seo dúchasach sa mBreatain – cé nach bhfuil sé ann ach ar feadh 5000 bliain.[4] Fásann sé go maith in gcré throm oirdheisceart na Breataine, ach níl sé éasca réimse dúchasach an crann sleamhain aithint sa mBreatain mar gur cuireadh go forleathan é. In Éirinn, tá an crann anois níos fairsinge in oirthear, oir-thuaisceart, agus oir-dheisceart na tíre.[7] Ní crann é a bhí curtha go fairsing in Éirinn – chuimsigh sé 0.3% de na crainnte go léir a cuireadh i gCo. Doire idir 1768 agus 1911.[8]
Cur Síos ar an gCrann Sleamhain
Is cosúil leis an bhfeá atá an crann sleamhain, cé nach ndéanann sé crann baileach chomh mór. Is iondúil go mbaineann sé 15-25m in airde amach, cé go bhfuil crann i gCo. Chill Mantáin atá atá 34m ard.[9] Is cosúil le coirt na feá atá coirt an chrainn sleamhain. Bíonn dath geal liath air, ach níl sé chomh mín leis an bhfeá. Bíonn na géaga beagán clúmhach. Is cosúil le bachlóga na feá freisin atá bachlóga an chrainn sleamhain. Bíonn siad fada agus biorach, agus bíonn siad brúite in aghaidh an ghais.
Duilleoga ubhchruthacha le barr biorach agus dromchla rocach a bhíonn ar an gcrann sleamhain (bíonn duilleog na feá níos mó agus bíonn dromchla mín air). Bíonn imeall na duilleoige fiaclach – is corrach a bhíonn imeall dhuilleoga na feá. Tagann dath órga agus oráiste ar na duilleoga sa bhfómhar[4] agus, maraon leis an bhfeá, fanann na duilleoga feoite ar an gcraobh i gcaitheamh an gheimhridh.
Tá an crann sleamhain moinéiciach, agus is caitíní iad na bláthanna a thagann amach in Aibreán agus Bealtaine. Déanann an ghaoth na bláthanna baineanna a phailniú. Is cnó beag an toradh, clúdaithe le bracht nó crotal maothánach. Tá sciatháin ar an síol a chabhraíonn leis scaipeadh sa ngaoth.
Is tearmann sa ngeimhreadh an crann sleamhain do mhamaigh agus d’éin mar go bhfanann na duilleoige feoite ar an gcrann. Itheann meantáin agus glasáin na síolta. Cosúil leis an mbeith, faightear scuaba caillí ar an gcrann sleamhain. I gcás an chrainn sleamhain, is é an fungas Taphrina carpini is cúis leis, seachas an Taphrina betulina a bhíonn ar an mbeith.
Úsáid an Chrainn Sleamhain
Tá adhmad geal an chrainn sleamhain ar an adhmad is cruaite sa Eoraip. Is hornbeam atá air i mBéarla mar gur maíodh go raibh sé chomh crua le hadharc (tá an fréamh céanna ag beam agus an focal Gearmánach Baum, a chiallaíonn crann).[8] Cé nach bhfuil sé feiliúnach mar adhmad tógála mar go freangann sé go héasca,[10] is iomaí ábhar a dhéantaí as adhmad crua an chrainn sleamhain – scriúnna adhmaid, cog-wheels, agus páirteanna do phianónna ina measc. D’úsáidí é san am atá caite chun carbaid na Rómhánaigh a dhéanamh. Dhéantaí uaracha do dhamhra as adhmad an chrainn seo freisin.[11] Úsáidtear adhmad an chrainn sleamhain anois mar ábhar urláir agus chun troscán a dhéanamh.
Dhéantaí an crann a bhunscoitheadh agus is í adhmad an chrainn sleamhain príomh-bhreosla Londain go dtí lár an 20ú aois. Is iomaí roschoill tréigthe atá le feiceáil anois timpeall ar chathair Londain.[4]
Cuirtear mar chrann ornáide é, agus is crann coitianta i bhfálta é freisin. Is minic go mbíonn an crann barrscoite, agus is iad crainnte sleamhain barrscoite a fhástar mar fhál ‘ar chosa’, nós a bhí agus atá fós á chleachtadh sna heastáit mhóra sa mBreatain agus in Éirinn.[12] Tá saothróg cheartingearach den chrann sleamhain curtha go minic anois i gceantair uirbeacha.
Ní mórán béaloidis atá faoin gcrann seo in Éirinn ná sa mBreatain, ach tá go leor seanchais faoin gcrann sleamhain ar Mhór-roinn na hEorpa. Is ón bhfocal sanscrít kar, a chiallaíonn crua, a thagann Carpinus agus tugadh betulus air mar ar chosúlachtaí idir an crann seo agus an bheith (Betula spp.).[11]
Tagairtí
1. Uí Chonchubhair, M., Crainn agus Toir- cur síos cuimsitheach ar chrainn agus ar thoir in Éirinn. 2024, Daingean Uí Chúis: Dingle Publishing.
2. Varol, T., et al., The Effects of Climate Change Scenarios on Carpinus betulus and Carpinus orientalis in Europe. Water, Air, & Soil Pollution, 2022. 233(2): p. 45.
3. Gülçin, D., E.S. Arslan, and Ö.K. Örücü, Effects of climate change on the ecological niche of common hornbeam (Carpinus betulus L.). Ecological Informatics, 2021. 66: p. 101478.
4. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
5. Stolze, S. and T. Monecke, Holocene history of ‘non-native’ trees in Ireland. Review of Palaeobotany and Palynology, 2017. 244: p. 347-355.
6. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
7. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
8. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
9. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
10. Pinchevska, O., et al., Properties of hornbeam (Carpinus betulus) wood thermally treated under different conditions. Acta Facultatis Xylologiae Zvolen res Publica Slovaca, 2019. 61(2): p. 25-39.
11. Christy, M., The Hornbeam (Carpinus Betulus L.) In Britain. Journal of Ecology, 1924. 12(1): p. 39-94.
12. Carolina, Ş., et al., English modern gardens. JOURNAL of Horticulture, Forestry and Biotechnology, 2011. 15(4): p. 73-76.