Ainmneacha Eile: Crann Iubhair, Eo
Béarla: Yew, Common Yew, English Yew, European Yew
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Buaircíneach síorghlas.
- Duilleoga dorcha, spíonlacha.
- Torthaí dearga, feolmhara.
Réamhrá
Is buaircíneach síorghlas dúchasach é an t-iúr a fhásann ar fud na hEorpa, soir go dtí an Iaráin agus ó dheas chomh fada le tuaisceart na hAfraice.[1] Ach ní cosúil le buaircíneacha eile atá an t-iúr – ní buaircíní adhmadacha iad torthaí an chrainn, ní crann roisíneach é, agus glacann sé go fonnmhar le bunscoitheadh.[2]
In Éirinn, fásann an t-iúr ar fud na tíre, cé nach bhfuil sé chomh coitianta ar chósta an iarthair agus an iarthuaiscirt.[3] Ba léir go raibh an t-iúr níos fairsinge fadó ná mar atá anois – dar leis an manach Breatnach, Giraldus Cambrensis (c.1146 – c.1223) bhí an t-iúr níos coitianta in Éirinn ná in aon tír eile a thug sé cuairt air. Thug an manach suntas den méid crainnte ársa a bhí curtha i sean-reiligeacha agus in áiteanna beannaithe.[4]
Aois an Iúir
Fásann an t-iúr go mall, agus tá sé ar cheann de na crainnte is fadsaolaigh in Éirinn. Meastar go bhfuil iúr i Loch Garman idir 800 agus 1200 bliain d’aois[5] agus ceaptar go bhfuil iúr Fortingall, i bPerthshire na hAlban, idir 3000 agus 4000 bliain d’aois.[6] Maítear gurb é an planda is sine san Eoraip.[7] Bíonn sé deacair aois chruinn a chur ar iúir mar go loghann a gcroí-adhmad – a úsáidtear le aois crainnte a mheas – nuair a éiríonn siad an-sean. Leathann craobhacha an iúr amach ón stoc, agus nuair a bhuaileann siad an talamh cuireann na géaga rútaí nua síos sa gcréafóg. Ar an gcaoi seo, scaití fágtar fáinne de chrainnte iúir nuair a loghanna an bhunchrann sa lár.[8]
Cuma an Chrainn
25m ar airde atá an t-iúr is airde in Éirinn,[9] ach is minic nach mbíonn siad níos mó ná 20m ar airde. Dath donn nó dearghdonn a bhíonn ar choirt an iúir, ag brath ar aois na coirte. Scamhann an choirt ón gcrann, rud a thugtar cuma bhreac ar stoc an chrainn.[1] Is minic don iúr a bheith ilstocach. Bíonn fréamhacha an iúir fairsing agus éadomhain.[2]
Duilleoga an Iúir
Is ar nós spíonlacha tiubha iad duilleoga an iúir. Dath glas dorcha a bhíonn ar uachtar na spíonlacha, agus dath liathghlas a bhíonn taobh íochtair na nduilleog. Fásann siad i dhá ró ar chaon taobh den chraobh, agus is i gcruth bíseach a bhíonn na spíonlacha ar deireadh na géige.
Bláthanna agus Torthaí
Tá an iúr dé-éiciach – fásann bláthanna (tugtar cóin orthu) fireanna agus baineanna ar chrainnte difriúla. Tá fianaise ann go bhfuil crainnte iúir in ann inscne a athrú. Tá iúr Fortingall ag athrú inscne ó fireann go baineann, agus ag fás torthaí.[10]
Tagann na bláthanna amach idir mí Feabhra agus mí Aibreán. Dath an uachtair a bhíonn ar bhláthanna beaga fireanna an iúir, agus is i gcruth sféarach a bhíonn siad. Is cosúil le bachlóga beaga a bhíonn bláthanna baineanna an iúir. Scaipeann an ghaoth an phailin ó na bláthanna fireanna chuig na bláthanna baineanna. Is crann buaircíneach an t-iúr ach ní ionann toradh an iúir agus na buaircíní a bhíonn ag leithéidí an chrainn péine. Tugtar aral ar thoradh an iúir, toradh feolmhar dearg, ar nós caora beag, le síol amháin ina lár, a thagann chun aibíochta sa bhfómhar.
Gnáthóga an Iúir
Éiríonn go maith leis an iúr sa bhfoscadh, i gcréafóg alcaileach atá draenáilte go maith. Tá sé in ann scáth agus sáile a sheasamh, agus fásann sé in áiteanna crochta freisin – tá iúr ag fás 470m os cionn leibhéal na farraige ar Shliabh Corcra i gCiarraí. Éiríonn le crainnte óga iúir fás in ithir mhianrach – fiú ar aolchloch nochtaithe – agus i scáth throm. Tá tréith spéisiúil ag an gcrann le nach mbeidh air dul in iomaíocht le plandaí eile. Is crann ailléileapatach é an t-iúr – scaoileann sé ceimicí amach a chuireann cosc ar fás thart timpeall ar an gcrann.[11]
Coillte Iúir na hÉireann
Is gnáthóga uathúla agus annamha iad coillte iúir in Éirinn. Is i gcréafóg éadrom ar phábháil aolchloiche ar fhásann an dornán beag atá ann. Ceaptar gur ó scrobarnach coill (Corylus avellana) a eascraíonn siad in Éirinn. Is ar leithinis Mhucrois, i gCill Airne, Co. Chiarraí, atá an choill iúir is mó (80 acra) sa tír anois. Tá coillearnaí iúir freisin sa gCora, Co. Luimnigh, sa gCathair i Co. Thiobraid Árann, agus i gcorr-áit eile timpeall na tíre. Tá coill iúir amháin i Coill an Ghabhann in oirthear Co. na Gaillimhe atá éagsúil ón gcuid eile – is créafóg aigéadach atá ann, ina bhfuil dair Ghaelach (Quercus petrae) ag fás in éineacht leis an iúr).[12] Bíonn ceannbhrat choill iúir dlúth, dúnta agus ní mórán speiceas atá in ann maireachtáil sa ngnáthóg seo, seachas raithneach, caonach, agus plandaí eile scáthfhulangacha.[12]
Éiceolaíocht an Iúir
Tá an-tóir ag éanacha – go háirithe smólaigh – i dtorthaí an iúir.[13] Tá an chuid is mó de chodanna an iúir – adhmad, coirt, duilleoga, agus síolta – nimhneach do dhaoine agus d’ainmhithe éagsúla, ach níl an t-aral dearg a thimpeallaíonn an síol nimhneach – cé go bhfuil an síol fhéin.[14] Mar nach bhfuil éanacha in ann an síol a dhíleá, ní chuireann an nimh isteach ná amach orthu. Is ar an gcaoi seo a scaiptear na síolta.
Is tearmann é duilliúr dlúth an iúir do héanacha agus a gcuid neadracha, and is foinse bheatha iad na caora do héanacha – go háirithe an lon dubh agus an smólach – agus mamaigh amhail an iora rua. Ní chuireann nimh na nduilleog as d’fhianna, mar a dhéanann do chaora agus do bheithígh. Ní bhíonn an oiread sin inveirteabraigh ag maireachtáil ar an iúr, i gcomparáid le crainnte dúchasacha eile.[8]
Todhchaí an Iúir in Éirinn
Tá an t-iúr faoi bhagairt ar fud na hEorpa. Tá líon na n-iúr tite níos mó ná aon chrann eile. Bhí cúiseanna stairiúla ann chun an t-iúr a bhaint – contúirt an chrainn d’ainmhithe agus úsáid an adhmaid go príomha – ach is dianfheiliméireacht is mó is cúis le meath an iúir anois.[2] Anuas ar seo, bíonn sé deacair ag an iúr iomadú mar go déanann fianna agus ainmhithe eile damáiste do chrainnte óga.[8, 15]
Ceaptar freisin go bhfuil an t-iúr faoi mhíbhuntáiste ar mhór-Roinn na hEorpa mar gur crann dé-éiciach é – mar go bhfuil mó uisce ag teastáil uaidh crainnte baineanna ná ceanna fireanna, faigheann na crainnte fireanna an ceann is fearr orthu nuair atá siad in iomaíocht do na hacmhainní céanna.[16] Is níos minice atá sé seo ag tarlú le triomach de thoradh an athrú aeráide. Ar na cúiseanna seo go léir, tá coillearnaigh iúir anois faoi chosaint ag Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach. Táthar anois ag moladh bainistiú gníomhach a dhéanamh ar na coillearnaigh iúir mar nach n-éiríonn le hiúir iomadú má bhíonn ceannbhrat ró-dhlúth ag an gcoill.[17]
Béaloideas an Iúir
Bhreathnaítear ar an iúr mar chrann láidir, cumhachtach, contúirteach, agus tá miotaseolaíocht ag an gcrann nach bhfuil ag mórán crainnte eile. Tugann dán ón 6ú céad Dia Dronbhalc (láidir) ar Eo Rosa, crann iúir i Seanleithghlinn, Contae Cheatharlach. De réir an tseanchais, shantaigh na naoimh ag an am adhmad an chrainn le séipéal a thógáil agus thosaíodar ag guí le go leagfaí é. Cé gur bhog guí na naomh eile na rútaí, níor éirigh ach le paidreacha Naomh Laisrén é a leagan.[18] Is ón iúr a fuair na hEoghnachta, an treabh a bhí i réim i gCúige Mumhan ón 5ú céad go dtí an Mheánaois, a n-ainm, agus is uaidh seo a tháinig an t-ainm Eoghan nó Eoin. Thug sean-Ghaeil na hÉireann urraim don iúr (ibar) agus áiríodh an crann i measc uaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas. Is cosúil gur bronnadh an stádas seo ar an iúr mar ar dhéantáin éagsúla a dhéantaí le hadhmad an chrainn, agus ghearrtaí pionós mór ar an té a dhéanadh dochar den chrann.[19]
Is iomaí tagairt atá i mBailiúchán na Scol faoi chontúirt an chrainn d’ainmhithe agus daoine, agus maraíodh asail, capaill, agus beithígh tar éis dóibh na duilleoga a ithe. Deirtear sa mBailiúchán gur níos mó contúirte a bhí sna géaga tite, agus is fíor go bhfanann an nimh i ngéaga atá bainte ar feadh míonna.[20] Cheapfá nach mbeadh aon chógas leighis i gcrann chomh nimhneach, ach tá an t-iúr luaite i mBailiúchán na Scol mar leigheas ar bhorrphéist agus buíochán, agus an rúta do dhroim tinn.
Tá mí-adh luaite leis an gcrann freisin. De réir tagairt amháin sa mBailiúchán, ó Bhéal a Mhuirthid, Co. Mhaigh Eo, go n-éagfaidh clann an té a bhfuil iúr ag fás ar a gcuid talún, agus gur chóir é a bhaint. Más fairsing a bhí an phiseog seo, ní aon ionadh é nach bhfuil an t-iúr chomh coitianta in Éirinn agus a bhí. De réir taifid eile sa mBailiúchán, dhéanadh gasúir boghanna as adhmad an chrainn, agus bhí úsáid shamhlaíoch ag muintir Chill Chainnigh don iúr – d’úsáidí é le francaigh a mharú.
Amhail dair agus giúis phortaigh, faightear iúr portaigh ar phortaigh na tíre – iarsmaí de shean-choillte áras an oileáin. Tá iúr portaigh in Móin Alúine i gCo Uíbh Fhailí a bhí ag fás na millte bliain ó shin.[8] Ach is beag meas a bhí acu ar iúr portaigh i gContae Mhaigh Eo:
Black Oak and Bog Yew are also found in the bog. Black Oak is not of much use as fire wood as it glows but does not blaze. The best time for using it is when it comes up wet from the bog. Beautiful black walking sticks can be made from it and also ornaments. Bog yew is a very hard wood as is a very bad burner. It was never much used either as fire wood or as timber.
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086, Leathanach 82
Iúir agus Reiligeacha
Is iomaí ceall in Éirinn ina bhfuil an crann iúir ag fás iontu. Is iúir Éireannacha – curtha dár le Tóibín, mar “chomharthaí dóláis an duaircis”[21] – iad go leor acu, agus gan iad níos mó ná 300 bliain d’aois. Is léir go bhfuil go leor de na hiúir ársa a chonaic Cambrensis imithe anois.[4] Deir Mac Coitir go bhfuil ar a laghad 17 baile fearainn go bhfuil “séipéal an iúir” san ainm.[22] Ní fios cén fáth go bhfuil an cill agus an t-iúr in aice a chéile, cé go bhfuil neart teoiricí gan fhianaise. Ceaptar gur chuir manaigh na hiúir is sine i Sasana in aice lena gcuid cealla, seachas gur roghnaíodh suíomhanna ina raibh iúir ag fás cheana fhéin.[7] B’fhéidir go facthas go raibh spioradáltacht eicínt ag baint leis an iúr. Is siombail neamhbhásmhaireachta an iúir – seans mar gur fadsaolaí iad.
Tá údair phraiticiúla freisin go mbeadh iúr curtha in aice le séipéal. Is le linn aifrinn Dhomhnach an Iúir, a chuireann tús le seachtain na Cásca, a bhaintí an úsáid is mó as géaga an iúir,[7] cé go n-úsáidtí craobhacha ó chrainnte eile mura raibh an t-iúr fairsing sa gceantar – an t-aiteal (Juniperus communis) in Árainn[23] agus giúiseanna nó an péine Albanach (Pinus sylvestris) i gConamara, agus cufróga éagsúla freisin. Is é adhmad an iúir a dhóitear chun luath a ghiniúint do Chéadaoin an Luaithrigh freisin.[7]
D’eisigh Edward 1 Shasana forógra dlí i 1307 go gcaithfí iúr a chur i ngach ceall séipéil chun iad a chosaint ón ghaoth. B’fhéidir go gcuirtí na crainnte i reiligeacha le nach rachadh beithígh isteach iontu agus damáiste a dhéanamh de na huaigheanna. Tá sé ráite gur foinse adhmaid a bhí iontu do bhoghanna freisin.[7] Chuireadh na Ceiltigh nimh an iúir ar a gcuid saighdeanna[24] agus bhí dlí sna Meánaois in Albain go gcaithfeadh iúr a bheith ag fás i ngach reilig paróiste, le go mbeadh dóthain nimhe acu dá dtosádh cogadh.[25]
Úsáid an Iúir
Is alcalóidígh taicsín – ceimicí atá i ngach cuid den chrann seachas aral an toraidh – iad na comhdhúile is cúis le nimh an iúir. Cé go bhfuil an nimh seo marfach, fritheadh amach go bhfuil na ceimicí seo in ann dochar a dhéanamh do chealla ailse. D’éirigh le heolaithe substaint ar a dtugtar paclitaxel a shintéisiú as an nimh a bhíonn san iúr Ciúin Aigéanach (Taxus brevifolia) atá anois in úsáid i ceimiteiripe le cóir leighis a chur ar dhaoine atá ag fulaingt le hailse brollaigh, ailse ubhagáin, agus ailse scamhóg.[26] Déanadh sléacht ar chrainnte iúir an domhain, an t-iúr coiteann (Taxus baccata) san áireamh, chun an acmhainn seo a fhail sular éirigh le heolaithe na drugaí seo a shintéisiú.[8, 27]
Toisc go bhfásann sé go mall, tá adhmad dorcha, donndhearg an iúir ar cheann de na bogadhmaid is dlúithe. Tá sé solúbtha freisin – is den tslat iúir a dhéantaí boghanna fada (seans gur tháinig Taxus in ainm eolaíoch an chrainn ó taxon, an focal Gréigis do bhogha), chomh maith le sleánna, feirce, agus claimhte.[28] Is adhmad buanfasach é. Tá píosa de shleá a fritheadh sa talamh i 1911 in aice le Clacton Shasana os cionn 400,000 bliain d’aois.[29] Úsáidtear an t-adhmad anois mar veinír, i maircíneacht, i ndéantús troscáin, agus i ndeileadh adhmaid. Déantar píosaí ealaíne as iúr portaigh freisin.
An tIúr i Logaimneacha
Is léiriú ar chomh fairsing a bhí an t-iúr in Éirinn iad logainmneacha amhail Maigh Eo (sean-ainm eile ar an iúr), an tIúr in Ard Mhacha, Achadh na nIúr i nGaillimh, agus Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall. Tá Cluain Iúrach i gContae Mhaigh Eo agus Eochaill i gContae Chorcaí. Tá Cill an Iúir mar logainm in, ar a laghad, 13 contae éagsúil. Ar deiridh, tugann Joyce an t-aistriúchán a leanas ar Mhachaire Maigh Eo i gContae an Dúin, “the (large) plain of the (smaller) plain of the yews.”[30]
Is iúrach (agus eochaill) a thugtar ar áit ina bhfásann iúir, agus freisin do shoitheach déanta as iúr.[31] Tugtar iúróir ar an té a bhíonn i nbun iúróireachta (a oibríonn le hadhmad an iúir).
Tugtar an t-iúr binne (i measc ainmneacha eile) ar an aiteal (Juniperus communis)– is dóigh mar gur síorghlas iad an dá chrann, go bhfásann siad ar chloch aoil, agus go bhfuil cosúlachtaí idir torthaí na gcrann.
An tIúr Éireannach
Timpeall na bliana 1740 (tá éiginnteacht faoin mbliain[4]) d’aimsigh feirmeoir dhá iúr óga ag fás in aolchlocha Bhinn Chuilceach in aice le Mullach na Seangán i gContae Fhear Manach. Bhí siad difriúil ó iúir eile – bhí cruth ceartingearach orthu, le hais an gcruth níos leithne a bhíonn ar an iúr coiteann. Cuireadh ceann de na crainnte in eastát an tiarna talún áitiúil, áit ina bhfuil sé fós ag fás. Is an-tógtha a bhí daoine leis an iúr Éireannach (Taxus baccata ‘fastigiata’), mar a tugadh ar an gcrann uathúil seo, agus tosaíodh á iomadú le gearrthóga tógtha ón gcrann.[8]
Ní aon difríocht ghéiniteach idir an tIúr Éireannach agus an gnáth iúr. Níl sa difríocht eatarthu ach cruth fáis agus na duilleoga. Bíonn duilleoga glasa an iúir Éireannaigh níos dorcha ná na duilleoga a bhíonn ar an iúr coiteann, agus fásann na duilleoga spíonlacha timpeall na géige, seachas i dhá ró mar a bhíonn san iúr coiteann.[32] Is mar gheall ar chruth uathúil an iúir a bhí (agus atá fós) an-éileamh ar an iúr Éireannach ar fud an domhain – i ngairdíní, i reiligí, agus i gcealla séipéil. Tá níos éasca an crann a choinneáil néata, agus glacann sé go maith le tordhearadh,
Is crann baineann í an bhunchrann i Mullach na Seangán, ach níl na tréithe céanna ag crainnte a fhásann ó shíolta an bhunchrainn – tá siad níos cosúla leis an iúr coiteann. Mar sin is ó ghearrthóga ón gcrann atá ag fás i Mullach na Seangán, nó dá sliocht, a tháinig chuile iúr Éireannach sa domhain. Spéisiúil go leor, breathnaíonn sé anois go bhfuil an t-iúr Éireannach ag filleadh ar chruth an iúir choitinn. Is crainnte óga fós iad gach iúr Éireannach, mar nach bhfuil an ceann is sine ach timpeall 300 bliain d’aois. Seans go bhfilleann an t-iúr Éireannach ar chruth an iúir choitinn tar éis roinnt céadta bliain fáis.
Ní fios cárbh as a dtáinig na cineálacha uathúla seo d’iúr, ná cén fáth ar shocraigh siad fás ar shliabh uaigneach i bhFear Meanach beagnach 300 bliain ó shin. Ó aimsíodh an dá chrann sin san 18ú aois, níor fhacthas ceann dá leithéid ag fás fiáin in aon áit, ar fud an domhain.
Tuilledh Íomhánna
Tagairtí
1. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
2. Benham, S., et al., Taxus baccata in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. e015921.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Pakenham, T., The Company of Trees: A Year in a Lifetime’s Quest. 2015: Weidenfeld & Nicolson.
5. Twomey, M., A. Fennell, and F. McHugh, The tree register of Ireland. Irish Forestry, 2002.
6. Meredith, A. and J. Fry, Ageing the yew. The Journal of the Royal Forestry Society, 2016. 4(1): p. 269-274.
7. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
8. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
9. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
10. Izadi, E. One of Europe’s oldest trees is changing its sex. The Washington Post, 2015.
11. da SILVA, J.A.T., et al., Allelopathic potential of select gymnospermous trees. Journal of Forest and Environmental Science, 2015. 31(2): p. 109-118.
12. Daly, O., F. O’Neill, and S. Barron, The monitoring and assessment of four EU Habitats Directive Annex I woodland habitats. Irish Wildlife Manuals, No. 146. National Parks and Wildlife Service, Department of Housing, Local Government and Heritage, Ireland, 2023.
13. Thomas, P.A. and A. Polwart, Taxus baccata L. Journal of Ecology, 2003. 91(3): p. 489-524.
14. Wilson, C.R., J.-M. Sauer, and S.B. Hooser, Taxines: a review of the mechanism and toxicity of yew (Taxus spp.) alkaloids. Toxicon, 2001. 39(2): p. 175-185.
15. Perrin, P., D. Kelly, and F. Mitchell, Long-term deer exclusion in yew-wood and oakwood habitats in southwest Ireland: Natural regeneration and stand dynamics. Forest Ecology and Management, 2006. 236: p. 356-367.
16. Iszkuło, G., et al., Do secondary sexual dimorphism and female intolerance to drought influence the sex ratio and extinction risk of Taxus baccata? Plant Ecology, 2009. 200(2): p. 229-240.
17. Dhar, A., H. Ruprecht, and H. Vacik, Population viability risk management (PVRM) for in situ management of endangered tree species—A case study on a Taxus baccata L. population. Forest Ecology and Management, 2008. 255(7): p. 2835-2845.
18. Ó hÓgáin, D., Trees in Irish Lore. Irish Forestry, 2003. 60: p. 46-60.
19. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
20. Cope, R., The dangers of yew ingestion. Vet Med, 2005. 9: p. 646-650.
21. Tóibín, S., Troscán na mbánta: aistí simpli ar na crainn choitianta dúchais. 1967: Oifig an tSoláthair.
22. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
23. Colgan, N., Notes on the Flora of the Aran Islands (Concluded). The Irish Naturalist, 1893. 2(4): p. 106-111.
24. Wehner, F. and O. Gawatz, [Suicidal yew poisoning–from Caesar to today–or suicide instructions on the internet]. Arch Kriminol, 2003. 211(1-2): p. 19-26.
25. Macfarlane, A.M., Gaelic Plant Names: Study of Their Uses and Lore. 1924.
26. Cech, N.B. and N.H. Oberlies, From plant to cancer drug: lessons learned from the discovery of taxol. Natural Product Reports, 2023. 40(7): p. 1153-1157.
27. Mayor, S., Tree that provides paclitaxel is put on list of endangered species. BMJ (Clinical research ed.), 2011. 343: p. d7411.
28. Coles, J.M., S.V.E. Heal, and B.J. Orme, The Use and Character of Wood in Prehistoric Britain and Ireland. Proceedings of the Prehistoric Society, 1978. 44: p. 1-45.
29. Oakley, K.P., et al. A reappraisal of the Clacton spearpoint. in Proceedings of the Prehistoric Society. 1977. Cambridge University Press.
30. Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.
31. Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.
32. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.