You are currently viewing  An Crann Creathach <br><span style='font-size:16px;'>Populus tremula</span>

An Crann Creathach
Populus tremula

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: , , , ,
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:

Béarla: Aspen, European Aspen

Tréithe suntasacha an chrainn

  • Crann ard, duillsilteach.
  • Creathann na duilleoga sa ngaoth (bogann siad go héasca ar na peitíní).
  • Caitíní ag crochadh anuas ón ngéag san Earrach.

Réamhrá

Tugtar poibleoga ar chrainnte sa ngéineas Populus, agus cé go bhfuil iliomad cineálacha poibleog curtha in Éirinn anois, tá an crann creathach (Populus tremula) ar an t-aon phoibleog dhúchasach in Éirinn. Fásann an phoibleog dhubh (Populus nigra) go fiáin in Éirinn ach tá cé éiginnteacht faoina stádas mar chrann dúchasach.[1]

Is mar go mbíonn na duilleoga ag creathadh agus ag siosarnach, fiú nuair nach bhfuil san aer ach puth gaoithe, a thugtar an crann creathach air. Is speiceas téisclime é an crann creathach agus bhí sé ar cheann de na chéad chrainnte a tháinig go hÉireann tar éis na hoighearaoise. Ceaptar go raibh an crann in Eirinn 13,000 bliain ó shin,[2] agus bhí an crann creathach ag fás i gConamara timpeall 10,000 bliain ó shin,[3] in éineacht le crainnte téisclime eile, amhail an bheith (Betula spp.), an fhearnóg (Alnus glutinosa), agus na saileacha (Salix spp.).

Fásann an crann creathach in áiteanna le haeráid mheasartha agus i réigiúin bóireacha. Chuige sin, is é an dara crann is fairsinge sa domhain (an péine Albanach (Pinus sylvestris) an ceann is fairsinge) agus feictear é ó Leithinis na hIbéire soir chomh fada le Leithinis Kamchatka, agus ó thuaidh chomh fada leis an gCiorcal Artach.[4] Tá an crann creathach fairsing in Éirinn freisin, cé is moite de phortaigh an iarthair agus lár na tíre,[5] ach ní fhéadfá a rá go bhfuil sé líonmhar in Éirinn. Is i Meiriceá Thuaidh atá gaol gar leis, Populus tremuloides, crann ar an dtugtar aspen i mBéarla air freisin.

Coirt an chrainn chreathaigh
Bíonn bachlóg mhullaigh (ceann ag deireadh na géige) ar ghéaga an chrainn chreathaigh.

Coirt agus Duilleoga an Chrainn

Dath liath a bhíonn ar choirt an chrainn.[6] Bíonn coirt ar crainnte níos sine scoilteach agus clúdaithe le póireanna diamaint-chruthach ar a dtugtar lionsacháin. Cuidíonn siad seo leis an gcrann gáis a mhalartú leis an aer.

Bíonn na bachlóga neamhchlúmhach agus ní bhíonn ribí gruaige ar ghéaga an chrainn ach an oiread. Bíonn duilleoga móra ubhacha nó ciorclacha – ach uaireanta bíonn siad triantánacha sna meatháin óga. Bíonn imill fhiaclacha ar na duilleoga. Bíonn bior ar bharr na duilleoige. Bíonn féitheacha na duilleoige an-fheiceálach mar go bíonn dath níos gile orthu ná an chuid eile den duilleog.

Bíonn gais na duilleoige fada, leacaithe, agus solúbtha in aice leis an lann duille. Is í seo an chúis mheicniúil go gcreathann na duilleoga chomh héasca sa ngaoth.[7] Is iomaí dath a bhíonn ar dhuilleoga an chrainn. Bíonn dath corcra agus donn ar na duilleoga óga nuair a osclaíonn siad san Earrach, athraíonn siad glas sa samhradh, agus tagann dath buí orthu sula dtiteann siad sa bhfómhar.

Duilleoga an chrainn chreathaigh.
Critheann na duilleoga ar an gcrann mar go bhfuil an peitín in aice le lann na duilleoige leacaithe.

Iomadú an Chrainn Chreathaigh

Ar nós na saileacha atá sa bhfine céanna leo, tá na poibleoga go léir dé-éiciach – bíonn bláthanna fireanna agus baineanna ar chrainnte difriúla.[8] Tagann na caitíní ar na crainnte san Earrach, sula n-osclaíonn na duilleoga. Is dath deargdhonn a bhíonn ar na caitíní fireanna – tagann dath buí an phailin orthu níos déanaí sa séasúr. Is dath glas a bhíonn ar na caitíní baineanna, agus, amhail saileacha, forbraítear síolta clúmhacha orthu tar éis dóibh pailniú. Bíonn siad in ann aistear fada a dhéanamh sa ngaoth sula dtiteann siad go talamh. Ní mhaireann na síolta i bhfad ar an talamh, agus bíonn créafóg lom, thais ag teastáil uathu le péacadh.[2]

Scaipeann an crann creathach go dtréan lena chuid meatháin, crainnte óga a fhásann aníos ó riosóim (nó fréamh faoi thalamh) an bhunchrainn. Ní mhaireann na crainnte aonaracha i bhfad (idir 50-100 bliain), ach d’fhéadfaí go mbeadh aois mhór – na mílte blianta – ag clampaí crainnte creathacha.[4, 8] Is furasta don chrann seilbh a ghlacadh ar phíosa talún leis an iompar ionrach seo. Mar go bhfuil an comhdhéanamh géiniteach céanna ag na maotháin seo go léir, breathnaítear ar chlampa crainnte creathacha mar aon orgánach amháin. Tá sé éasca freisin crann creathach iomadú ag úsáid gearrthóga ón gcrann.

Gnáthóga an Chrainn Chreathaigh

Léiríonn fairsinge an chrainn go bhfuil sé in ann ag raon éagsúil coinníollacha créafóige agus aeráide. Faightear an crann i gcoillearnaigh, agus ar thalamh, in aice le haibhneacha, atá draenáilte go maith. Cosúil le go leor plandaí téisclime eile, éiríonn go maith leis i solas oscailte na gréine. Fásann an crann creathach in áiteanna fliucha, ach bíonn solas ag teastáil uaidh le go bhfásfaidh sé go maith (cosúil le go leor crainnte téisclime eile).[4] Cuireann an crann creathach go mór le bithéagsúlacht a cheantar dúchais mar gur mór an méid plandaí, feithidí, fungais, léicin, agus éanacha a bhíonn ag brath air le maireachtáil. Go deimhin, bíonn níos mó speiceas óstacha ag brath ar an gcrann seo ná aon crann Bóireach eile.[4]

Duilliúr an chrainn chreathaigh.

Traidisiúin an Chrainn

Níl mórán béaloidis faoin gcrann creathach in Éirinn, seans mar nach bhfuil sé fairsing anois, agus nach mórán úsáide a baineadh as an gcrann. Thugtaí duilliúr an chrainn do bheostoc, agus aimsíodh coire mhór atá déantar as adhmad an chrainn i gCo. Mhuineacháin tá in 1933. Tá sé anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann.[9] Ceaptar gur sa gCré-umhaois Luath a rinneadh é.[2]

Tá adhmad an chrainn chreathaigh éadrom, neamhdhlúth, agus saor, agus maireann sé i bhfad. Déantar laíon do pháipéar as sa gCríoch Lochlann agus i Meiriceá Thuaidh. Déantar páipéar d’ard-chaighdeán as an gcrann creathach mar nach bhfuil mórán lignine ann.[8] Éiríonn páipéar briosc agus tagann dath buí air má bhíonn an iomarca lignine ann.[10] Déantar cipíní solais, fioghual maith, agus bithmhais le dó (mar go bhfásann sé go tapaidh) as an gcrann creathach freisin. Cuirtear mar chrios foscaidh é agus chun foraoisiú a dhéanamh ar thalamh lom mar gur crann téisclime é.[4]

Astaíonn an crann creathach leibhéil suntasach de isipréin, BVOC a cheaptar go n-imríonn tionchar ar an atmaisféar. Níl tuiscint iomlán ar eolaithe ar an idirchaidreamh idir na ceimicí seo agus an aeráid, ná na himpleachtaí atá acu ar an athrú aeráide de dhéantús an duine,[11] cé go moltar gan crainnte a astaíonn leibhéil ard isipréin a chur i gceantracha uirbeacha.[12]

Logainmeacha agus an Crann Creathach

Ní léir gur fhág an crann lorg ar logainmneacha na hÉireann ach an oiread, seachas an Crann Criothach, i gCo. Uíbh Fhailí. Tá Ros Creathnach (Rosscrennagh) i gContae Fhear Manach – cá bhfios? Tá Crathaigh i gCo. Dhún na gGall, ach deirtear gur ainm áitiúil é seo do phortach, seachas crann, a bhíonn ag crith.[13]

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1.  Keary, K., et al., Assessment of genetic variation in black poplar in Ireland using microsatellites. Irish Forestry, 2005.

2.  Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

3.  Teunissen, D. and H. Teunissen-van Oorschot, The history of the vegetation in SW Connemara (Ireland). Acta botanica neerlandica, 1980. 29(4): p. 285-306.

4.  Caudullo, G. and D. de Rigo, Populus tremula in Europe: distribution, habitat, usage and threats, in European Atlas of Forest Tree Species, J. San-Miguel-Ayanz, et al., Editors. 2016. p. 138-139.

5.  Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

6.  Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

7.  Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.

8.  Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

9.  Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.

10.  Małachowska, E., et al., Influence of lignin content in cellulose pulp on paper durability. Scientific Reports, 2020. 10(1): p. 19998.

11.  Laothawornkitkul, J., et al., Biogenic volatile organic compounds in the Earth system. New Phytologist, 2009. 183(1): p. 27-51.

12.  Calfapietra, C., et al., Role of Biogenic Volatile Organic Compounds (BVOC) emitted by urban trees on ozone concentration in cities: A review. Environmental Pollution, 2013. 183: p. 71-80.

13.  Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.