You are currently viewing An Feoras*

An Feoras*

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Ord:
Fine:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Úsáid:

Euonymus europaeus

Ainmneacha eile: Crann Feorais
Spindle-tree; Spindle

Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Duilleoga lonracha glasa
  • Bláthanna beaga glasa
  • Torthaí maigeanta agus oráiste
  • Dathanna na nduilleog sa bhfómhar

Réamhrá

Is crann nó sceach duillsilteach, dúchasach é an feoras. Mar gur i gcréafóg alcaileach os cionn aolchloch is mó a fhásann an feoras, tá sé fairsing in Éirinn, cé is moite de chósta an iarthair, tuaisceart na tíre, agus sna clocha eibhir ar shléibhte Chill Mhantáin. Fásann an feoras ar fud Mhór-roinn na hEorpa, ó thuaisceart na Spáinne soir chomh fada leis an Rúis, ach ní fhásann sé mórán níos faide ó thuaidh ná tuaisceart na hÉireann, deisceart na hAlbaine, agus an Danmhairg.[6, 7] Is i scrobarnach, i bhfálta sceacha, ar imill choillte, nó istigh i gcoillearnaí duillsilteacha oscailte, a fhaightear an feoras.[4] Tá sé scáthfhulangach agus freisin in ann triomach a sheasamh.[8]

An feoras, sceach bheag i gcoillearnach.

Níl mórán eolais againn faoi stair an fheorais in Éirinn mar nach bhfásann an crann in ithir aigéadach, agus mar sin níl taifead pailine de sna portaigh.[9] Ach, aimsíodh taifid den chrann i sil-leagan atá idir 9,200 go 7000 bliain d’aois, a thugann le fios go raibh an planda in Éirinn le achar fada ama.[10] Ní aon taifead den chrann sa mBreatain níos luaithe ná 5,500 bliain ó shin.[8] Is ón 10ú aois a thagann na taifid scríofa is sine den chrann, agus is in 1548 a rinne William Turner an chéad cur síos luibheolaíochta ar an bplanda.[7] Mar nach raibh aon ainm Béarla don chrann, is é Turner a chum an t-ainm spindle. Is ón ainm Ollainnis don chrann, spilboome, a fuair sé ionsparáid (d’úsáidtí an t-adhmad chun fearsaidí a dhéanamh san Ísiltír).[11]


Cur Síos ar an gCrann

Duilleoga an fheorais.

Is iondúil go mbíonn an feoras lánfhásta 3 mhéadar ar airde, agus ní minic dó níos mó ná 9m a bhaint amach. Maireann siad ar feadh 100 bliain nó mar sin. Is furasta an feoras a aithint ón gcoirt ghlas a bhíonn ar ghéaga óga an chrainn. Tagann dath donn ar an nglas agus stríocaí ingearacha ar an gcoirt de réir mar a thagann aois ar an gcrann. Tugann na géaga díreacha, tanaí agus uilleacha (cearnógacha) cuma sceiche ar an bplanda.[12]

Fásann na duilleoga lansacha, ubhchruthacha nó éilipseacha ar aghaidh a chéile ar an ngéag.[13] Bíonn imeall na duilleoige fiaclach, cé go mbíonn na fiacla an-bheag. Is dath glas dorcha, lonrach, a bhíonn siad, agus athraíonn siad go dath buí agus dearg sula dtiteann siad sa bhfómhar. Tá an feoras ar cheann de na crainnte is áille in Éirinn ó thaobh dathanna an fhómhair de.

Bláth an feorais.

Is bláthanna heirmeafraidíteacha a bhíonn ar an bhfeoras.[9] Bíonn dath glas agus buíghlas orthu, le ceithre pheiteal an ceann orthu, agus tagann siad ar an bplanda ag an am céanna leis na duilleoga. Is feithidí beaga, go háirithe cuil Mharcais (Bibio marci), a dhéanann na bláthanna a phailniú nuair a thagann siad amach i mBealtaine agus Meitheamh.[9] Is míoltóg bheag í cuil Mharcais a thagann amach ag deireadh mhí Aibreáin, timpeall lá Fhéile Mharcais (25 Aibreán). Bíonn an neachtar a mheallann na feithidí le fáil sa soitheach glas atá faoi na peitil.

Is ar aon dul le go leor sceacha eile a bhíonn an feoras nuair a bhíonn na duilleoga air, agus ní mórán suntais atá le bláthanna an chrainn ach an oiread. Ach is mar gheall ar thorthaí an chrainn a bhfuil cáil ar an bplanda seo. Is mar chapsúl glas le ceithre lóba a thosaíonn siad ag fás, sula dtagann scáil de maigeanta agus bándearg, dathanna nach bhfuil le feiceáil ar aon phlanda eile, ar na torthaí. Osclaíonn an capsúl seo idir Meán Fómhair agus Mí na Samhna chun arail oráiste na síolta a nochtadh.[8]

Toradh an fheorais.

Itheann lon duibh agus spideoga na torthaí. Bíonn dúil acu i bhfeoil an arail agus scaiptear an síol dá bharr, ach ní itheann glasáin iad, mar gur síolta a bhíonn uathusan agus aithníonn siad go bhfuil na síolta an fheorais nimhneach.[8] Tá na torthaí marfach do chaora agus ní itheann ainmhithe (seachas gabhair) na duilleoga ach an oiread.[8] Itheann luchain an t-aral, ach fágann siad an síol ina ndiaidh.[7]


Úsáid an Fheorais

In ainneoin go bhfuil an feoras nimhneach,[7, 14] bhaintí úsáid sa na torthaí mar purgóid, urlachach, agus spreagthach don ae.[5] Bhaintí úsáid as torthaí an chrainn[8] (bácáilte agus púdar déanta astu) agus coirt an chrainn[5] chun míolta gruaige ar chloigne gasúir a mharú in Éirinn.[11] Scaipfeadh daoine na duilleoga púdaraithe i dtithe i Somerset Shasana mar fheithidicíd nádúrtha.[11]

Is adhmad bán, an-chrua agus dlúth, atá ag an bhfeoras[9] agus is féidir bior an-ghéar a chur air. Bhaintí leas as na tréithe seo chun uirlisí a dhéanamh, amhail bioráin cniotála, bearra fiacla agus fearsaidí le olann a chasadh i dtionscal na sníomhadóireachta.[9]  Cé gur ó dhéantúsaíocht na bhfearsaidí a fuair sé an t-ainm Béarla, spindle, dhéantaí fearsaidí (chun snáth a shníomh as olann) as crainnte eile freisin, an t-iúr (Taxus baccata), an fhuinseog (Fraxinus excelsior), agus an coll (Corylus avellana) ina measc.[9] Tugtar pegwood ar adhmad an fheorais freisin mar gur as a dhéantaí pionnaí don ghréasaíocht.[9] Ceaptar go raibh roschoillte d’fheorais bunscoite in Éirinn tráth chun freastal ar an éileamh a bhí ann don adhmad.[15]

Dhéantaí briogúin/sáite as an adhmad freisin, agus bhíodh an-tóir ag búistéirí sna briogúin seo mar nach dtugann an t-adhmad blas ar bith don fheoil[8] – thugtaí skewerwood ar an bhfeoras sa mBreatain.[2]  Dhéantaí naigíní as an bhfeoras i gCo. Luimnigh. Is soithí ar nós bairillí beaga iad seo, na cláir adhmaid coinnithe le chéile le bandaí iarainn, le clár amháin fágtha níos faide le húsáid mar láimh. D’úsáidtí iad le bláthach nó bainne a ól.

Déantar fioghual ar ard-chaighdeán – le húsáid ag ealaíontóirí – as adhmad an fheorais freisin. Is ionann an t-ainm Francise don fheoras – fusain – agus an t-ainm Fraincise d’fhiogual. Dar leis an luibheolaí aitheanta, Carl Linnaeus, is as adhmad an fheorais a dhéantaí an fioghual d’ealaíontóirí is fearr.[9] Dhéantaí púdar gunna as an bhfioghual freisin.[8]

Dhéantaí cois don phíopa tabac as an bhfeoras,[13] agus tá léaráid de phíopa feorais i dtaifead ón nGráinseach i Co. Thiobrad Árann i mBailiúchán na Scol. Tá adhmad an fheorais in ann teas ard a sheasamh, agus bhaintí úsáid as le píopa í a dhéanamh sna Balcáin freisin.[16] Is féidir an adhmad an fheorais a úsáid in uirlisí ceoil, fidil agus cláirsigh san áireamh.[9]

Faightear dath dearg ó na torthaí[14] agus dath buí nó glas (má chuirtear alúm – aluminium sulphate  – leis) ó na síolta.[8] Dhéantaí dúch do ghasúir scoile as caora oráiste an fheorais i gCo. Mhaigh Eo. D’úsáidtí na géaga freisin chun uaireadóirí a ghlanadh – cé go raibh na géaga le gearradh nuair a bhíonn an crann faoi bhláth, nuair a bhíonn siad righin ach gan a bheith briosc agus éasca le briseadh.[14]


Béaloideas

Áiríodh an feoras in aicme íseal na coille, na fodla fedo, in éineacht le leithéidí an trom (Sambuca nigra) agus an chaithne (Arbutus unedo),[9] cé nach mórán béaloidis atá faoin bhfeoras in Éirinn.[15] Níl sé seo amhlaidh in áiteanna eile – is meafair é do chailleadh an tsoineantais, i mbéaloideas mhór-roinn na hEorpa, méar a phriocadh trí thimpiste ar fearsaid an fheorais.[8]

Cuirtear an feoras go forleathan in Éirinn anois mar sceach gairdín, go háirithe mar gheall ar na dhathanna áille na dtorthaí.[4] Tá an feoras luaite a mar tháscspeiceas do choillte ársa na Breataine.[17]



Íomhánna den bhFeoras

Tagairtí

1. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.

2. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

3. Du, C., Y. Zuo, and J. Ma, Revision of three species of Euonymus (Celastraceae) from China. Phytotaxa, 2013. 109(1): p. 45–53-45–53.

4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

5. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.

6. Popescu, I., et al., Euonymus europaeus in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species. Luxembourg: Publications Office of the EU, 2016: p. 92-93.

7. Thomas, P.A., M. El‐Barghathi, and A. Polwart, Biological Flora of the British Isles*: Euonymus europaeus L. Journal of Ecology, 2011. 99(1): p. 345-365.

8.  Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

9. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

10. Craig, A.J., Pollen Percentage and Influx Analyses in South-East Ireland: A Contribution to the Ecological History of the Late-Glacial Period. Journal of Ecology, 1978. 66(1): p. 297-324.

11. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

12. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.

13. Tóibín, S., Troscán na mbánta: aistí simpli ar na crainn choitianta dúchais. 1967: Oifig an tSoláthair.

14. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

15. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.

16.  Nedelcheva, A., et al., The Traditional Use of Plants for Handicrafts in Southeastern Europe. Human Ecology, 2011. 39(6): p. 813-828.

17. Glaves, P., et al., A survey of the coverage, use and application of ancient woodland indicator lists in the UK. 2009.