Ainmneacha Eile: Crann Coill
Béarla: Hazel
Tréithe Suntasacha an Choill
- Sceach nó crann beag dhuillsilteacha.
- Planda ilstocach le coirt gheal.
- Caitíní fada buí/bídeach dearg i lár an gheimhridh.
- Collchnónna mar thoradh sa bhfómhar.
Réamhrá
Tá an coll, nó an crann coill, in Éirinn le timpeall 9500 bliain. B’iad an coll agus an péine Albanach (Pinus sylvestris) a crainnte ba choitianta go dtí 8000 bliain ó shin. Tháinig an dair agus an leamhán, d’imigh an péine, ach d’fhan an coll linn.[2] Bhí sé chomh fairsing in Éirinn fadó gur uaidh ainm an chrainn sin a fuair muid an focal coill.[3] Tá sé fós le fáil ag fás ar fud na hÉireann, cé is moite de thalamh portaigh. Is fearr leis an bplanda créafóg thais, alcaileach, ach fásfaidh sé i ngach saghas créafóige ach créafóg an-aigéadach.
Mar go bhfeileann go leor cineálacha créafóg an coll, faightear é i raon leathan gnáthóga. Fásann sé mar shraith mheánach i gcoillte darach nó fuinseoige.[4] Déanann crainnte coill coillte astu fhéin (collchoill a thugtar air), go háirithe i gceantracha aolchlocha cosúil le hoirthear Chontae na Gaillimhe agus an Bhoireann i gCo an Chláir. Is gnáthóga uathúla iad na coillte coill Atlantaigh, clampa nó coillearnach coill atá suite in dtírdhreach clochach, gar don fharraige, i réigiúin le haeráid mheasartha, fliuch.[5] Is gnáthóg choitianta freisin é scrobarnach coille, comhdhéanta de phlandaí coill 5m nó mar sin in airde.[2] Bíonn an coll fairsing i sceacha fáil freisin.
Cuma an Choill
Is níos minice go dtugtar sceach ar an gcoll seachas crann. Bíonn siad in ann, ar a mhéid, 13m in airde. Maireann siad timpeall 150 bliain ach má bhunscoitear iad, mar a dhéantaí go minic, is féidir leo maireachtáil ar feadh na céadta bliain.[6]
Bíonn dath donn geal ar an gcoirt mhín, agus bíonn lionsacháin chothrománacha, bhuí ar an gcoirt. Scamhann an choirt i gcrainnte níos sine ach nach mbíonn an choirt chomh scoilteach agus a bhíonn i gcrainnte eile. Géaga solúbtha clúmhacha a bhíonn ar an gcoll.[7] Is iondúil go mbíonn níos mó ná stoc amháin ag an gcrann, agus fásann géaga ar ais go tréan má ghearrtar iad. Is ar an údar seo go ndéantar an crann a bhunscoitheadh go minic.
Duilleoga
Bíonn bachlóga na nduilleog ubhach agus clúmhach, le scálaí dearga nó glasa orthu. Osclaíonn na duilleoga, a fhásann go hailtéarnach ar an ngéag, i mí Bealtaine. Bíonn scáil dhearg ar luath-dhuilleoga an choill, sula dtagann dath glas orthu ina n-iomlán níos deireanaí sa séasúr. Ceaptar gur ceimicí ar leith, anthocyanins, is cúis leis seo. Tugann siad cosaint do na duilleoga óga leochaileacha ón damáiste a dhéanann an iomarca de sholas na gréine. Cosnaíonn siad an duilleog freisin ó fheithidí a bhíonn ag iarraidh iad a ithe.[6, 8] Tagann dath glas ar dhuilleoga aibí, agus athraíonn siad buí sa bhfómhar sula dtiteann siad.
Bíonn na duilleoga ciorclach, ubhach, nó croíchruthach. Bíonn imeall na nduilleog dé-fhiaclach – sé sin le rá bíonn sraith fiacla beaga orthu, agus anuas orthu sin freisin bíonn sraith fiacla móra, a bhíonn níos cosúla le maotháin. Bíonn an taobh íochtair clúmhach agus bíonn bior ag barr gach duilleog. Is cosúil le duilleoga an leamháin sléibhe (Ulmus glabra) atá duilleoga an choill, seachas go mbíonn dromchla mín ar an gcoll mín agus bíonn an leamhán garbh.
Bláthanna agus Torthaí
Is crann moinéiciach an coll – bíonn caitíní baineanna agus fireanna ar an sceach chéanna. Osclaíonn na bláthanna sa ngeimhreadh, chomh luath le mí Eanáir, agus i bhfad sula n-osclaíonn na duilleoga. Bíonn an caitín fireann fada – d’fhéadfadh 200 bláth a bheith ar chaon chaitín fireann. Is dath buí a bhíonn orthu. Nochtaítear na staimíní nuair atá bláth réidh le pailin a scaoileadh. Scaiptear an phailin sa ngaoth, agus titeann an caitín fireann den ghéag go luath ina dhiaidh sin.
Bíonn an caitín baineann an-bheag agus suite ar an ngéag os cionn na bláthanna fireanna, le nach ndéantar féin-phailniú. Breathnaíonn siad cosúil le bachlóga beaga glasa. Bíonn roinnt bláthanna baineanna istigh i ngach caitín, le stíleanna gearra dearga ag teacht amach as gach ceann acu. Pailnítear na bláthanna baineanna nuair a thagann an phailin i dteagmháil leo.
Is cnónna coill (nó collchnó) iad na torthaí agus fásann idir ceann agus ceithre cinn le chéile ar an ngéag. Clúdaíonn crotal glas duilleogach (ar a dtugtar tiomchla) trí ceathrú cuid de gach cnó. Tagann dath donn ar na cnónna sa bhfómhar nuair a bhíonn siad aibí agus titeann siad den chraobh. Itheann éin, luchain, agus ioraí rua na cnónna. Is crann measa atá sa gcoll,[6] cosúil leis an dair agus an fheá, crainnte eile atá san ord céanna, Fagales, leis an gcoll.
Collchnónna
Tá na collchnónna inite i measc na gcnónna is mó tóir sa domhan. Is foinse mhaith saille (beagnach 70% i saothróga éagsúla) agus próitéine iad. Tá vitimíní tábhachtacha iontu freisin – vitimín E (don córas imdhíonachta) agus vitimín B9 (don fhuil) san áireamh. Is foinse mhaith gairbhsí iad freisin.[9]
Cuireadh líon mór crainnte coill in Éirinn le freastal ar éileamh do chollchnónna tráth, ach déantar cnónna a iompórtáil na laethanta seo, go háirithe ón Tuirc, a tháirgeann 53% den mhargadh domhanda.[10]
Is ón mbaile Avella i ndeisceart na hIodáile a fuair an coll an t-ainm avellana. Bhí cáil ar an mbaile seo mar ar chaighdeán na gcollchnó. Tagraíonn Corylus, ón bhfocal Gréigis do chlogad, don chrotal a chlúdaíonn an cnó.
Is iomaí speiceas difriúla atá sa ngéineas Corylus, in éineacht leis an gcrann coll fiáin. Tugtar faoisceog ar cheann acu, Corylus maxima. Cuirtear go forleathan é mar ar na cnónna móra a bhíonn air. Difríonn siad ó chollchnónna C. avellana mar go mbíonn an cnó clúdaithe go hiomlán leis an gcrotal duilleogach. Tá go leor saothróg de C. maxima ann, agus tugtar faoisceoga freisin ar shaothróga den choll fhéin, atá saothraithe le go mbeidh cnónna mora blasta orthu.
An Coll san Éiceachóras
Tá ról suntasach ag an gcoll in éiceachóras na coille. Bíonn leamhain, féileacáin (go háirithe fritileáin), agus éin ag brath orthu mar fhoinse bheatha agus mar thearmann agus foscadh, cé go bhfuil na sprideanna neanta in ann scrios a dhéanamh ar na duilleoga. Cuireann crainnte coill pailin ar fáil luath sa mbliain d’fheithidí amhail beacha ghabhair freisin,[6] cé go mbíonn sé níos deacra ag feithidí móra amhail meachain an phailin éadrom (scaipeann sé sa ngaoth) a bhailiú.
Tá tosaíocht tugtha in Albain do chaomhnú na gcoillte coille Atlantaigh – na coillte coille céanna atá ag fás ar aolchloch in iarthar na hÉireann. Táthar ag ceapadh go mb’fhéidir go bhfuil cuid de na coillearnaí Albanacha seo ann le os cionn 10,00 bliain, agus tá tábhacht na ngnáthóga seo do léicin ar leith aitheanta go hidirnáisiúnta.[5]
Úsáid an Choill
Bhí an coll i measc na gcéad crainnte a tháinig go hÉirinn timpeall 10,000 bliain ó shin. Scaip sé go tréan, agus 1000 bliain ina dhiaidh sin bhí an tír brataithe le collmhuineacha.[11] Aimsíodh iarsmaí de chollchnónna, i dtithe Méisiliteacha atá 9000 bliain d’aois, i gCúil Raithin, Co. Dhoire.[2] Dhóití adhmad coille sa tréimhse Neoiliteach, timpeall 3000 bliain ó shin.
Ba léir go raibh tábhacht thar na bearta ag an crann coill in Éirinn fadó. Tá an coll mar cheann de na litreacha san aibítear oghaim. In ainneoin gur níos cosúla le sceach ná crann atá sí, áiríodh an coll mar uaisle na coille (airig fedo), seans mar go raibh an oiread sin tóir ar chnónna agus adhmad an chrainn.[12]
Ba mhór an tábhacht a bhí le crainnte coill in Éirinn, go háirithe i dtionscal na caoladóireachta. Is féidir an coll a bhunscoitheadh – na géaga a ghearradh in íochtar le go bhfásfaidh meatháin ar ais níos tréine an bhliain dár gcionn. Tá géaga an choill láidir, solúbtha, agus éasca le scoilte. Is as caolach coille- ina mbíonn na géaga fite go dlúth lena chéile – a dhéantaí sconsaí chun ainmhithe a choinneáil istigh, chomh maith le díonta agus ballaí tí. Dhéantaí ciseoga, ciseáin, agus potaí gliomaigh as géaga coille:
Bíonn na gasúir ag déanamh cliabhán éin le sailigh agus coll, agus bíonn siad ag breith ar luin agus smólachaibh agus ar druideachaibh.
BnS, 01:198
D’fhéadfaí arm troda a dhéanamh as an gcoll freisin, mar is léir ón gcur síos ar eachtra tromchúiseach a tharla i gCo. Chorcaí:
D’réir deallraimh bhí acrann éigin idir muinntir an Bunáin agus muinntir an Ghúgáin uair éigin roime seo agus bhí an dá dream ag ullmhughadh ar feadh ráithe chun go mbeadh troid ceart aca a thaisbeaínfeadh ciaca dream ba mhó neart cuislinne. Bhí Muinntir an Ghúgain ag gearradh maidí coll agus dá stálughadh i gcomhair oidhche na bruighne.
BnS, 338:23
Bhí collchnónna thar a bheith tábhachtach do na daoine a tháinig romhainn, go háirithe mar go bhféadfaí iad a stóráil agus a ithe i gcaitheamh an gheimhridh.[12] Maítear gur dóigh gurb iad collchnónna an fhoinse bhia plandabhunaithe b’fhairsinge agus ba dhea-chothaithaigh a bhí ar fáil i gcoillte na hÉireann d’fhiagaithe cnuasaitheoirí le linn na tréimhse réamhstairiúla.[11] D’úsáidtí pailin ó na caitíní chun dath a chur i bpéint, agus chuir na bachlóga, duilleoga, agus craobhacha dath ológa ar olann.[2]
Bunscoitheadh
Ní gá go gcailltear crann má ghearrtar an stoc. Tá cineálacha crainnte ann a fhásfaidh meatháin nua ón áit a ghearrtar iad. Is minic go mbíonn na meatháin seo díreach agus ar aon mhéid lena chéile.[13] Má ghearrtar na géaga seo le himeacht aimsire, fásfaidh meatháin nua ón stoc agus tosóidh an timthriall arís. Is bunscoitheadh a thugtar ar an gcur chuige seo ina ngearrtar stoc an chrainn go híseal in aice na talún le go bhfásfaidh géaga gur féidir a bhaint agus a úsáid. Is cleachtas ársa é seo atá linn ón tréimhse Neoiliteach.[6, 14] Tugtar barrscoitheadh ar an gcaoi go ngearrtar an stoc ag leibhéal níos airde. Dhéantaí barrscoitheadh le nach mbeadh na meatháin óga i bhfoisceacht ainmhithe amhail fianna a bheadh sa tóir ar na géaga, boga, óga. Is iondúil go ndéantar barrscoitheadh anois chun srian a chur ar airde an chrainn, nó chun cuma ornáide a thabhairt dó.
Má dhéantar an bunscoitheadh go hinbhuanaithe, is féidir le crainnte géaga díreacha a chur ar fáil ar feadh na céadta bliain, mar go gcuireann an cleachtas seo mór le haois an phlanda. Ní mhaireann an coll de ghnáth ach ar feadh timpeall 100-150 bliain d’aois, ach d’fhéadfaí míle bliain a bhaint as an stól bunscoite – an chuid sin den stoc san íochtar nach ngearrtar.
Is iomaí crainnte dúchasacha na hÉireann a ghlacann le bunscoitheadh. In éineacht leis an gcoll, dhéantaí é ar an tsail (Salix spp.), an fhearnóg (Alnus glutinosa), an leamhán (Ulmus spp.) an fhuinseog (Fraxinus excelsior), an dair (Quercus spp.), an bheith (Betula spp.) agus an crann fia-úll (Malus sylvestris). Ní bhíonn an tréimhse chéanna ama idir ghearrthacha ag cineálacha crainnte éagsúla, agus braitheann an tréimhse freisin ar thiús an adhmaid atá ag teastáil. Ní bheifeá ag fanacht ach 4 go 7 mbliana le cois oirnéise a bhaint d’fhuinseog bhunscoite, ach thógadh scuab bheithe 15 bliain le fás.[6] Tugtar roschoill ar an gcoillearnach ina bhfuil an bunscoitheadh á dhéanamh. Ní ghearrfaí gach crann sa roschoill – ligfí do chrainnte ar leith sa roschoill fás go hard. Is ardchrann nó crann lánairde a thugtar orthu seo, agus is minic gur dair a bhí sa gcrann lánairde.
Bunscoitheadh agus an t-éiceachóras
In ainneoin gur bhfuiltear ag gearradh crainnte go minic i roschoillte, is gnáthóga saibhre iad ó thaobh na bithéagsúlachta de. Bíonn níos mó solais i roschoillte ná gnáthchoillte. rud a mheallann níos mó plandaí le bláthanna, amhail an tsailchuach (Viola spp.), coinnle cora (Hyacinthoides non-scripta), an grán arcáin (Ficaria verna), an nead choille (Anemone nemorosa) agus an tseamsóg (Oxalis acetosella). Meallann siad seo meachain, féileacáin, agus leamhain. Ach ní gá go mbeadh coinníollacha i roschoillte feiliúnach do phlandaí amhail brífítí (caonaigh agus aelusanna), nach mbeadh in ann ag an teas agus an solas a thagann tar éis a ghearrtar na crainnte.[15]
Dár ndóigh, níl sé molta bunscoitheadh a chleachtadh i gcoillte atá sean-bhunaithe, lena gcuid gréasáin thábhachtacha fhéin de léicin, caonach, agus raithneach. Ach mura mbainistítear roschoillte seanbhunaithe go cuí, tá baol go ndéantar damáiste dóibh, bíodh sin mar gheall ar innilt ó bheostoc agus fianna, nó gortghlanadh iomlán ag daoine. Fiú gan aon tionchar seachtrach, ceal bhainistithe, athróidh an roschoill go foraois ard, le raon difriúil crainnte, sceacha, agus plandaí. Mar go bhfuil meascán uathúil de phlandaí agus ainmhithe ag braith anois ar roschoillte, cuireann siad go mór le éagsúlacht na héiceachórais trí chéile.[15]
Úsáid an Adhmaid
Bhí crainnte dá bhunscoitheadh in Éirinn le fada an lá. B’as caolach agus dóib a dhéantaí tithe Bhaile Áth Cliath in aimsir na Lochlannach, a thugann le fios go raibh bunscoitheadh á dhéanamh ar scála ollmhór in Éirinn ag an am.[14]
Is iomaí úsáide a bhaintí as na cineálacha adhmaid a bhíodh á tháirgeadh sa roschoill. De réir taifead amháin ar na cuntais cartlainne ó roschoill i gCill Mhantáin luath sa 18ú aois déag, is 50% (de réir luacha) den adhmad a chuaigh i dtreo tógáil báid agus tógáil ginearálta, ag úsáid na crainnte lánairde den chuid is mó. Fuaireadar 36% den ioncam ó bheith ag díol coirte (as meascán d’ardchrainnte agus craobhacha bunscoite). Is do thionscadal na súdaireachta is mó a bhaintí úsáid as an gcoirt.
Rinne beart-adhmaid (cordwood) – as craobhacha bunscoite den chuid is mó – 8% den ioncam. D’úsáidtí an chuid eile den adhmad do chúipéirí (déantúsaíocht bairillí), agus chun oirnéisí éagsúla agus cnaipí d’éadaigh a dhéanamh. Dhéantaí fioghual as beart-adhmaid, a d’úsáidtí in oibreacha iarainn. Ba le coilínigh Shasanacha na hoibreacha iarainn agus is Sasanaigh, den chuid is mó, a bhíodh ag obair iontu. Ní mórán measa a bhí ag úinéirí na n-oibreacha ar oibrithe Éireannacha. Go deimhin, thugtaí oibrithe isteach as Sasana le chinntiú nach bhfoghlaimeodh an dream áitiúil an cheird.[16]
Sir Richard Moryson, President of Munster, believed that planting ‘this idle country with industrious people’ was the only way ‘both to enrich it and secure the people to His Majesty’s obedience in time.[16]
Thosaigh meath ag teacht ar roschoillte daracha tar éis 1815, nuair a tosaíodh ag úsáid iarainn i mbáid seachas adhmad, agus tosaíodh an iompórtáil oibreáin shúdaireachta nua ó Mheiriceá Theas le húsáid in áit coirt dhúchasach.[17] Tá rian na roschoillte ársa fós le feiceáil ar fud na tíre. Nuair a thréigtear roschoill, agus mura mbaintear na crainnte, coinníonn na meatháin ag fás. Is comhartha maith é sean-chrann ilstocach gur roshcoill a bhí ansin fadó.
Ach níl deireadh le cleachtas na roschoille bunscoite. Déantar bunscoitheadh anois ar shaileacha éagsúla chun bithmhais a chur ar fáil do thionscadal an fhuinnimh in-athnuaite.
Béaloideas an Choill
Deirtear i mbéaloidis na gCeilteach go raibh eolas na cruinne i gcraobhacha an chéad choll, a d’fhás in aice le tobar an eolais. Is nuair a d’ith an bradán feasa cnónna a thit ón gcrann isteach sa tobar a shealbhaigh an t-iasc sin eolas na cruinne. Ba mhinic do na Ceiltigh ársa ainmneacha pearsanta a bheith acu bunaithe ar ainmneacha na gcrainnte. De réir an tseanchais, bhí Mac Cuill mar cheann de triúr deartháireacha, le Mac Gréine agus Mac Cecht, sna Tuatha De Danann.[3]
Bhí cáil freisin ar an gcoll mar chrann a bhí cumhachtaí inti. Ceapadh nach bhféadfadh na ‘daoine maithe’ aon dochar a dhéanamh do dhuine a bheadh maide coill (nó burla de ghéaga)[6] ina lámh acu.
Is ceart maide choll a bheith i na láimh ag aoinne dul amach san oidhche, mar má buaileann aon droch nídh leat, cuirfidh an coll an rith ortha.
BnaS, 477:173
Bhí cumhachtaí leighis ag an gcrann freisin “téirigh amach le láidhe ag rómhair faoi chrann coll, agus déanfaidh sé leas do’n chos”(48:149) a moltar i gCo. na Gaillimhe do chois tinn. Bheadh an t-ádh leat dá dtabharfaí isteach sa teach craobh ón gcrann coille (agus roinnt crainnte eile) roimh bhreacadh an lae ar Lá Bealtaine. Ba léir go raibh aire na huibhe ag teastáil ón im san am atá caite, agus bhí réiteach sa gcrann coill don ghadaíocht a bhí forleathan ag an am:
Is ceart bata coll do cuir mór-thímpeall barraille an ime oidhche lae Bealtaine mar ní fhéadfadh aoinne an t-ím do thógaint fan na bliadhna.
BnaS, 330:253
Bhí an phágántacht luaite chomh mór sin leis an gcollchnó gur tugadh an t-ainm Philibert ar na cnónna ón bplanda Corylus maximus, in ómós do mhairtíreach Críostaí, is cosúil leis an phágántacht a mhaolú. Filbert atá ar na cnónna sin i mBéarla anois (faoisceog i nGaeilge).
Tá an ainm an choill le feiceáil sa bhfocal collóireacht, an phiseog a bhí (agus atá fós) ann chun uisce a aimsiú faoi thalamh. D’úsáidtí gabhlóg coill (géag coill le gabhal ann) leis an uisce a aimsiú.[18] Ní uisce amháin a d’aimseofá le gabhlóg coille. Tá tagairt i mBailiúchán na Scol ó Cho. Liatroma de chollóir críonna a bhí in ann gual, ór, agus fiú ola a aimsiú, ag brath ar cén treo a bhogadh an ghabhlóg. Dar leis an mbailitheoir, b’iomaí collóir a chonaic sé ina shaol, ach ní raibh aon duine acu seachas an fear seo in ann doimhneacht an uisce a dhéanamh amach.(229:101) Aisteach go maith, in ainneoin go maítear go bhfuil ceangal osnádúrtha le huisce ag an gcoll, ní luaitear é le toibreacha na tíre mar a luaitear an fhuinseog (Fraxinus excelsior) agus an bheith (Betula spp.).[6]
Is iomaí logainm in Éirinn leis an bhfocal coll iontu. Tá Eachaire Collchoille i gCo. Muineacháin agus Baile Coill i gCo. Mhaigh Eo. Ceaptar gur ón gcoll a tháinig Caillteanán i gCo. Shligigh, Cúil Damhnata i gCo, Muineacháin, agus Calaros i gCo. Chiarraí, i measc iliomad logainmneacha eile in Éirinn.[19]
Íomhánna Eile
Tagairtí
1. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
2. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.
3. Ó hÓgáin, D., Trees in Irish Lore. Irish Forestry, 2003. 60: p. 46-60.
4. Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.
5. Coppins, A.M. and B.J. Coppins, Atlantic Hazelwoods – a neglected habitat? Botanical Journal of Scotland, 2003. 55(1): p. 149-160.
6. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
7. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
8. Zhang, T.-J., et al., A magic red coat on the surface of young leaves: anthocyanins distributed in trichome layer protect Castanopsis fissa leaves from photoinhibition. Tree Physiology, 2016. 36(10): p. 1296-1306.
9. Müller, A.K., et al., Nutrient composition of different hazelnut cultivars grown in Germany. Foods, 2020. 9(11): p. 1596.
10. Król, K. and M. Gantner, Morphological Traits and Chemical Composition of Hazelnut from Different Geographical Origins: A Review. Agriculture, 2020. 10(9): p. 375.
11. McComb, A.M.G. and D. Simpson, The Wild Bunch: Exploitation of the Hazel in Prehistoric Ireland. Ulster Journal of Archaeology, 1999. 58: p. 1-16.
12. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
13. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
14. Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.