Ainmneacha Eile: Saileánach
Béarla: Basket Willow, Osier
Tréithe na Sceiche
- Sceach ilghasach, dhuillsilteach
- Duilleoga fada, lansacha.
- Fásann sé ar ais go tréan má ghearrtar é.
Saighleánach. Luibh nach bhfásann ach i n-áit uaigneach ar oileán nó i n-áit nach mbeadh duine nó beithidheach ag dul. Fásann sé árd agus tuigh. Bhíonn billeoga leathana fada air. Déantar potaí gliomach dhó freisin le h-aghaidh gliomaigh a mharbhú.
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 462
Stair an Phlanda
Is planda neamhdhúchasach atá sa saighleánach, a tugadh isteach am eicínt idir tús na haoise neoilitigh agus AD 1500. Is sceach, seachas crann, a dhéanann an planda seo go hiondúil. Má ghearrtar siar na géaga fada, fásfaidh siad ar ais níos tréine, agus ba mhinic na crainnte seo a bheith curtha taobh amuigh de thithe le húsáid sa gcaoladóireacht. Is é seo ceann de na cúiseanna go bhfuil sé le fáil anois ar fud na hÉireann, in ainneoin gur planda neamhdhúchasach é. Go deimhin, ceaptar go raibh an oiread sin tóir ar an gcrann sin mar acmhainn chaoladóireachta, gur thug daoine go hiarthar na hEorpa é, óna cheantar dúchais sa Rúis, san aimsir réamhstairiúil.[1]
Is iad bruacha gairbhéil aibhneacha agus srutháin gnáthóga nádúrtha an chrainn seo, agus fásann sé go tapaidh le gur féidir leis greim a fháil ar an gcréafóg chorraitheach sin.[1] Tá sé nádúraithe anois i ndraentacha, ar bhruacha aibhneacha, agus i ngarrantaí fliucha na tíre.
Cuma an Chrainn
Cé gur minic gur sceach ilstocach a bhíonn sa saileánach, is féidir leis crann 10m a dhéanamh má thugtar an deis sin dó.[1] Bíonn an choirt liathdhonn le scoilteacha ceartingearacha uirthi. Is iad na géaga caola, fada, díreach na coda is suntasaí den saileánach. Dath buíghlas a bhíonn ar na géaga míne seo.
Bíonn na bachlóga glas, beagáinín clúmhach, agus brúite suas in aghaidh na géaga. Bíonn na duilleoga fada (20cm) agus caol (1cm). Is dath glas, neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtair na nduilleog neamhchlúmhach. Bíonn an taobh íochtair bán agus clúmhach.[2]
Mar aon le saileacha eile, bíonn antair na gcaitíní fireanna buí agus na is dath glas a bhíonn na caitíní baineanna. Tagann na caitíní ubhchruthóideacha, ceartseasmhacha amach sula dtagann na duilleoga ar an gcrann. Is síolta beaga bídeacha a fhásann ar na caitíní baineanna tar éis dóibh pailniú.
Úsáid an tSaighleánaigh
Caoladóireacht
Is mar ábhar caoladóireachta is mó a bhaintí úsáid as an saighleánach, cé gur iomaí speiceas, hibrid, agus saothróg a d’úsáidtí, agus a úsáidtear fós, i gceird na caoladóireachta. Mar shampla, is hibrid é an Fine Basket Osier[3] (Salix x forbyana) den tsaighleánach (Salix viminalis), an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) agus an tsaileach chorcra (Salix purpurea). Déantar earraí láidre as géaga a ghearrtar sa ngeimhreadh.[4]
Go stairiúil dhéantaí cléibh, ciseoga, ciseáin, potaí gliomaigh, agus neart rudaí eile ag géaga sailí. Cé gur mó éilimh a bhí ar an saighleánach i gceird na caoladóireachta, bhaintí úsáid as an gcoll (Corylus avellana), as fraoch, nó fiú as driseacha mura mbeadh an dara rogha ag an gcaoladóir.
Úsáidí Eile
Amhail go leor saileacha eile, tá an saighleánach in ann miotail throma agus truailleáin eile a shú isteach ina chuid fréamhacha agus duilleoga. Baintear úsáid as chun fítileasúchán a dhéanamh ar thalamh atá truaillithe, go háirithe timpeall ar mhianaigh.[5] Fástar é freisin chun bithmhais a chur ar fáil.
Tá níos mó eolais faoi shaileacha –béaloideas a bhaineann leo, úsáid sa bpobal, agus éiceolaíocht na saileach – le fáil ar an leathanach faoin ngéineas Salix.
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
2. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
3. Wilkinson, G., A History of Britain’s Trees. 1981: Hutchinson.
4. Stace, C.A., C.D. Preston, and D. Pearman, Hybrid Flora of the British Isles. 2015: Botanical Society of Britain & Ireland.
5. Mleczek, M., et al., Salix viminalis L.-A highly effective plant in phytoextraction of elements. Chemosphere, 2018. 212: p. 67-78.