You are currently viewing  An Fhearnóg <br><span style='font-size:16px;'>Alnus glutinosa</span>

An Fhearnóg
Alnus glutinosa


Ainmneacha Eile: An Fhearnóg Choiteann, Fearn, Crann Fearna

Béarla: Alder, Common Alder, Black Alder


Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Crann duillsilteach atá coitianta ar fud na tíre.
  • Duilleoga móra ciorclacha.
  • Fanann na torthaí feoite ar an gcraobh sa ngeimhreadh.

Fearnóg ag fás ar bhruach na habhann.

Réimse agus Gnáthóga na Fearnóige

Fásann an fhearnóg choiteann ar fud na hEorpa, chomh fada soir leis na sléibhte Chugais, ó dheas go dtí an Mheánmhuir agus suas go deisceart Chríoch Lochlann.[1] Is planda téisclime í, crann dúchasach a tháinig go hÉireann go gairid tar éis na hoighearaoise deiridh.[2] Fásann an crann go héasca ó shíolt agus, má fhaigheann sé neart solais, glacann sé seilbh tapaigh ar dhroch-thalamh.

Fásann sé i gcineálacha éagsúla créafóige, ach faightear fearnóga ach go háirithe i ngnáthóga fliucha. Tá bogthaise atmaisféir ard ag teastáil uaidh an gcrann, chomh maith le os cionn 1500mm in aghaidh na bliana de bháisteach, mura bhfuil foinse uisce talún, le go bhfásfaidh fearnóga go maith.[3] Taitníonn aibhneacha agus srutháin leo, agus tá an fhearnóg ar cheann de na crainnte is mó a luaitear le heiceachórais bhruachánacha na hEorpa. Ní chuireann sáile as d’fhearnóga ach an oiread — éiríonn go maith leo ar chósta iarthair na tíre — agus fásann siad go 500m nó mar sin. Fásann an fhearnóg in éineacht leis an bhfuinseog (Fraxinus excelsior) agus saileacha (Salix spp.) éagsúla i gcoillte, ar chréafóg atá leathbháite i gcónaí[4]. Is ar na húdair seo go léir gurb í an fhearnóg ceann de na crainnte is fairsinge in Éirinn.

Fearnóg ar an bportach sa ngeimhreadh.

Cuma na Fearnóige

Fásann an crann go sciobtha sna chéad seacht mbliana dá saol, ach moillíonn an ráta fáis ina dhiaidh sin. Ní crann an-ard í — baineann sí amach 20m ar airde ar an meán agus ní crann í a mhaireann i bhfad ach an oiread. Bíonn an fhearnóg lánfhásta ag idir 30-40 bliain d’aois, agus baineann sí uasairde amach ag timpeall 60 bliain d’aois.[5] Aithnítear fearnóg atá os cionn 150 bliain mar chrann ársa.[6]

Is iondúil gur cuma chónchruthach a bhíonn ar fhearnóga aibí, cé go mbíonn cruthanna difriúla orthu ag braith ar choinníollacha an tsuímh. 29m ar airde atá an fhearnóg is airde sa tír, ach is níos minice a bhíonn siad idir 20-25m, agus níos lú ná sin ar an gcósta iarthair. Bíonn siad beag, craobhach, agus sceachach ar thalamh ard, feannta, ach is crainnte ard, galánta iad sa bhfoscadh. Is dath geal corcairdhonn a bhíonn ar choirt na gcrainnte óga, agus éiríonn an choirt dorcha agus scoilteach i gcrainnte níos sine. Dath donn nó dearg a bhíonn ar na géaga óga agus bíonn siad neamhchlúmhach.[7]

Bachlóg duilleoige na fearnóige.

Duilleoga na Fearnóige

Is dath liath nó corcairghorm a bhíonn ar na bachlóga ubhchruthacha, leathfhada. Mar go mbíonn dath corcra freisin ar na caitíní dorcha sa ngeimhreadh, bíonn scáil chorcra trí chéile ar na crainnte loma ag an am sin den bhliain.

Bíonn dath glas dorcha ar dhá thaobh na nduilleog agus cruth ciorclach nó piorrach orthu. Bíonn an dromchla féitheach, bíonn imeall na nduilleog fiaclach (seachas sa gcuid sin den duilleog atá gar den ghas), agus scaití bíonn eang ar bharr na nduilleog (bíonn duilleoga na fearnóige liath, Alnus incana, biorach). Bíonn meánfhéith láidir ag dul síos lár na duilleoige agus go hiondúil 6-8 péire féitheacha ag síneadh amach ón meánfhéith sa lár chuig an imeall. Faigheann an fhearnóg an t-ainm Laidine glutinosa (a chiallaíonn greamaitheach) mar go mbíonn na duilleoga, na bachlóga, agus na géaga óga greamaitheach le roisín san Earrach.

Duilleoige na fearnóige. Tá eang bheag ar bharr na duilleoige.

Bláthanna agus Torthaí na Fearnóige Coitinne

Tagann bláthanna na fearnóige ar an gcrann sula dtagann na duilleoga. Is planda moinéiciach é — bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna fada (thart ar 10cm) agus crochta, ag titim anuas ón ngéag. Dath buí a bhíonn siad san Earrach. Bíonn na caitíní baineanna glas nuair a bhíonn siad óg, agus dubh nuair a thagann siad chun aibíocht. Cruth ubhchruthach a bhíonn orthu, agus bíonn idir trí agus ocht gcaitín ar chaon gas. Tagann bláthanna ar na caitíní idir Feabhra agus Aibreán (cé go mbíonn siad forbartha ón bhfómhar na bliana roimhe sin).

Pailnítear na bláthanna baineanna sa ngaoth — scaiptear an go leor pailine i Márta agus Aibreán, a chothaíonn fiabhras léana san Earrach iontu siúd atá so-ghabhálach.[8] Forbraíonn an toradh – a bhreathnaíonn cosúil le buaircín – i gcaitheamh an tsamhraidh. Athraíonn siad ó ghlas go donn de réir mar a thriomaíonn siad agus osclaíonn siad timpeall mí Dheireadh Fómhair chun na síolta a scaoileadh amach.

Bíonn na síolta donn (is samáir iad, síolta beaga sciathánacha) leacaithe agus chomh héadrom sin go scaiptear sa ngaoth iad. Fanann na síolta ar bharr uisce, tréith a chuidíonn le fearnóga a fhásann i ngnáthóga fliucha amhail aibhneacha, locha, agus riasca, scaipeadh agus iomadú. Fanann na buaircíní feoite adhmadacha ar an gcrann ar feadh bliain eile. Bíonn tuairim is 4000 caitín ar an bhfearnóg agus ceaptar nach scaoileann, i measc na gcrainnte dúchasacha, ach beitheanna (Betula spp.), an crann creathach (Populus tremula) agus saileacha (Salix spp.) níos mó síolta ná an fhearnóg.

Caitíní baineanna na fearnóige.
Caitíní fireanna na fearnóige.

Dúlra na Fearnóige

Is iomaí ainmhí agus feithid a bhíonn ag brath ar an bhfearnóg le maireachtáil. Meallann neachtar na gcaitíní meachain (cé nach bhfuil a gcúnamh ag teastáil ón bhfearnóg le pailin a scaipeadh) agus is minic a fheictear bratóg an leamhain fearnóige (Acronicta alni) ag ithe duilleoga na fearnóige. Itheann éin, go háirithe lasairí choille (Carduelis carduelis) agus meantáin, síolta na fearnóige díreach ón mbuaircín.

Tá an fhearnóg faoi léigear sa mBreatain ag an úimícéit (orgánach atá gaolmhar le halga) uisce-iompartha Phytophthora spp. Lobhann sé an rúta agus coiléar na bhfréamhacha (an chuid sin den stoc in aice na talún). Bíonn duilleoga beaga buí, a thiteann luath, ag crainnte atá ag fulaingt leis an ngalar marfach seo, agus sceitheann an stoc substaint dubh tearúil.[8] Tugtar críonadh siar ar éifeacht an ghalair ar an gcrann. Ó tugadh an galar seo faoi deara sa mBreatain i 1993, tá sé feicthe anois ar fud Mhór-roinn na hEorpa agus in Éirinn. Is í an fhearnóg choiteann is mó atá leochaileach don ghalar seo.[9]

Torthaí na fearnóige i mí Iúil. Tá ionfhabhtú fungais orthu seo ar a dtugtar teanga fhearnóige.

Galar eile a bhuaileann fearnóga is ea ‘teanga fhearnóige’, ionfhabhtú an fhungais Taphrina alni. Mar thoradh ar seo, fásann gál (fásóg neamhghnáthach a bhíonn ar phlandaí) a bhreathnaíonn cosúil le teanga as torthaí glasa na fearnóige. Ní léir go ndéanann sé dochar den chrann fhéin, ach is aisteach an radharc iad na teangacha ag gobadh amach ó thoradh an chrainn.

An Fhearnóg agus an tSochaí

Is adhmad éadrom neamh-mharthanach é adhmad na fearnóige agus ní bhaintear mórán úsáide ar leith as, seachas chun cuaillí agus troscán a dhéanamh.[10] Cé nach maireann sí i bhfad taobh amuigh, is adhmad crua é agus thugtaí “mahagaine Éireannach” ar an adhmad san am atá caite.[11] Ní loghann an adhmad na fearnóige go héasca nuair a bhíonn sé fliuch, agus mar sin d’úsáidtí é i mbáid, i loc-chomhlaí i gcanálacha, gradhanna cósta, agus mar phíopaí uisce. Is as adhmad fearnóige a dhéantaí sálaí na bpaitíní (bróga adhmaid) in Éirinn go deireadh an 19u aois.[10, 12]

Is ionann an litir F agus an fhearn, nó an fhearnóg, san aibítir oghaim.[13] Bhí an crann freisin ar cheann de na aithig fhedo (gnáthchrainn na coille) sa bhFéineachas in Éirinn na Meánaoise. Bhí crainnte faoi chosaint ag dlíthe na tíre ag an am agus ghearrtaí pionós de bhó bhainne dá ndéanfaí damáiste d’fhearnóg.[14]

Fritheadh sciath Annadale i bportach i Co. Liatroma in 1863 agus tá sé ar cheann den bheagán samplaí Éireannacha de sciath adhmaid. Is as adhmad na fearnóige atá sé déanta. ©Museum Náisiúnta na hÉireann

Fearnóga ar thaobh an bhóthair sa samhradh.

Dhéantaí sciatha as adhmaid na fearnóige fadó in Éirinn — aimsíodh ceann mór beagnach 70cm ar fhad sa bportach i gCo. Liatroma in 1863.[15] In Éirinn, bhí mí-ádh ag dul don duine a théadh thar fhearnóg, agus bhíodh sí ní b’fhearr don té an crann a sheachaint ar fad.[16, 17] Athraíonn dath an adhmaid go dearg-oráiste nuair a ghearrtar é. Ceaptar go bhfuil baint ag dath fola an adhmaid leis an mí-ádh seo atá ag dul don chrann, agus míniú b’fhéidir go bhfuil an crann agus an cogadh comhchiallach sa mbéaloideas.[18] Maítear freisin go mb’fhéidir go raibh mí-ádh leis an gcrann seo mar gur bagairtí do thaistealaithe a bhí sna rógairí a bhíodh sna háiteanna fliucha céanna inar fhás fearnóga.[8]

Is féidir an fhearnóg a bhunscoitheadh, agus cuireadh fáschoillte fearnóga le fioghual a dhéanamh do phúdar gunna. Is ón bhfearnóg, an tsaileach bhán (Salix alba) agus an draighean fearna (Frangula alnus) a dhéantaí an fioghual is fearr.[19] Bhí monarchan fioghuaile mór i mBaile an Chollaigh, Corcaigh, nó gur dúnadh é i 1903.

D’úsáidtí coirt na fearnóige chun faithní a leigheas i gCo. na Gaillimhe(18:283). Bhí an úsáid chéanna á bhaint as an bhfearnóg i Sasana — sa gcás sin bhailídís an líon céanna bachlóga ón gcrann agus a bhí faithní le leigheas agus chuiridís sa talamh iad.[20] Ní léir go bhfuil aon cheo speisialta sa bhfearnóg chun faithní a leigheas — is iomaí planda eile atá luaite mar leigheas d’fhaithní – an crann creathach, an fhéithleog, an fhuinseog, agus an draighean ina measc. Go deimhin tá 33 leigheas difriúla d’fhaithní luaite i mBailiúchán na Scol, ina measc fataí, an Tríonóid Naofa, agus líochán ó mhadra.[21]

Luaitear an fhearnóg mar leigheas ar bhreoiteachtaí éagsúla — mar shampla luaitear i mBailiúchán na Scol go raibh an choirt go maith do dhó craicne.(99:37) B’fhéidir go raibh údar maith ag daoine codanna den fhearnóg a úsáid mar seo. Tá fianaise ann go bhfuil tréithe frithmhiocróbach ag an bplanda a chuidíonn leis an gcorp cneasú.[22] Tá comhdhúile athlastacha faighte sa bhfearnóg, freisin, a d’fhéadfaí cabhrú le raon leathan breoiteachtaí.[23]

Bhídís ag úsáid fearnóga le héadach a dhathú in Éirinn, agus is iomaí dath a chuireann codanna an chrainn seo ar fáil. Cuireann an choirt dath dearg nó dubh ar éadach, faightear dath glas óna caitíní, agus dath buí óna géaga óga.[10] Tá cur síos ar an gcur chuige dathaithe déanta ag Éamonn Breathnach, ó Ros Cathail, Co na Gaillimhe, i mBailiúchán na Scol:

“Fadó bhíodh na sean-daoine ag dathú a gcuid olann féin. Ar dtús chuiridís fearnóg agus dreiseacha i bpota i n-éinfeacht leis an olann. Líonaidís le uisge é agus choinghbheóch siad ag fiuchadh ar theine mhaith é go ceann lá go leith é go mbeadh an olann ruamuighthe. Bhíodh láib le fághail i bpoll amuigh ar an sleibh. Tugtar abhaile na mbuicéid é agus measgadh tríd an olann é agus do fiuchadhais lá uilig é no go mbeadh sé daithte dhubh. Annsin thógfaidis amach as an bpota an olann agus sgarfaidís i n-áirde ar clocha é go silfeadh sé. Annsin sgarfaidís amach e le n-a thiormúgadh is é a bheadh go bhreagh dubh annsin.”

BnS, 67:223

Tá tainnin i gcoirt na fearnóige freisin agus bhaintí úsáid as i dtionscadail na súdaireachta — sé sin ag athrú craiceann bheithí go leathair. Cé go dtugann an tainnin atá i gcrainnte amhail an fhearnóg agus an bheith (Betula spp.) dathanna maithe dearga agus donn don leathair agus oibríonn sé go tapaidh, ní bhíonn an leathair seo chomh marthanach agus chomh uiscefhriotaíoch i gcomparáid leis an leathair a bhfaighfeá ag úsáid tainnine ón dair (Quercus spp.).[24]

Cuirtear fearnóga in Éirinn chun baol tuillte a mhaolú agus le bruach aibhneacha a láidriú mar go ndaingníonn na fréamhacha an chréafóg fhliuch. Mar go bhfuileadar in ann ag coinníollacha fiáine, baintear úsáid astu freisin mar chrios foscadh.

Fearnóga agus Logainmneacha

fearnóg agus fearn le feiceáil i logainmneacha ar fud na tíre, Fearna (Loch Garman) agus Buiríos na Fearna (Uíbh Fhailí) ina measc.[11] Tá Baile na bhFearn i gCo. an Dúin.[25]fearnán agus fearnáin i logainmneacha freisin (Béal Átha Fearnáin i Ros Comáin). Tá Baile na mBarróg i gCo. Mhaigh Eo. Is léir gur focal eile é barróg don fhearnóg, nó slata fearnóige.[25] Tá Cora Fearnacháin in gCo. Chabháin – ‘ceathrú’ is brí le ‘cora’ agus áit ina bhfuil fearnóga atá sa bhfearnachán.

Íomhánna Eile

Tagairtí

1. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

2. Molloy, K. and M. O’Connell, Post-glaciation plant colonisation of Ireland: fresh insights from An Loch Mór, Inis Oírr, western Ireland. The Irish Naturalists’ Journal, 2014. 33: p. 66-88.

3. Claessens, H., et al., A review of the characteristics of black alder (Alnus glutinosa (L.) Gaertn.) and their implications for silvicultural practices. Forestry: An International Journal of Forest Research, 2010. 83(2): p. 163-175.

4. Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.

5. Fennessy, J., Common alder (Alnus glutinosa) as a forest tree in Ireland. Reproduction Material,(8), 2004: p. 80-84.

6. Ancient Tree Inventory. Available from: https://ati.woodlandtrust.org.uk/.

7. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

8. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

9. O’Hanlon, R., J. Wilson, and D. Cox, Investigations into Phytophthora dieback of alder along the river Lagan in Belfast, Northern Ireland. Irish Forestry, 2022. 77(1&2): p. 33-48.

10. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

11. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.

12. Uí Dhálaigh, E., Cúram na gCos, in Bailiúchán na Scol, U. Cnuasach Bhéaloideas Éireann, Editor. 1938.

13. Graves, C. and C. Limerick, THE OGHAM ALPHABET. Hermathena, 1876. 2(4): p. 443-472.

14. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.

15. Wilde, W.R., On an Ancient Irish Wooden Shield. Proceedings of the Royal Irish Academy (1836-1869), 1861. 8: p. 487.

16. Súilleabháin, S.Ó., F.o.I. Society, and S.Ó. Duilearga, A Handbook of Irish Folklore. 1942: Educational Company of Ireland.

17. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.

18. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

19. Smith, G., Medieval Gunpowder Chemistry: A Commentary on the Firework Book. Icon, 2015: p. 147-166.

20. Drury, S., Plants and Wart Cures in England from the Seventeenth to the Nineteenth Century: Some Examples. Folklore, 1991. 102(1): p. 97-100.

21. Barron, C. and T. Soverino, Snails, Water in a Stone, and Holy Wells: An Examination of Wart Cures from the Irish Schools’ Folklore Collection, 1937–38. Folklore, 2020. 131(4): p. 386-412.

22. Altinyay, C., et al., Antimicrobial activity of some Alnus species. Eur. Rev. Med. Pharmacol. Sci, 2015. 19(23): p. 4671.

23. Ren, X., et al., The Genus Alnus, A Comprehensive Outline of Its Chemical Constituents and Biological Activities. Molecules, 2017. 22(8): p. 1383.

24. Redwood, M., Vegetable tannins and their colouring effect with leather. 2020.

25. Joyce, P.W., Irish Names of Places. 1913, Baile Átha Cliath: Phoenix Publishing Ltd.