Ainmneacha Eile: Bualtraidh[4, 9], Ruis[6, 9, 10], Crann Droim[6], Crann Ealdruim[6], Craobh/Crann Dromáin[6], Tromán[6, 9] (dim)
Béarla: Elder, Boor Tree, Bore Tree
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Bláthanna móra bána sa samhradh
- Duilleoga cleiteacha, amhail an fhuinseog
- Caora dubha sa bhfómhar
- Laíon i lár ghéaga an chrainn.
Réamhrá
Is planda duillsilteach dúchasach an trom atá fairsing ar fud na hÉireann.[5] Cé gur níos cosúla le sceach ná crann atá an trom, tá sé in ann airde 10m a bhaint amach nuair a fheileann na coinníollacha dó.[6] Fásann sé chomh fada soir leis an réigiúin Chugais, agus ó dheas go dtí an Ghréig agus tuaisceart na hAfraice, ach ní fheictear an crann níos faide ó thuaidh ná tuaisceart na hAlban.[7]
Is iondúil go bhfásann sé ar thuilemhánna, ar bhruacha aibhneacha, nó i gcoillte fliucha, ach fásfaidh an trom i raon leathan coinníollacha – i gcoillearnaí, ar thalamh briste, nó mar chrann fáil.[8] Fásann sé ar shléibhte freisin – go 310m i gCo. Chiarraí.[9]
Bíonn stoc gearr ag an gcrann agus maireann sé ar feadh timpeall 60 bliain. Is furasta an trom a aithint ón gcoirt gheal, liathdhonn a bhíonn air – ní mórán sceacha eile a bhíonn coirt chomh geal acu. Éiríonn an choirt tiubh, scoilteach, agus corcúil le haois.
Duilleoga an Troim
Bíonn cuma ghioblach ar bhachlóga corcairdhearga na nduilleog sa ngeimhreadh. Bíonn scálaí spíceacha orthu agus is minic na duilleoga a fheiceáil ag gobadh amach as barr na bachlóige. Is ar aghaidh a chéile ar an ngéag a bhíonn na bachlóga duilleoige.
Osclaíonn na duilleoga an-luath sa mbliain – an chéad tseachtain de mhí Eanáir in iarthar na tíre. Is duilleoga cleiteacha a bhíonn ar an ngéag, le idir 5 agus 7 duillín i bpéirí ar chaon taobh den dhuilleog, agus duillín amháin ar bharr na duilleoige. Bíonn cruth éilipseach nó ubhchruthach ar na duillíní, bíonn na himill fiaclach, agus bíonn bior ar bharr gach duillín. Dath glas dorcha neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtair an duillín, agus bíonn dath níos gile ar an taobh íochtair. Fásann na duilleoga ar aghaidh a chéile ar an ngéag. Bíonn drochbholadh uaidh na duilleoga.
Bláthanna agus Torthaí an Troim
Is planda heirmeafraidíteach é an trom – tá codanna atáirgthe baineanna agus fireanna sa mbláth céanna. Dath an uachtair a bhíonn ar bhláthanna an troim nuair a osclaíonn siad ag deireadh Mí Bealtaine. Is míoltóga agus feithidí beaga eile, meallta ag boladh láidir na mbláthanna, a dhéanann iad a phailniú[6, 10] cé go gceaptar freisin go bhfuil ról ag an ngaoth i bpailniú na mbláthanna. Tar éis pailnithe, fásann drúip bheaga (5-7 mm) ar gach mbláth. Tugtar caora orthu seo (tugtar ceireachán nó ceireacháin dhubha orthu freisin[3]), agus athraíonn siad ó ghlas go corcairdhubh le linn an tsamhraidh. Tagann siad chun aibíochta i Mí Lúnasa.
Mar go n-aibíonn na torthaí an troim roimh chrainnte eile, itheann níos mó éanacha – smólaigh agus druideanna san áireamh – torthaí an phlanda seo ná aon chrann eile.[6] Maraon le crainnte eile le caora mar thorthaí orthu, scaipeann ainmhithe na síolta freisin.[11] Mar nach ndíleánn na hainmhithe na síolta, is furasta don trom scaipeadh go forleathan.
Gnáthóga an Troim
Ní itheann coiníní na plandaí óga, agus is minic go bhfásann sceacha troim timpeall ar choinicéir coiníní.[6] Lobhann na duilleoga níos sciobtha ná duilleoga aon phlanda eile seachas an neantóg (Urtica dioica) mar go bhfuil an oiread sin nítrigin iontu.[6]
Taitníonn ithir atá saibhir le nítrigin leis an trom agus fásann sé in áiteanna ina bhfuil an chréafóg saibhrithe ag fuíll daoine nó ainmhithe. Mar sin, is timpeall ar fhothracha go minic a fhásann an trom,[12] agus má tá trom ag fás leis fhéin in áit iargúlta, chuile sheans go raibh áitreabh in aice leis, tráth den tsaol.[6] Is amhlaidh a bhíonn sé le neantóga, planda eile a thaitníonn nítrigin leo. Deirtear faoi áiteanna mar seo, de réir údar ón 9ú céad, “Trí comartha ldthraig mallachtan: tromm, tragna, nenaid”, (trí chomhartha d’áit mallaithe: trom, traonach, neantóg).[13]
An Trom sa bPobal
Úsáid an Troim
Tá an trom ar cheann de bheagán plandaí a bhfuil níos mó tóir ar na bláthanna ná atá ar na caora. Déantar fíon, tae agus coirdial as na bláthanna.[9, 14] Tá mianraí agus vitimíní sna caora ach moltar gan iad a ithe gan próiseáil a dhéanamh orthu roimh ré. Tá duilleoga agus gas an chrainn nimhneach.[15]
Déantar datháin bia agus comhábhair d’earraí cógaisíochta as na caora, agus déantar freisin iad a phróiseáil go síoróipí, glótháin, agus súnna. Tá ciainíd hidrigine (HCN), nimh chumhachtach, sna duilleoga. Seachnaíonn feithidí an crann, agus úsáidtear codanna an chrainn chun an ruaig a chur ar fheithidí.[16] Chrochtaí timpeall ar dhéirithe é chun na míoltóga a choinneáil uathu.[15] Úsáidtear an trom i ndathú freisin – faightear dathanna éagsúla ón gcoirt, na duilleoga, agus na caora.[6]
Géaga agus Laíon Troim
Is féidir an laíon atá i lár na ngéag a bhaint amach, agus an ghéag tholl a úsáid mar fheadóg nó mar shéideadán. I bhFearann an Choirce, Inis Mór, dhéanadh na gasúir gunnaí as géaga tolla an troim agus chaithidís uisce agus piléir lena chéile.[17] Dhéanfaidís cliabháin éin as saileacha (Salix spp.) agus an coll (Corylus avellana) le héanacha a ghabháil. In áiteanna eile bhíodh an cliabhán fhéin déanta as slata troim.
Maítear go dtagann ainm Béarla an chrainn, elder, ón bhfocal Angla-Shacsanach aeld a chiallaíonn tine, mar go n-úsáidtí na gais tholl chun tinte a mhéadú. Dhéantaí píopaí as na gais freisin.[18]
Tá adhmad bánbhuí an troma crua agus in oiriúint do shnoíodóireacht. Is as adhmad an troim freisin a dhéantar pionnadhmaid (pegwood), a úsáidtear chun innealra agus ionstraimigh íogaireacha a ghlanadh. Bhí an t-adhmad go maith chun ola, gréis, agus salach a bhaint den innealra. Tá cáil ar an bhfeoras (Euonymus europaeus) freisin mar ar chaighdeán a phoinnadhmad, ach bhí an trom níos fairsinge.[19] Tugtar pegwood tree ar an bhfeoras freisin.
In Albain d’úsáidí géag tholl den trom mar sconna chun sú na beithe (Betula spp.) a scaoileadh den chrann. Níl aon fhianaise ann go raibh an rud céanna amhlaidh in Éirinn, ach bhíodar ag baint sú as beitheanna sa tír seo freisin, agus luíonn sé le réasún go mbeadh an cur chuige céanna acu in Éirinn agus a bhí in Albain.[15]
Leigheas
D’úsáidtí an trom níos minice, agus níos fairsinge, chun breoiteachtaí a leigheas ná aon chrann eile, in Éirinn agus sa mBreatain.[20] Ach bhí cuid de na leigheasanna neamhghnách. Le fuil sróine a leigheas i gCiarraí, chuirfeá an chréafóg atá faoi sceach troim leis an tsrón. Más faithní a bhí ag cur as do dhuine, ní ma ghá ach duilleoga an troim a chuimilt orthu chun an ruaig a chur orthu i gCo an Chláir, ach bhí slata troim le cur sa talamh i gCo. Liatroma leis an éifeacht chéanna a bhaint amach.[15] Ach bhí cur chuige eile i Port Láirge – bhí gearrthacha le cur ar bhata troim le gach faithne a bhí le leigheas, an bata a chur i mála. D’fhéadfá ansin mála a chur sa talamh, agus fanacht:
Fadó dá mbeadh faithne ar dhuine ní bheadh le déanamh aige ach bata truimd’fhághail agus gearradh a chur ann do gach ceann des na faithne a bhí air agus an bata a chur isteach ins an gcré annsan. Chomh luath is a lobhfadh an bata imtheóchadh an faithne,
Bailiúchán na Scol, 645:109
Bhí leagan eile ar an gcur chuige seo freisin:
Cuir an bata i mála annsan agus fág ag an gcrosaire é. An té a sciobann an mála tógfa sé an faithne leis agus imtheóca siad uait-se.
Bailiúchán na Scol, 645:110
Ní fios cén bunús eolaíoch atá leis seo – deir an duine céanna gur féidir seilmide a chuimilt ar na faithní, agus nuair a gheobhaidh an seilmide bás, imeoidh siad uait.
Dhéanadh tréidlianna iarracht an trom a úsáid chun an cheathrú dhubh i mbeithígh a leigheas[15] – cé go nach bhfuil aon fhianaise go bhfuil éifeacht ar bith aige seo.[21]
Ach ba léir go raibh daoine ag brath ar an trom. Tá fréamhacha an chrainn go maith, ach iad a bhruith, le tinneas cinn a leigheas, dár le tagairt amháin i mBailiúchán na Scol as Co. Chiarraí. Bhí na duilleoga go maith le dó a leigheas. Moladh fíon na gcaora chun sciaitíce a mhaolú.[1] D’úsáidtí an choirt, a bhfuil tréithe purgóideach agus fualbhrostach ann, chun titimeas agus othrais bhainistiú.[15, 20]
D’úsáidtí laíon an chrainn chun cóireáil a dhéanamh ar bhorrphéisteanna.[15] Bhaintí leas as na duilleoga chun breoiteachta broinceacha agus scamhógach a leigheas.[9] Má bhí pobail ar fud na hEorpa ag baint úsáide as an trom mar chógas leighis do bhreoiteachtaí tromchúiseacha, luíonn sé le réasún go raibh údar bailiú acu. Agus b’fhéidir go raibh an ceart acu – léiríonn staidéir ar chomhdhéanamh an phlanda go bhfuil tréithe frithbhaictéarach, frithvíreas, frithdhúlagrán agus fhrithshiadach ag an trom.[22] [23]
Pisreoga
Bhí mí-ádh ag dul don trom mar gur ceapadh gur ón gcrann seo a chroch Iúdás é fhéin tar éis dó Íosa a bhraith.[20] Mar thoradh air seo, tugadh drochbholadh do na duilleoga agus drochbhlas do na caora. Tá ar a laghad deacracht amháin fírinneacht an scéil seo – ní fhásann an trom sa Meánoirthear agus is é crann Iúdáis (Cercis siliquastrum), crann a fhásann sa Iúdáia agus a bhfuil sa bhfine Fabaceae, in éineacht leis an dair (Quercus spp.) agus an fheá (Fagus sylvatica), is mó a luaitear le Iúdás agus a chrochadh.[15]
Níl an scéal sin fairsing sna hiontrálacha Gaeilge i mBailiúchán na Scol, ach tá ról ag an trom i scéal a thagann aníos go minic mBáiliúchán, agus a mhíníonn tréith shíorghlas an chuilinn (Ilex aquifolium) . Chuaigh Íosa i bhfolach i gcrann troim agus na Iúdaigh ar a thóir. D’oscail an trom agus chonaiceadar é. Theith sé, agus chuaigh sé faoi chrann cuileann. Chlúdaigh an crann sin é, agus d’éalaigh sé. Ó sin i leith tá an trom ar an gcrann deiridh a chuireann bileoga amach san earrach agus an chéad crann a chaillfidh iad sa bhfómhar. Mar chomhartha buíochais don chuileann “bíonn sméara dearga ag fás ar chuile bhliadhain agus ní chailleann sé ach corr bhilleóg agus bíonn sé glas chuile lá sa mbliadhain.” Tá dhá phlanda síorghlas eile, an t-eibheann (Hedera hibernia) agus an t-aiteann (Ulex spp.), luaite i leaganacha eile den scéal in áit an chuilinn, ach tá an trom luaite leo go léir.
Tá tréith an mhí-áidh seo le feiceáil i bpisreoga eile faoin trom. Ní dhéanfá cliabhán as adhmad an troim, nó bhuailfeadh tinneas an páiste agus d’fhuadódh na síoga iad.[24] Ceapadh freisin nach ndúiseofá arís dá dtitfeá i do chodladh faoin gcrann seo.[20] B’fhéidir go bhfuil baint ag drochbholadh na nduilleog leis an bpisreog seo. Deirtear má bhuailtear duine le slat troim go bhfanfaidh an duine a bualadh ag an airde céanna ó sin i leith (luaitear an phisreog leis an gcuileann freisin). Ach tá leagan eile de seo i gCill Mhantáin – cé nach bhfásadh an gasúir, éireoidh siad críonna.[25]
Ach bhí meas ar an gcrann freisin. Cheapfá in Éirinn go raibh an t-ádh leat dá síolródh an crann i do gharraí.[20] Bhíodh nós ann an oíche roimh Lá Bealtaine i bPort Láirge cipíní agus duilleoga troim a chur timpeall na cuinneoige chun an t-im a choinneáil slán ó na cailleachaí a bhíodh ag dul thart ag goid ime an oíche sin. In Albain ní raibh aon chrann eile, seachas an caorthann (Sorbus aucuparia) níos cumhachtaigh in aghaidh oilc.[26] Deirtear sa freisin nár cheart an trom a ghearradh nó a leagan, agus bhí nós ann go gcaithfí cead a iarraidh ón gcrann sula dtógfá bláthanna nó caora uaidh.[6, 20]
Tugtar boor tree nó bore tree, chomh maith le elder, ar an trom i mBéarla,[27] agus tá Bailiúchán na Scol breac leis an ainm sin freisin. Is ó Contae. Liatroma agus Cúige Uladh (go háirithe Contae Dhún na nGall) a thagann formhór na hiontrálacha sin. Is alder, seachas elder, a thugtar ar an trom i mBéarla i dTír Chonaill freisin.[20]
Íomhánna an Troim
Tagairtí
1 Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
2. Lane, T.O.N., Lane’s English-Irish Dictionary…: Compiled from the Most Authentic Sources. 1904: D. Nutt.
3. Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.
4. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
5. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
6. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
7. Enescu, C., T. Durrant, and G. Caudullo, Sambucus nigra in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.
8. Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.
9. Atkinson, M.D. and E. Atkinson, Sambucus nigra L. Journal of Ecology, 2002. 90(5): p. 895-923.
10. Scott-Brown, A.S., et al., Mechanisms in mutualisms: a chemically mediated thrips pollination strategy in common elder. Planta, 2019. 250(1): p. 367-379.
11. Charlebois, D., et al., Elderberry: botany, horticulture, potential. Horticultural Reviews, Volume 37, 2010. 37: p. 213-280.
12. Moore, D.M., Flora Europaea Vol. 4, edited by TG Tutin, VH Heywood, NA Burges, DM Moore, DH Valentine, SM Walters, and DA Webb. Cambridge University Press,£ 25. Oryx, 1977. 14(1): p. 77-77.
13. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
14. Jarić, S., et al., An ethnobotanical study on the usage of wild medicinal herbs from Kopaonik Mountain (Central Serbia). Journal of Ethnopharmacology, 2007. 111(1): p. 160-175.
15. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
16. Schmitzer, V., R. Veberic, and F. Stampar, European elderberry (Sambucus nigra L.) and American Elderberry (Sambucus canadensis L.): Botanical, chemical and health properties of flowers, berries and their products. Berries Prop. Consum. Nutr, 2012. 2012: p. 127-144.
17. Trinseach, T., TOY GUNS. Béaloideas, 1949. 19(1/2): p. 124-124.
18. Salamon, I. and D. Grulova, Elderberry (Sambucus nigra): from Natural Medicine in Ancient Times to Protection against Witches in the Middle Ages – a Brief Historical Overview. 2015.
19. Metcalfe, C.R., The Elder Tree (Sambucus nigra L.) as a Source of Pith, Pegwood and Charcoal, with Some Notes on the Structure of the Wood. Kew Bulletin, 1948. 3(2): p. 163-171.
20. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
21. Wood, C., Science and Politics in the War on Cattle Diseases: The Kansas Experience, 1900-1940. Agricultural History, 1980. 54(1): p. 82-92.
22. Skowrońska, W., et al., Wound healing potential of extract from Sambucus nigra L. leaves and its fractions. Journal of Ethnopharmacology, 2024. 320: p. 117423.
23. Młynarczyk, K., D. Walkowiak-Tomczak, and G.P. Łysiak, Bioactive properties of Sambucus nigra L. as a functional ingredient for food and pharmaceutical industry. Journal of Functional Foods, 2018. 40: p. 377-390.
24. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
25. Ó Cléirigh, T., Gleanings in Wicklow. Béaloideas, 1928. 1(3): p. 245-252.