Fágann daoine a lorg ar an tírdhreach agus ní thógann sé i bhfad go dtí go mbíonn iarsmaí na sochaí — fothracha, claíocha, sconsaí agus ballaí — clúdaithe ag raon leathan plandaí. Bíonn foscadh ón ngaoth agus scáth ón ngrian ag plandaí a fhásann i measc na bhfothrach agus sna clocha ar chlaíocha, agus dá shine iad is amhlaidh is saibhre atá siad ó thaobh na bithéagsúlachta de.
Tacaíonn claíocha le plandaí dreaptha, agus baineann féitheacha amhail an féithleann, an t-ialus fáil agus eidhneán leas as clocha garbha na bhfothracha agus iad fás go hard ag lorg spáis agus solais. Taitníonn an scáth agus an taise atá in íochtar ballaí cloiche le raithnigh bheaga amhail lus na seilge, creamh na muice fia agus an scim chaol, a fhásann sna poill agus sna scoilteacha. Fásann raithnigh níos mó, amhail an raithneach chrua agus an raithneach mhadra, chomh maith leis an raithneach féin, amach as íochtar na gclaíocha.
Sa ngeimhreadh bíonn na gnáthóga seo breac le léicin, amhail an cupán móna, caonaigh agus aelusanna. Sa samhradh bíonn bláthanna amhail an cornán caisil agus an t-iúr sléibhe le feiceáil, agus i gcaitheamh na bliana bíonn an drioball rí faoi bhláth.