You are currently viewing  An tAiteann Gallda <br><span style='font-size:16px;'>Ulex europaeus</span>

An tAiteann Gallda
Ulex europaeus

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:
Úsáid: , ,

Ainmneacha Eile: Aiteann Francach, Aitinn uaibhreach[1]

Béarla: Gorse, Whin, Furze

Tréithe Suntasach na Sceiche

  • Sceach shíorghlas, dheilgneach.
  • Sceach níos airde ná an t-aiteann Gaelach.
  • Bláthanna buí beagnach i gcaitheamh na bliana.
  • Dath buí níos éadroime ar na bláthanna, ná dath buí órga ar an aiteann Gaelach.
  • Pléascanna faighneoga le síolta a scaipeadh.
  • Fosaíonn sé nítrigin sa talamh.              

An t-aiteann gallda (Ulex europaeus) faoi bhláth.

An tAiteann Gallda in Éirinn

Tá an t-aiteann gallda ar cheann de dhá speiceas d’aiteann atá dúchasach in Éirinn. Tá sé freisin ar cheann de na plandaí is fairsinge in Éirinn, de réir taifid Chumann Luibheolaíochta na Breataine agus na hÉireann. Cé go bhfuil an sceach shíorghlas seo le fáil i ngach ceard den tír, tá an planda an-choitianta i gContae Loch Gorman agus san oirdheisceart.[2] Níltear cinnte fós cén fáth go bhfuil an t-aiteann seo chomh fairsing. Ceaptar go raibh réimse fáis an aitinn sa mBreatain sách teoranta sular tosaíodh ag gearradh foraoisí na tíre sa Tréimhse Neoiliteach,[3] agus b’fhéidir go raibh an rud céanna amhlaidh in Éirinn. Ceaptar freisin gur scaipeadh an t-aiteann gallda ar fud na tíre mar go raibh an oiread sin tóir ar mar phlanda saothraithe.[1]

Géaga deilgneacha an aitinn ghallda.

Is í iarthar na hEorpa réimse dúchais an aitinn ghallda – ní fhaightear mórán níos faide ó thuaidh ná an Danmhairg é mar nach bhfuil sé in ann ag aeráidí ina dtiteann an íosteocht mhíosúil mheánach níos lú ná 2°C.[4] Mharaigh droch-gheimhreadh 1966-1967 60% den aiteann ghallda i lár na Breataine Bige, agus críonadh an chuid a bhí fágtha síos go dtí an fréamh.[3]

Is in ithir aigéadach atá an speiceas seo d’aiteann compordach ag fás. Faightear é ar thalamh portaigh, ar thalamh chlochach, ar dhumhcha, agus ar thalamh briste agus tréigthe.[2, 5] Tá níos mó aitinn ag fás go háitiúil anois ná mar a bhí, mar gheall ar athruithe ar an gcaoi a dhéantar an talamh a bhainistiú – ligtear níos mó garrantaí i bhfiántas anois.[2]

Craobh agus géaga an aitinn, ag léiriú na geaga óga glasa atá ag fás.

Cuma na Sceiche

Is sceach dhlúth é, nach bhfuil an-ard (3m nó mar sin) ach a leathann amach de réir mar a fhásann sé.[6] Bíonn stoc tiubh, láidir ar an aiteann, a fhásann géaga amach uaidh nuair nach mbíonn iomaíocht aige.[7] Ní thabharfá mórán suntais do na duilleoga beaga lansacha nó snáthaidiúla a bhíonn ar an aiteann.[8] Is as ascaill na nduilleog a fhásann na deilgní. Bíonn deilgní righin, láidir, eitreacha, ar an aitinn ghallda a bhíonn timpeall 25mm ar fhad. Bíonn dath gormghlas ar ghéaga agus ar na deilgní. [5, 6] Is cuid de chruth chraobhach an phlanda iad na deilgní (féach an cur síos anseo), tugann siad cosaint don phlanda, agus is iad a dhéanann formhór an fótaisintéise freisin.[9]

Bláthanna agus Síolta

Bláth an aitinn ghallda.
Níl mórán sceacha a bhí an oiread bláthanna orthu agus a bhíonn ar an aiteann gallda.

Is dath buí éadrom a bhíonn ar na bláthanna. Bíonn boladh láidir cnó cócó uaidh na bláthanna buí, a fhásann i mbraislí ar an ngéag.  Deirtear go mbláthaíonn an t-aiteann sa ngeimhreadh agus san earrach ach, cé nach mbláthaíonn sceacha aitinne ar fud na bliana, is minic go mbíonn bláth ar sceach eicínt den aiteann ghallda ar fud na bliana.[6] Feictear go mbláthaíonn sceacha den aiteann gallda faoi dhó sa mbliain. Le linn tréimhse amháin, fanann na bláthanna oscailte ar feadh achair níos faide, ach ní bhíonn an oiread sin bláthanna oscailte ar an sceach. Is bláthú níos giorra a bhíonn i gceist leis dara tréimhse bláthaithe, ach bíonn i bhfad níos mó bláthanna oscailte ar an sceach. Ach is minic go dtograíonn plandaí difriúla dul faoin próiseas bláthaithe seo ag amanna difriúla. Mar sin, breathnaíonn sé go mbíonn bláth ar an aiteann beagnach i gcaitheamh na bliana.[7] Ceaptar gur straitéis iomadaithe é seo. Is feithidí a phailníonn bláthanna an aitinn. Mar go mbláthaíonn an t-aiteann gallda beagnach i gcaitheamh na bliana, cabhraíonn sé seo go mór leis iomadú agus scaipeadh go tréan.  Agus mar nach mbíonn an oiread pailneoirí ar fáil don phlanda sa ngeimhreadh, fanann na bláthanna oscailte ar feadh tréimhse níos faide ag an am seo den bhliain. Anuas ar sin, seasann dath buí na mbláthanna amach go maith do phailneoirí i ndorchadas an gheimhridh.[10]

Faighneog an aitinn an forbairt.

Is torthaí oscailteacha (dehiscent) atá ag an aiteann, faighneog donn (1-2cm) ina bhfuil idir 1 agus 7 síol donn ann. Fanann na síolta suanach mura bhfuil coinníollacha feiliúnach dóibh le péacadh.[7] Péacann an planda go héasca ón síol agus tá sé in ann tine agus dó a sheasamh.[2]  Iomadaíonn an t-aiteann gallda go fásúil, trí meathán a chur aníos ó rútaí faoi thalamh, agus trí atáirgeadh  gnéasach.[7]  Is iomaí bealaí atá ag an aiteann síolta a scaipeadh – tógann feithidí iad, itheann éanacha iad, imíonn siad leis an ngaoth, agus snámhann siad in uisce.[7]

Faighneoga síolta dúnta agus oscailte ar an aiteann gallda.

An tAiteann Ionrach

Cé go scaipeann an t-aiteann go tréan ina cheantar dúchais má bhíonn coinníollacha na talún in oiriúint dó, ní bhreathnaítear ar mar phlanda ionrach. Ach bíonn sé ionrach sna tíortha sin ina bhfásann sé mar phlanda neamhdhúchasach. Tá go leor tréithe ag an aiteann gallda a chuidíonn leis talamh a ionradh – tá sé in ann fás in ithir bhocht mar go bhfaigheann sé a chuid nítrigin ón aer, fásann sé i raon leathan créafóige, tairgeann sé go leor síolta a mhaireann ar feadh tréimhse fhada sa talamh, agus athfhásann sé go tapaigh ó shíolta nó óna chuid rútaí tar éis é a bhaint, nó tar éis loiscthe. Tá sé ionrach i dtíortha ar fud an domhain, ó cheantair le haeráid mheasartha, cosúil leis an Nua Shéalainn, go tíortha trópaiceach, amhail Sri Lanka.[4]

An Hibrid Ulex x breoganii

Is hibrid idir an t-aiteann gallda agus an t-aiteann Gaelach é Ulex x breoganii (nó Ulex gallii fosp. Breoganii) a fhásann sa mBreatain agus in Éirinn. Tá tréithe ag an hibrid, ar nós fad na faighneoige agus líon síolta sa bhfaighneog, agus dath na mbláthanna agus an duilliúir, atá idirmheánach idir an dá phlanda. Tá sé feicthe ag fás go nádúrtha in oirdheisceart agus timpeall ar na Beanna Boirche i gContae an Dúin. Mar go bhfuil éagsúlacht moirfeolaíochta ag an hibrid seo, tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir é agus an dá speiceas nádúrtha. Is dócha, freisin, go bhfuil an hibrid seo níos forleithne ná mar a cheaptar, mar go síolraíonn sé sna háiteanna ina bhfásann an dá speiceas dúchasach in aice le fhéile, achar a chuimsíonn sciar mhaith d’oileán na hÉireann.[2]

Úsáid agus Béaloideas

Luach Aitinne

Breathnaítear ar an aiteann mar fhiaile ionrach nach bhfuil maitheas ann do thada. Ach is léir, ón obair a rinne A.T. Lucas (1911-1986) ar an ábhar seo sna seascaidí, go raibh an t-aiteann thar a bheith tábhachtach do phobal na hÉireann. Bhí luach ag aiteann – ghearrtaí deachú eaglasta ar gharrantaí aitinn sa 16ú aois. Bhí táirgeacht gharraí aitinn (furzy pasture a thugtaí air) chomh luachmhar céanna le talamh arúil, i gContae Áth Cliath sa 17ú aois, agus bhí sé chun sochair an té a raibh aiteann ag fás ar a dtalamh.[1] Bhí an rud céanna amhlaidh i Sasana. In 1662 dúradh go raibh níos mó brabaigh i mothair aitinn ná mar a bhí i dtalamh cruithneachta.[3] Léiriú é do shaibhreas an aitinn an nath a bhíodh acu i gCo. Chiarraí:

An t-ór faoin aiteann, an t-airgead faoin luachra, agus an gorta faoin bhfraoch.”[11]

Shaothróidís an t-aiteann i gContae Chorcaí in 1810 – chuirtí é i rónna comhthreomhara, ag fágáil dóthain spáis idir na rónna le go bhféadfaí barraí eile a chur eatarthu. D’fhágtaí an t-aiteann ag fás ar feadh ceithre bliana nó go mbeadh sé 2m ar airde, agus ansin bhaintí é.[1] I Mala, Contae Chorcaí, bhí móinéar aitinn – drochthalamh ina raibh aiteann curtha – ag beagnach chuile fheirmeoir.

D’úsáidtí adhmad aitinn mar bhreosla. Nuair a bhí an t-aiteann réidh le baint, loisctí an garraí leis an duilliúr agus na géaga beaga a dhó. Ní dhódh adhmad an aitinn, agus bhaintí é le húsáid mar bhreosla.[1]  D’úsáideadh báicéirí, ach go háirithe, an breosla, ach dhóití i dtornóga aoil é agus bhaintí leas as mar bhreosla ginearálta freisin.[12] Is adhmad aitinn a dhóití chun brící a dhéanamh i Sasana.[3] Tá saibhreas potaise i luath aitinn, a úsáideadh i Sasana i ndéantúsaíochta gallúnach.[3]

Aiteann gallda ag fás ar phortach Chonamara.

Aiteann do bheostoc

Is mar bheathú do bheostoc – caiple agus beithígh – a d’úsáidtí go leor den aiteann a saothraíodh.[12] Dár ndóigh, bhí an sceach shíorghlas seo in ann fodar a chur ar fáil i dtréimhse den bhliain nuair nach raibh mórán fáis eile ann.[3] Cé go n-itheann ainmhithe na géaga óga glasa nuair a bhíonn siad bog, cruann na deilgní go tapaigh ar an bplanda agus seachnaíonn ainmhithe iad. Le gur féidir aiteann a úsáid mar fhodar, bhíodh sé le bualadh agus le brú chun na deilgní a mhaolú agus a bhriseadh. B’obair fhada, leadránach a bhí anseo – ba mhinic iad a bhrú i moirtéal cloiche ar feadh uaireanta fada an chloig[1] (thugtaí whin-mills ar an obair seo i Sasana).[3] Dúirt duine amháin, ó Phort an Dúnáin, Co. Ard Mhacha, in 1811

“All the green parts are chopped off and put into a trough with a very solid bottom; here two or three men beat and mince them with instruments…in this state the whins may be given to horses. But it is still better for horses, and necessary for cows, that they should be softened somewhat.”[1]

Is cosúil go dtabharfaí suntas do bhreáthacht an chapaill a bheadh aiteann aige mar bheathú.[11] Cheaptaí go raibh leigheas san aiteann freisin do larbha na boiteoige (Gastrophilus intestinalis), míoltóg a bhíonn coitianta in Éirinn sa samhradh. Faigheann capaill fíniú na larbha seo ina mbolg, ó am go ham.

D’úsáidtí aiteann (chomh maith le tuí, luachair (Juncus spp.) agus raithneach (Pteridium aquilinum))[13] mar easair – plandaí tirime a scaiptí ar urlár na gcróití, nó ar an talamh i gcúinne de gharraí, le compoird a thabhairt d’ainmhithe agus iad ina luí.  Bhaintí úsáid astu i gclósanna feirme freisin mar cuid den aoileach. Chaití ar thalamh an chlóis é, go háirithe in áiteanna a bhíodh fliuch nó cartaithe ag na hainmhithe, agus ligtí cead dó loghadh. Dhéantaí carnáin de agus scaiptí sna garrantaí é (agus ar na fataí i gCiarraí)[13] de réir mar a bhí sé ag teastáil.

Úsáidí Eile don Aiteann

D’úsáidí aiteann i dtionscadal na tógála freisin. Bhí an t-adhmad in úsáid ar dhíonta tithe agus cróití – go hiondúil faoin scraith agus faoin tuí. Bhíodh an t-adhmad in úsáid freisin i mballaí tí.[1] Déantar cur síos mar seo ar an gceird i gContae Chorcaí:

Ar dtúis gheóbhainn scoilb sé slait salaidhe a fásann in áit fliuch riasgaig no slait tanaidhe aiteann a fhásann i brácha aiteann. Cuirfinn bior ar dhá thaobh gac sgolb agus glanfainn é go mbead sé go deas reidh. Annsin déanfainn an tuighe d’ullmhiú Déanfainn Tuighe cruitneachtan is fear ac dhéanfadh tuige coirce an gno leis.

Bailiúchán na Scol, 382:587

D’úsáidtí an t-aiteann freisin mar bhunsraith bóithre, sa mbealach céanna a úsáidtear fós é sna portaigh mar chis.

Ghlantaí simléir agus toibreacha le craobhacha aitinn.[1] Dhéantaí camáin as adhmad aitinn freisin – thugtaí spaic orthu.[1] Is iondúil gur píosa den fréamh le corr ann a d’úsáidtí. Camán baile ciotach, amscaí an sainmhíniú a thug duine amháin as Co. Thiobrad Árann ar spaic.(512:458)

D’ úsáidtí adhmad aitinn in íochtar potaí gliomaigh san Aird Thoir, i gCarna, Co. na Gaillimhe. Is as an saileánach (Salix viminalis) a dhéantaí an chuid eile den phota. D’úsáidtí adhmad aitinn le crogaí na gcurrachaí a dhéanamh (leagtar an maide rámha anuas ar na crogaí agus is orthu a chasann siad).[1, 14]

D’úsáidtí coirt an aitinn chun dath buí a chur ar olann.[3, 15] Chuirtí aiteann mar fhálta freisin – bhí sé de bhuntáiste go bhfásfadh sé i dtalamh bhocht nach raibh maith ar bith ann do thada eile.[1, 12] Chuirtí mothair aitinn le clúdach a thabhairt d’éanlaith ghéim freisin. [3, 12]

Cé go bhfuil aiteann fairsing anois, agus ceaptar gur cuireadh ar fud na tíre é, léiríonn taifid stairiúla gur mó úsáide a bhí á baint as aitinn in oirthear agus i ndeisceart na tíre. Ní fios an é nach rabhthar ag úsáid aitinn i gConnacht agus in Ulaidh, nó go raibh sé in úsáid, ach nach bhfuil taifid ann á léiriú seo.[1] Níl an t-aiteann gallda dúchasach i dtuaisceart agus iarthar na Breataine Bige, ach tugadh síolta aitinn isteach sa gceantar ó Éirinn san 18ú aois, chun é a fhás mar fhodar beithíoch. Ceaptar gur tugadh aiteann go Tír Chonaill ar an údar céanna.[3]

Tháinig deireadh le húsáid fhorleathan an aitinn am eicínt san 19ú aois déag. Is léir nach raibh aon mheas ar an aiteann mar bheathú do bheithígh (má bhí ariamh) i gCarna, Co. na Gaillimhe sna 30aí.[13]

Déanann meachain na bláthanna a phailniú, cé nach bhfuil mórán neachtair iontu.

Béaloideas an Aitinn

Níl an oiread sin béaloidis faoin aiteann agus atá faoi phlandaí coitianta eile. Bhí traidisiún coitianta in Éirinn ar Lá Bealtaine a bhain le sceacha agus crainnte éagsúla, an t-aiteann ina measc. Lastaí craobh aitinn agus chuirtí faoi útha an bhó é oíche Lá Bealtaine le cosaint a thabhairt don ainmhí ón olc.[1] In áiteanna eile thiomáintí beithígh idir dhá chraobh lasta (thugtaí scotháin orthu), nó bhuailtí na hainmhithe leo.[1] B’fhéidir gur aiteann a úsáideadh mar go bhfuil sé níos inlasta ná craobhacha seacha eile, mar gheall ar na géaga feoite a bhíonn ar an gcraobh. I gContae an Chláir thugadh an buachaill is sine sa teach craobh aitinn isteach Oíche Bhealtaine agus d’fhágtaí faoi rataí an dín é ar feadh bliana le go mbeadh rath agus ádh ar an teaghlach.[11]

Deirtear go raibh mí-ádh ag baint leis an aiteann in Éirinn[12] freisin, agus tá tagairt dó seo le feiceáil i dtaifid ó Bhailiúchán na Scol. Tá an déscaradh nó an codarsnacht seo idir an t-ádh agus an mí-ádh le feiceáil i gcrainnte agus sceacha eile. Is ag troid ar feadh bliana a bheas muintir an tí i gContae an Chláir má thugtar aiteann isteach sa teach Oíche Bhealtaine – moltar sceach gheal (Crataegus monogyna) a thabhairt isteach más ádh (agus síocháin) atá de dhíth.[13]

Cheaptaí go raibh leigheas ar an mbuíochan san aiteann – bhruití na bláthanna agus d’óltaí an deoch. B’é an cógas céanna a bhí ann chun phéisteanna i ngasúir a leigheas, i gContae Shligigh, ach na bláthanna a bhruith le bainne.[1, 12] Dheirtí go raibh sé go maith do dhó chroí an duilliúir óg a ithe agus coirt na sceiche a dhiúil i Loch Garman, agus sú na bláthanna (feochta i siúcra) go maith do chasacht i bPort Láirge.[1] D’úsáidtí na bláthanna le fáil réidh le slócht i gContae Dhoire. Laghdaigh barr na ngéaga óga at i ndaoine agus ainmhithe, de réir taifid ó Cho. Na Mí.[1] Dheirtí gur leigheas ar chasacht i dTír Chonaill a bhí san aiteann Gaelach [13] agus ar fhaile i Loch Garman (na géaga úra a chogaint agus an sú a shlogadh).[1] Ní fios ar úsáideadh an t-aiteann mar bhia do dhaoine, ach bhí nath cainte i gCiarraí, “d’íosfadh sé aiteann bruite”, tagairt don ocras a bheadh ar dhuine sa drochshaol.[13]

Ainmneacha an Aitinn

Is minic go mbíonn roinnt ainmneacha difriúla ar phlandaí a raibh an-úsáid ag baint leo, agus tá sé seo amhlaidh leis an aiteann. Tá ‘aiteannach’ air i dTír Chonaill, b’fhéidir gur athraigh an aidiacht ‘aiteannach’ (áit ina bhfuil aiteann ag fás ann) go ainmfhocal tar éis imeacht ama.[1] Is féidir tagairtí don fhocal aiteann (‘aittiun’) a fháil i lámhscríbhinní ón 8ú céad. Is eithin atá ar i mBreatainis.  Maidir leis an mBéarla, is whins a bhíonn in úsáid ó thuaidh den líne ó Co. Mhaigh Eo go Co. an Lú, agus furze ar an aiteann ó dheas den líne sin. Is cosúil gur ainm Sasanach é gorse, agus nach mbíodh sé in úsáid ach ag daoine a d’fhoghlaim an focal sin ó leabhair (nó daoine a chonaic i Sasana é).[1]

Réim Teanga an Aitinn

D’úsáid sciar suntasach de phobal na hÉireann aiteann mar bhreosla agus mar fhodar, mar is léir ó na taifid atá againn den am sin. Ba léir gur tionsclaíocht mhór a bhí  gceist le aiteann a fhás, a bhaint, agus a iompar, agus gur ar an obair sin a bhí go leor de mhuintir na tíre ag brath mar shlí bheatha.[1] Maraon le hobair phortaigh nó obair iascaireachta, bhí réim cainte in úsáid le hobair aitinne, téarmaíocht atá imithe ón gcaint anois.

D’úsáidtí corrán fiaclach agus píosa adhmaid déanta as sail (Salix spp.), a dtugaí gabhlóg air (ladharóg a thugtaí air i nDún na nGall), le go bhféadfaí na craobhacha deilgneacha a láimhseáil gan gortú. Bhaintí aiteann le speal aitinne freisin, oirnéis a bhí níos láidre ná gnáthspeal. Thug dornóg – miotóg déanta as súgán – cosaint do na lámha le linn na hoibre seo. Ghlaoití mútóg ar i gContae Phort Láirge. Bhrúití an t-aiteann, sula dtugtaí é d’ainmhithe mar fhodar, le máiléad aitinn, agus ghearrtaí é le rámhan aitinn agus scian aitinn. Scothán a bhí ar chraobh gearrtha. Speathánach a bhí ar na sceacha aitinn a dhóití agus iad ag fás, sula mbailóidís an t-adhmad mar bhreosla. Bhí loisgneach ar seo freisin.

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1.  Lucas, A.T., Furze: A Survey and History of Its Uses in Ireland. Béaloideas, 1958. 26: p. 1-204.

2.  Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

3.  Rymer, L., Ethnobotany and Native Distribution of Gorse (Ulex europaeus L.) in Britain. Environmental Conservation, 1979. 6(3): p. 211-213.

4.  Kariyawasam, C. and S. Ratnayake, Reproductive biology of gorse, Ulex europaeus (Fabaceae) in the Mount Lofty Ranges of South Australia and Sri Lanka. Reproductive biology, 2019: p. 145-152.

5.  Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

6.  Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.

7.  Cárdenas-Cárdenas, M.A. and F. Cortés-Pérez, Life history of Ulex europaeus and management actions to control its invasion. Actualidades Biológicas, 2023. 45(119).

8.  Clements, D.R., D.J. Peterson, and R. Prasad, The biology of Canadian weeds. 112. Ulex europaeus L. Canadian Journal of Plant Science, 2001. 81(2): p. 325-337.

9.  Medina-Villar, S., et al., The green thorns of Ulex europaeus play both defensive and photosynthetic roles: consequences for predictions of the enemy release hypothesis. Biological Invasions, 2022. 24(2): p. 385-398.

10.  Bowman, G., M. Tarayre, and A. Atlan, How is the invasive gorse Ulex europaeus pollinated during winter? A lesson from its native range. Plant Ecology, 2008. 197(2): p. 197-206.

11.  Williams, N., Díolaim Luibheanna. 1993, Sáirséal-Ó Marcaigh: Baile Átha Cliath.

12.  Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

13.  Bhreathnach, Ú., An introduction to the National Folklore Collection and Meitheal Dúchas. ie. 2019.

14.  Ó Tuairisg, S., Cumarsáid Phearsanta. 2024.

15.  Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.