You are currently viewing  Cufróg Nootka <br><span style='font-size:16px;'>Callitropsis nootkatensis</span>

Cufróg Nootka
Callitropsis nootkatensis

Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Duilleog:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:

Ainmneacha Eolaíocha Eile: Chamaecyparis nootkatensis; Xanthocyparis nootkatensis; Cupressus nootkaensis

Béarla: Nootka Cypress, Alaska Cedar, Yellow Cedar, and Alaska Yellow Cedar

Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Buaircíneach síorghlas.
  • Craobhacha sleabhctha
  • Crainnte fadmharthanacha.

Cufróg Nootka i bPáirc na Cúile, Co. na Gaillimhe.

Réamhrá

Is buaircíneach síorghlas é cufróg Nootka. Fásann sé go nádúrtha i stráice ar chósta iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh ó Alaska go Vancouver, agus is go hard sna sléibhte is mó a fhásann sé ansin. Is ó bhundúchasaigh cheantar British Columbia, Nuuchahnulth, a fuair an crann an t-ainm (tugadh Nootka orthu go dtí le gairid). Ní fíor-chufróg é (níl sé sa ngéineas Cupressus), ach tá go leor de thréithe na cufróige aige.

Tá an crann seo ar an gceann is fadmharthanaí i gcoillte iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Tá crann amháin 1,834 bliain d’aois, agus ceaptar go bhfuil crainnte ann atá os cionn 3,000 bliain d’aois. Fásann sé go mall sa bhfiántas, agus tá crann beag in ann aois mhór a bheith aige.

Ní crann é cufróg Nootka atá curtha go forleathan in Éirinn, cé go bhfuil aeráid fhliuch na tíre feiliúnach dó. Is é an rud is suntasaí faoin gcrann seo, mar a bhaineann sé leis an tír seo, ná go bhfuil sé ar cheann de thuismitheoirí chufróg Leyland (Cupressus x leylandii) – atá curtha go forleathan in Éirinn agus thar lear. Is í Cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa) an tuismitheoir eile.

Stoc mín an chrainn.

Cuma an Chrainn

Is crann ard, caol, cónach é. Bíonn duilliúr an chrainn leacaithe, agus bíonn na craobhacha agus an duilliúr sleabhctha (ag titim anuas) – ceann de thréithe suntasacha an chrainn. Bíonn an tréith seo le feiceáil níos soiléire i gcraobhacha uachtair an chrainn.

Bíonn an choirt mín i gcrainnte óga, agus éiríonn sé snáithíneach agus athraíonn an dath ó ghlas go dearg agus ansin go liath le haois. Is dath liathghlas a bhíonn ar na duilleoga beaga gainneacha (3-6mm), a bhíonn i gceithre ró, brúite isteach ar an ngéag. Bíonn drochbholadh (cuirtear i gcomparáid é le caonach liath nó amh-fhataí) uaidh na duilleoga nuair a bhíonn siad brúite.[1]

Duilleoga gainneacha na cufróige.

Tagann dath buí ar na buaircíní beaga (3mm) fireanna, a fhásann ag deireadh na ngéag. Bíonn na torthaí sféaracha (1cm trasna) le 4-5 scála as a dtagann spíce ar nós crúca (bíonn níos mó scálaí ar bhuaircíní chufróg Lawson (Chamaecyparis lawsoniana)). Athraíonn siad ó ghlas go corcra nuair a bhíonn siad aibí. Tagann na torthaí chun aibíocht sa dara bliain (cosúil leis na fíor chufróga sa ngéineas Cupressus).

Cufróg Nootka agus an tSochaí

Bhí an-tábhacht leis an gcufróg Nootka do bhundúchasaigh in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh agus is iomaí úsáide a bhaintí as an gcrann. D’úsáidí an choirt shnáithíneach chun mataí, éadaí, agus bindealáin a dhéanamh. Dhéantaí canúnna agus boghanna leis an adhmad, agus is cógas leighis a bhí sna duilleoga do bhreoiteachtaí éagsúla.[2]

Is mar gheall ar dhath geal buí adhmad na cufróige a tháinig an t-ainm coitianta Béarla don chrann seo, Yellow Cedar. Bíonn an t-adhmad crua mar go bhfásann an crann go mall ina cheantar dúchais agus, amhail cufróga eile, is adhmad marthanach é. Chuige sin, baintear úsáid mhór as i dtionscail na tógála agus déantúsaíochta báid.

Is ó chroíadhmaid na cufróige Nootka a aimsíodh an tsubstaint nootkatone den chéad uair. Tá an ceimiceach céanna le fáil i seadóga (is é a thugann blas na seadóige don toradh sin). Tá éileamh ar an táirge seo i dtionscail na cumraíochta, na cógaisíochta agus an bheatha. Déantar sintéisiú ar nootkatone anois mar gheall nach bhfuil sé éasca an t-ábhar a asbhaint ó na cufróga.[3] Is feithidicíd maith freisin é nootkatone in aghaidh sciortáin.[4]

Duilleoga sleabhctha an chrainn.

Cuirtear cufróg Nootka in Éirinn agus sa mBreatain mar chrann ornáide i bpáirceanna agus i ngairdíní, cé nach bhfuil sé chomh fairsing sna hoileáin seo le cufróga eile. Níl aon fhianaise ann go bhfuil sé in ann féin-síolrú in Éirinn.[5] Tá saothróg choitianta ag fás i ngairdíní, an Nootka silte, ina bhfuil cuma silte na ngéaga i bhfad níos suntasaí ná mar atá ar an gnáth-chufróg Nooka.

Stádas na Cufróige

Tá meath ag teacht ar na cufróga seo ina gceantar dúchais. Táthar ag maíomh go bhfuil ardú teochta na haeráide ag laghdú an méid sneachta a luíonn ar an talamh. Feidhmíonn an brat sneachta mar inslitheoir, agus róann an chréafóg faoi mura bhfuil dóthain sneachta ar an talamh. De thoradh seo, déantar damáiste de fhréamhacha goilliúnacha an chrainn.[6] Is sampla eile é seo de na bealaí difriúla atá athrú aeráide in ann dochar a dhéanamh do héiceachórais éagsúla.

Ainmniú an Chrainn

Tá roinnt ainmneacha eolaíocha comhchiallacha ag cufróg Nootka agus is léiriú é seo ar na dúshláin a bhíonn ag luibheolaithe plandaí a rangú. Cuireadh an speiceas sa ngéineas Cupressus ar dtús, in 1824, mar go raibh tréithe i gcoiteann aige leis na fíor-chufróga eile (saolré fada na dtorthaí ar cheann acu). Ach, in 1841, ceapadh gur thug duilliúr leacaithe an chrainn le fios gur fheil sé níos fearr don ghéineas Chamaecyparis, an géineas céanna le cufróg Lawson. Ansin, in 1864, mhol luibheolaí ón Danmhairg, Anders Sandoe Örsted, géineas nua, Callitropsis, don chrann mar go bhfuil tréithe uathúla ag buaircín an chrainn seo nach bhfuil ag crainnte sa géineas Chamaecyparis. Ach ní bhfuair an t-ainm seo mórán úsáide mar nár chloí Örsted leis na caighdeáin ainmniúcháin a bhí leagtha síos ag an am, agus d’imigh sé as cuimhne na luibheolaithe.

Ansin, in 1999, aimsíodh speiceas nua de chrann i Vietnam, a ainmníodh Xanthocyparis vietnamensis. Tugadh faoi deara go raibh tréithe i gcoiteann ag cufróg Nootka leis an gcrann seo, agus moladh go dtabharfaí Xanthocyparis nootkatensis ar chufróg Nootka. Ach nuair a tugadh faoi deara go raibh géineas ann cheana fhéin, Callitropsis, a bheadh in oiriúint don dá chrann, moladh Callitropsis vietnamensis a thabhairt don chrann sin.[7] Glactar anois le Callitropsis nootkatensis mar ainm eolaíoch an chrainn.

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1. Pojar, J., et al., Plants of the Pacific Northwest. British Columbia Ministry of Forest and Lone Pine Publishing, BC, Canada, 1994.

2. Nancy Chapman, T. and A.M.B. Marcus, The Ethnobotany of the Southern Kwakiutl Indians of British Columbia. Economic Botany, 1973. 27(3): p. 257-310.

3. Fraatz, M.A., R.G. Berger, and H. Zorn, Nootkatone—a biotechnological challenge. Applied Microbiology and Biotechnology, 2009. 83(1): p. 35-41.

4.  Norris, E.J., et al., Mode of action and toxicological effects of the sesquiterpenoid, nootkatone, in insects. Pesticide Biochemistry and Physiology, 2022. 183: p. 105085.

5.  Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

6. Schaberg, P.G., et al., Do limited cold tolerance and shallow depth of roots contribute to yellow-cedar decline? Forest Ecology and Management, 2011. 262(12): p. 2142-2150.

7.  Debreczy, Z., et al., Relationships and nomenclatural status of the nootka cypress (Callitropsis nootkatensis, Cupressaceae). Phytologia, 2009. 91(1): p. 140-159.