Béarla: Grey Poplar
Tréithe an Chrainn
- Crann mór, ard, duillsilteach
- Coda den chrainn clúdaithe le feilt chlúmhach liath
Réamhrá
Is hibrid í an phoibleog liath (Populus × canescens) idir an phoibleog gheal (Populus alba) agus an crann creathach (Populus tremula). Is crann í an phoibleog liath a fhásann go tréan agus go hard (go 42m[1]) agus déanann sí crann galánta.Tá sé curtha, den chuid is mó, in oirthear agus i ndeisceart na tíre. Mar a fheictear go minic le hibridí, is iondúil go bhfásann sé níos airde nach ceachtar tuismitheoir. Amhail poibleoga eile, cuireann an phoibleog liath meatháin aníos go tréan, agus is minic go ndéanann an crann clampaí. [2]
Éiríonn coirt an chrainn claiseach le haois. Bíonn ribí gruaige liath ar na bachlóga.[3] Bíonn barr na meathán óga clúdaithe le feilt chlúmhach liath nó bán freisin, agus bíonn an rud céanna amhlaidh le taobh íochtair na nduilleog mullaigh. Ní gá go mbeadh sé seo amhlaidh leis na géaga ná leis na duilleoga eile.[4]
Is cruth ciorclach a bhíonn ar na duilleoga – bíonn duilleoga móra in ann a bheith ar na géaga óga, láidre. Bíonn imill na nduilleog fiaclach, le fiacla móra, maolaithe. Is dath glas dorcha lonrach a bhíonn ar thaobh uachtar na nduilleog. Bíonn an taobh íochtair níos gile.
Cosúil leis na bpoibleoga go léir, tá an phoibleog liath dé-éiciach agus bíonn caitíní baineanna ar na crainnte baineanna agus ceanna fireanna ar na crainne fireanna. Ach ní mórán crainnte baineanna den hibrid seo ag atá ag fás.[4]
An Phoibleog Liath agus an Phoibleog Gheal
Bíonn sé deacair uaireanta idirdhealú a dhéanamh idir an phoibleog liath agus an phoibleog gheal. Bíonn dath níos gile ar thaobh íochtair na duilleoige ar an bpoibleog gheal. Is iondúil go mbíonn gas na duilleoige níos faide ar an bpoibleog liath. Ní bhíonn na duilleoga chomh maothánach le duilleoga a bhíonn ar mheatháin óga na poibleoige gile, agus bíonn na caitíní níos faide ar an bpoibleog gheal freisin.[4] Caileann duilleoga na poibleoige léithe na ribí gruaige (éiríonn sé amhulchach) faoin am a thagann an fómhar.
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
4. Bean, W.J. ‘Populus × canescens’ ón suíomh idirlín Trees and Shrubs Online. Available from: https://www.treesandshrubsonline.org/articles/populus/populus-canescens/.