You are currently viewing  An Phoibleog Dhubh Hibrideach <br><span style='font-size:16px;'>Populus x  canadensis</span>

An Phoibleog Dhubh Hibrideach
Populus x canadensis

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:

Béarla: Hybrid Black Poplar


An saothróg ‘Robusta’ den phoibleog hibrideach dhubh.

Réamhrá

Is iomaí cineál poibleog dhubh hibrideach (Populus x canadensis) atá ann. Is hibridí iad na poibleoga dubha hibrideacha de speicis agus de chineálacha éagsúla poibleog dhubh (Populus nigra) agus poibleog eile ar an dtugtar an Eastern Cottonwood (Populus deltoides) a fhásann i Meiriceá Thuaidh.

Tharla an chéad hibrid go nádúrtha luath san 18ú aois nuair a tugadh isteach Populus deltoides go dtí an Eoraip.[1] Tosaíodh ag saothrú na hibridí ó 1750 ar aghaidh nuair a tugadh faoi deara gur fhás an hibrid níos tréine ná ceachtar den dá thuismitheoir agus mar gheall go raibh cumaí éagsúla agus tarraingteacha ag na saothróga.[1]

Pátrún de dhiamaint ar stoc den phoibleog dhubh hibrideach.

Is crainnte, arda iad, go 44m, den chuid is mó.[2] Bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir na saothróga éagsúla agus is minic go ndéantar tagairt ginearálta dóibh mar phoibleog dhubha hibrideacha. Fásann poibleoga dubha hibrideacha ar fud na hÉireann anois.[3]

Is minic go bhfásann an drualus (Viscum album) ar an bpoibleog dhubh hibrideach sa mBreatain agus anseo agus ansiúd in Éirinn.[3] Cé go bhfuil an phoibleog dhubh hibrideach curtha ar fud na tíre, ní chuirtear crainnte nua chomh minic sin níos mó é mar go bhfuil sé goilliúnach do ghalracha.[3]

Populus x canadensis ‘Serotina’

Tá cineálacha éagsúla den chrann seo ann. Tá an cineál ‘Serotina’ (Populus x canadensis ‘Serotina’), hibrid de Populus nigra fosp. nigra agus Populus deltoides, ar an gceann is sine. Is crann ard (go 40m). Bíonn cruth colúnach ar chrainnte óga, ach déanann siad crainnte leathan craobhach le haois. Bíonn. Is í an cineál seo is mó atá curtha in Éirinn agus sa mBreatain,[3] mar fhálta, ar thaobh an bhóthair, agus ar bhruacha aibhneacha.[4] Tagann bláthanna dearga air timpeall Aibreán, agus is caitíní fireanna amháin a bhíonn air mar is crainnte fireanna amháin iad gach crann den saothróg ‘Serotina’.

Taobh uachtair na duilleoige den saothróg ‘Robusta’.
Taobh íóchtair na duilleoige den saothróg ‘Robusta’.

Populus x canadensis ‘Robusta’

Tá an tsaothróg ‘Robusta’, hibrid idir Populus deltoides ‘Cordata’ agus Populus nigra ‘Plantierensis’ (ar hibrid é den phoibleog Lombardach (Populus nigra var. italica) agus an phoibleog dhubh Atlantaigh (Populus nigra fosp. betulifolia)) ard agus díreach, agus curtha go minic i ngairdíní móra, agus i bhfáschoillte chun adhmad a chur ar fáil.[2]

Populus x canadensis ‘Regenerata’

Tugtar Railway Poplar ar an saothróg seo den phoibleog dhubh hibrideach. Maraon leis na saothróga eile, cuirtear an crann seo go minic mar chrios foscaidh agus mar fhál fothana le neart na gaoithe a laghdú. Is crainnte baineanna iad seo i gcónaí, mar gur crann baineann a bhí sa mbunchrann as a dtáinig an tsaothróg. Is sa bhFrainc a saothraíodh an crann seo luath sa 19ú aois.[5]

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1.  Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

2.  Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.

3.  Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

4.  Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

5.  Bean, W.J. ‘Populus × canadensis’ ón suíomh idirlín Trees and Shrubs Online. Ar fáil ag: https://www.treesandshrubsonline.org/articles/populus/populus-x-canadensis/.