You are currently viewing  An Phoibleog Gheal <br><span style='font-size:16px;'>Populus alba</span>

An Phoibleog Gheal
Populus alba

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: , , ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:

Ainmneacha Eile: An Phoibleog Bhán

Béarla: White Poplar, Silver Poplar

Tréithe an Chrainn

  • Crann dé-éiciach, duillsilteach.
  • Pátrún de dhiamaint dhorcha ar choirt an chrainn.
  • Taobh íochtar na duilleoga an-gheal (bán) le ribí gruaige.
  • Cuireann an crann meatháin óga aníos go rialta.

An phoibleog gheal curtha ar champas Ollscoil na Gaillimhe.

Cur Síos ar an gCrann

Fásann an phoibleog gheal, nó an phoibleog bhán (Populus alba) go 30m ná mar sin agus maireann sí ar feadh 300-400 bliain.[1] Is crann bruachánach é a fhásann go dúchasach sa gceantar Meánmhara agus in oirthear na hEorpa.

Bíonn diamaint dhorcha ar choirt na poibleoige gile.
Bíonn géaga óga agus bachlóga clúmhach.

Cosúil le roinnt poibleog eile, bíonn patrúin i bhfoirm diamaint dhorcha ar choirt gheal an chrainn. Is minic don chrann a bheith scoilteach in íochtar. Bíonn géaga óga agus bachlóga an chrainn seo clúdaithe le ribí gruaige bána.

Is minic go mbíonn duilleoga na meathán óga maothánach, beagnach chomh maothánach le duilleoige na mailpe. Is dath glas dorcha lonrach a bhíonn ar thaobh uachtair na nduilleog, ach is dath bán le ribí gruaige a bhíonn ar an taobh íochtair.[2]

Duilleog mhaothánach na poibleoige gile.
Taobh íochtair na duilleoige.
Is feilt bhán chlúmhach a thugann scáil bhán do thaobh íochtair na duilleoige.

Amhail poibleoga eile, tagann caitíní amach san Earrach roimh na duilleoga. Pailníonn pailin ó chrainnte fireann na bláthanna a fhásann ar chrainnte baineann. Forbraíonn na síolta i gcaitheamh an tsamhraidh agus scaiptear sa ngaoth iad. Maraon leis an gcrann creathach (Populus tremula), cuireann an phoibleog gheal meatháin aníos go rialta, freisin. Is minic clampaí móra den chrann seo a fheiceáil ag fás.

Caitíní ag oscailt ar an bpoibleog gheal.

Ceaptar gur am eicínt sa 15ú aois a tugadh an crann seo isteach sa mBreatain.[3] Cé nach crann dúchasach in Éirinn é ach an oiread, tá an phoibleog gheal curtha go fairsing anseo freisin, go háirithe ar an leath thoir den oileán. Cuirtear i bpáirceanna é, ach freisin mar chrios foscaidh i gceantracha cósta mar go bhfuil sé in ann ag an uisce sáile. Is crann é atá an-ionrach i Meiriceá Thuaidh, san Afraic Theas, san Astráil, agus sa Nua Shéalainn.[1]

Tuilleadh íomhánna

Tagairtí

1.            Caudullo, G. and D. De Rigo, Populus alba in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. 134-135.

2.            Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.

3.            Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.