You are currently viewing  An Fhuinseog <br><span style='font-size:16px;'>Fraxinus excelsior</span>

An Fhuinseog
Fraxinus excelsior

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Duilleog: , ,
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:

Ainmneacha Eile: Onn[1]

Béarla: Ash


Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Crann mór, duillsilteach.
  • Duilleoga cleiteacha a thagann  ar an gcraobh níos deireanaí ná crainnte eile.
  • Faoi bhagairt ag galar fungais.

Crann fuinseoige sa ngeimhreadh.
Fuinseog sa samhradh.

Réamhrá

Tá an fhuinseog, crann dúchasach, duillsilteach, ar cheann de na crainnte is coitianta in Éirinn agus sa mBreatain, in ainneoin go raibh sé deireanach go maith ag teacht go hÉirinn tar éis na hoighearaoise deiridh.[2] In ainneoin go raibh sí deireanach ag teacht go hÉireann, breathnaítear ar an fhuinseog mar chrann téiscleime cosúil leis an mbeith (Betula spp) agus an tsaileach (Salix spp.), agus tá sí ar cheann de na chéad chrainnte a ghlacfaidh seilbh ar thalamh thréigthe.[3] Fásann sí ar fud na hEorpa, agus síneann a ceantar dúchais chomh fada soir leis an Rúis agus na sléibhte Chugais, ó thuaidh isteach san Ioruaidh, agus ó dheas do dtí an Mheánmhuir, áit a thosaíonn speiceas eile fuinseoige, Fraxinus angustifolia ag fás in áit Fraxinus excelsior. [4]

Gnáthóga na Fuinseoige

Cé go bhfásann an fhuinseog ar raon leathan créafóige, is í an crann is coitianta ar chréafóg chailceach.[4] Is annamh a fhásann an fhuinseog i clampaí astu fhéin – is níos minice a bhíonn sí i gcomhluadar speicis eile de chrainnte.[5] Fásann an fhuinseog in éineacht leis an dair ghallda (Quercus robur) agus an coll (Corylus avellana) i gcoillearnacha tirime i gceantair aolchloiche.[6] Éiríonn go maith léi in ither shaibhir, íseal ar mhánna gláracha, áit a fhásann sí go minic leis an bhfearnóg (Alnus glutinosa).[6] Fásann sí in éindí leis an dair ghallda agus an sceach gheal (Crataegus monogyna) agus an cuileann (Ilex aquifolium) igcoillte atá fliuch sa ngeimhreadh ach tirim sa samhradh. Faightear an fhuinseog freisin ag fás taobh leis an bhfearnóg agus saileánaigh (Salix spp) i gcoillte ar thailte fliucha.[6] Ní fhásann sí in ithir aigéadach, cé go bhfásann sí ar chréafóg os cionn clocha aigéadacha.[4] Tá sí fairsing sna gnáthóga sin in iarthar na hÉireann, cé go mbíonn cuma na sceiche uirthi i ngnáthóga feannta.

Taobh amuigh de choillte, is túisce go bhfeicfeá an fhuinseog ag fás léi féin ar thaobh an bhóthair, nó in éineacht le meascán sceacha agus crainnte eile i bhfálta sceacha, freisin. Meastar go bhfuil os cionn leath mhilliún km d’fhál seach in Éirinn, agus i sciar mhór den ghnáthóg sin is í an fhuinseog agus an sceach gheal na speicis is tábhachtaí sa ngréasán sin.[7]

Cuma na Fuinseoige

In ainneoin méid agus airde an chrainn, ní mhaireann an fhuinseog chomh fada le crainnte mór, eile amhail an dair (Quercus spp.) agus an fheá (Fagus sylvatica). Is crann ársa í fuinseog atá os cionn 225 bliain d’aois agus is sean-chrann í aon chrann atá idir 100-200 bliain d’aois, cé go bhfuil crainnte atá bunscoite in ann aoiseanna níos sine a bhaint amach. Ach tá siad fós in ann aois mhór a bhaint amach má ligtear dóibh – tá crainnte i bhforais ársa Bialowieza na Polainne atá 250-400 bliain d’aois.[8]

Nuair a fhásann sí léi féin, déanann an fhuinseog crann mór, díreach, galánta. Bíonn barr an chrainn cruinneachánach le craobhacha ardaitheacha ag fás amach ó stoc díreach.[5] Is minic go mbíonn deireadh na ngéag cuartha suas ar an bhfuinseog, tréith atá uathúil don chrann seo.[9] Fásann sí go sciobtha agus tá sí in ann airde suntasach a bhaint amach i gcoinníollacha atá fabhrach di – ciallaíonn excelsior, san ainm eolaíoch, ‘ard’ – agus is í go minic an crann is airde i roschoillte chrainnte. Tá fuinseog i gCluain Meala, Co. Thiobrad Árann, atá 40m ar airde.[10] Ceaptar gurb í an crann fiáin is airde in Éirinn. Ach is beag fuinseoga a bhaineann airde mar seo amach, bíonn formhór na gcrainnte fuinseoige beag.[4]

Coirt ar fhuinseog óg.
Coirt fuinseoige clúdaithe le léicean agus caonach.
Coirt ar fhuinseog níos sine.

Coirt agus Duilleoga na Fuinseoige

Bíonn dath liath-dhonn ar an gcoirt gheal. Bíonn an choirt mín i gcrainnte óga, agus ní éiríonn sí scoilteánach ach i gcrainnte atá aois mhaith acu. Mar go dtéann na scoilteanna éadomhain ingearacha seo trasna ar a chéile, bíonn pátrún uathúil diamainte ar choirt na fuinseoige. Is furasta an fhuinseog a aithin nuair a bhíonn an chuma seo ar an stoc.

Is minic go mbíonn géaga fuinseoga iompaithe suas.

Bíonn sé éasca, freisin, an fhuinseog a aithint sa ngeimhreadh ó na bachlóga móra dubha atá ar aghaidh a chéile ar an gcraobh, agus a sheasann amach go láidir i gcomparáid leis an gcoirt gheal. Is cruth sféarach a bhíonn ar bhachlóga na ngéag, seachas an bhachlóg chónach a bhíonn ag barr na géige. Osclaíonn na bachlóga seo i mBealtaine, níos deireanaí ná aon chrann dúchasach eile, agus is iad duilleoga na fuinseoige a thiteann roimh aon chrann eile sa bhfómhar freisin (deirtear nach bhfuil sé ró-dheireanach le fataí a chur más féidir breathnú tríd chraobhacha na fuinseoige).

Bachlóga duilleoga na fuinseoige sa ngeimhreadh. Bíonn dath dubh orthu agus ar aghaidh a chéile ar an ngas. Bíonn bachlóg amháin ag deireadh na géige.

Is furasta freisin an crann seo a aithint óna chuid duilleoga – duilleoga cleiteacha amhail an gcaorthann (Sorbus aucuparia) atá ag an bhfuinseog. Tá idir 3 agus 6 phéirí duillín ag gach duilleog, le duillín amháin ag deireadh na duilleoige. Bíonn imeall an duillín fiaclach. Níl na duilleoga in ann ag oícheanta sheaca – tagann dath dubh orthu agus maraítear iad. Is é seo ceann de na fáthanna eile go dtagann siad amach chomh deireanach sin sa mbliain. Is minic go mbíonn na duilleoga fós glas nuair a thiteann siad.

Duilleog fuinseoige – comhdhuille le cúig phéire duillíní agus duillín amháin ag deireadh na duilleoige.

Is duilliúr éadrom, oscailte atá ag an bhfuinseog. Bíonn deis ag flóra éagsúil fás faoi scáth na fuinseoige mar go scaoiltear gathanna na gréine tríd a cuid duilleoga fiú amháin i lár an tsamhraidh, agus ní bhíonn clúdach an-dlúth ag na duilleoga a thiteann sa bhfómhar ach an oiread.

Bláthanna agus Torthaí na Fuinseoige

Thar aon chrann eile in Éirinn, tá gnéasacht na fuinseoige casta. Is iondúil go mbíonn an fhuinseog dé-éiciach – sé sin bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar chrainnte difriúla. Ach scaití bíonn crainnte fuinseoige moinéiciach – bláthanna baineanna agus fireanna ar chraobhanna difriúla den chrann céanna. Agus uaireanta bíonn bláthanna heirmeafraidíteacha ar chrainnte fuinseoga freisin. Ar an údar seo tugtar crann polagamach nó tré-éiciach ar an bhfuinseog.[11]

Bláthanna na fuinseoige.

Tagann na triopaill de bhláthanna corcra (fireann) agus glasa (baineann) amach san Earrach, roimh na duilleoga. Ní bhíonn peitil ná seipil ag na bláthanna beaga seo, a phailnítear sa ngaoth. Tugtar samár ar an toradh – aicéin nó faighneog sciathánach a thiteann ón gcrann sa ngeimhreadh agus luath san Earrach. Bíonn na samáir ag síorchasadh nuair a thiteann siad go talamh, agus scaipeann an ghaoth iad amach ón gcrann le deis níos fearr a thabhairt do na síolta fás. Is iondúil nach bpéacann siad ar feadh cúpla bliain tar éis dóibh titim, agus is féidir leo maireachtáil sa talamh ar fad ar a laghad 5 bliana.[2, 11] Itheann éin, feithidí, agus mamaí beaga na síolta.[2]

Samáir na fuinseoige – síolta sciathánacha.

Tosaíonn crainnte atá idir 20-30 bliain d’aois ag táirgeadh torthaí, agus gach 2-5 bliain, le linn bliain mheasa, táirgtear líon níos mó torthaí ná de ghnáth.[11] Is féidir leis an bhfuinseog scaipeadh freisin tríd iomadú fásúil. Fásann meatháin ó chraobhacha a thiteann tar éis tuillte, agus is féidir leis fréamhacha na fuinseoige meatháin nua a chur aníos freisin.[8]

Éiceolaíocht na Fuinseoige

Mar nach dtagann duilleoga ar an bhfuinseog go dtí tús an tsamhraidh, agus mar nach bhfuil duilliúr dlúth ag an crann fiú nuair atá na duilleoga amuigh, tugtar deis do phlandaí atá solas uathu fás faoin gcrann.[2] Go deimhin tá tábhacht ar leith ag an bhfuinseog do bhithéagsúlacht na tíre. Sa mBreatain, aimsíodh 1058 speiceas atá ag brath ar an bhfuinseog nó coillte ina bhfuil fuinseoga ag fás iontu. Ina measc bhí 12 speiceas d’éan, 55 mamach, 78 planda,68 fungas, 58 brífít (caomhnach agus aelusanna), 558 léicean, agus 239 speiceas d’inveirteabrach (feithidí, damháin alla, srl.).[12] Glactar leis go bhfuil an tionchar céanna ag fuinseoga ar bhithéagsúlacht na hÉireann freisin.[7]

Críonadh siar na fuinseoige

Thar aon chrann eile sa tír, tá bagairt eisiach roimh an bhfuinseog in Éirinn. Tá an crann liostáilte mar speiceas faoi bhagairt ar liosta dearg de chuid an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra,[13] go príomha mar gheall ar an bhfungas Hymenoscyphus fraxineus, a rinne scrios ar chrainnte fuinseoige ar mhór-roinn na hEorpa nuair a tháinig sé ón Áis sna 90aí. Tá na speicis fuinseoige san Áis in ann ag an ngalar seo, ach níl aon chosaint ag Fraxinus excelsior, ár bhfuinseog dúchais, ina aghaidh. Fásann an fungas istigh sa gcrann agus cuireann sé as do chóras uisce agus cothaithigh an chrainn. Éiríonn crainnte atá thíos leis an ngalar feoite. Maraítear crainnte óga laistigh de bhliain, maireann crainnte níos sine ar feadh roinnt blianta eile. Is minic gur pataigín eile a mhaireann an crann, atá lagtha go mór ag ngalar seo, ar a dtugtar críonadh siar na fuinseoige.

An fhuinseog chéanna sa ngeimhreadh.
Críonadh siar ar fhuinseog.

Is in 2012, i bhfáschoill i gContae Liatroma a aimsíodh an chead chás den chríonadh siar seo in Éirinn, ar fhuinseoga óga a tugadh isteach go hÉirinn ó Mhór-roinn na hEorpa. Níor thóg sé mórán ama sular scaip an galar go tapaidh chuig chuile cheard den tír.[7] Tá sé seo tubaisteach, ní amháin do na fuinseoga, ach don éiceachóras a bhfuil an crann sin mar pháirt chriticiúil de. Tá díothú cáscáideach tuartha má imíonn an fhuinseog sa tSualainn – is é sin córas timthriallach de dhíothú speicis mar go bhfuiltear ag braith, le maireachtáil, ar speicis eile atá díothaithe.[14]

Beidh le feiceáil cén tionchar a bheas ag meath na bhfuinseog ar éiceachórais na tíre seo. Tá sé íorónta freisin go dtugann tréithe triomach-chrua agus sioc-chrua buntáiste don bhfuinseog sa ré nua d’aeráid the agus thirim atá tuartha de thoradh athrú aeráide. B’fhéidir nach mairfidh an fhuinseog sách fada chun an ré nua seo a fheiceáil, mar gheall ar ghalar a thug an duine isteach go hÉireann.[15]

Úsáid na Fuinseoige

Tá adhmad na fuinseoige láidir, crua ach éadrom, solúbtha, agus turraingfhriotaíoch. Go stairiúil, ní raibh níos daoire ná adhmad na fuinseoige ach adhmad darach. Is iomaí úsáide atá agus a bhí ag adhmad na fuinseoige.

Sula raibh cruach agus cóimhiotail eile fairsing, is as an bhfuinseog a dhéantaí frámaí carranna,[16] báid, agus eitleáin.[2, 5] D’úsáidtí é le sleánna agus sciathanna a dhéanamh, chomh maith le maidí rámha, cosa casúir, oird, agus oirnéisí eile.[1] Tá snáithe díreach agus dath geal ar adhmad na fuinseoige, tréithe luachmhara chun veinír agus cláir urláir a dhéanamh.[2, 5] Cé gur adhmad solúbtha atá ag bhfuinseog tá sé in ann a bheith briosc freisin, agus bristear é go tobann má lúbtar an iomarca é.[9] Tugtar widow-maker ar an bhfuinseog in Essex Shasana mar gheall ar an nós atá an gcrann scoilte go tobann agus é dhá leagan go talamh.[17]

Dár ndóigh, is i ndéantúsaíocht camáin agus uirlisí eile spóirt (déantar maidí haca as an bhfuinseog freisin)[18] is mó a bhaintear úsáid as an bhfuinseog in Éirinn, cé go n-úsáidtí adhmad an aitinn (Ulex europaeus) freisin, tráth den tsaol. Dúirt Tóibin go fadbhreathnaíoch in 1967 gur “dóigh leis an lucht stiúrtha go rachaidh an iománaíocht ar ceal dá mbeadh gannchúis fuinseoige sa tír”.[9] Le meath na fuinseoige déantar camáin anois as ábhar éagsúil amhail bambú, plaisteach, agus snáithín carbóin. B’fhéidir go gcaithfear fós filleadh ar an aiteann. Spéisiúil go maith, ní as an bhfuinseog a déantar camáin in Albain ach as an hicearaí (Carya spp.), an seiceamóir (Acer  pseudoplatanus), agus an tsaileach bhán (Salix alba).[9] Is as an tsaileach bhán freisin a dhéantar slacáin chruicéid.[2]

Dónn adhmad na fuinseoige go maith. Tugann sé teas breá agus maireann an t-adhmad sa tine. Tá níos lú taisligh ann ná aon adhmad eile agus dónn sé fiú gan é a bheith stálaithe (cé gur bhfearr é a stálú sula ndóitear é).[16] Bhaintí úsáid as adhmad na fuinseoige i súdaireacht agus cuireann coirt na fuinseoige dath buí ar éadaí freisin.[19] Tá tagairt i mBailiúchán na Scol, ó Leithrinn, Co. na Gaillimhe, go ndéantaí dath as rúta na fuinseoige, ach ní luaitear cén dath é fhéin. D’úsáidtí adhmad na fuinseoige i mballaí caolaigh i mBaile Átha Cliath na Meánaoise.[1]

Fuinseog ag fás ar aolchloch na Boirne.

Béaloideas na Fuinseoige

An Fhuinseog sa bhFéineachas

Is crainnte fuinseoige a bhí i dtrí cinn de chúig chrann finscéalacha: Bile Tortan, a leagadh in 600 AD; Craobh Dhaithí a d’fhás i bhFir Bhile, Co. na hIarmhí; agus Bile Uisnigh, a d’fhás in Uisneach, Co. na hIarmhí. Crann iúir (Taxus baccata) a bhí in Eo Rosa, agus speiceas de chrann darach (cé go bhfuil eo san ainm) a bhí in Eo Mugna.[20]

Ceaptar gur áiríodh an fhuinseog, uinnius, mar cheann de “uaisle na coille” in aimsir na bhFéineachais, mar gheall ar thábhacht an adhmaid i ndéantúsaíochta troscáin (ríchathaoireach go háirithe) agus coiseanna sleánna.[21] Ceaptar gur tugadh an t-ómós seo don fhuinseog freisin mar go bhfásann sí ar chréafóg ghlárach, agus gur comhartha de thalamh shaibhir é an crann a bheith ag fás ann.[21]

Cumhacht na Fuinseoige

Is féidir an fhuinseog a áireamh i measc crainnte amhail an coll agus an iúr, bunaithe ar an méid seanchais atá faoin gcrann. Ba léir go raibh ómós – faitíos fiú –  ag daoine roimh an bhfuinseog. Is iomaí scéalta atá i mBailiúchán na Scol a bhfuil an mí-ádh, nó an bás fhéin, i ndán do dhaoine a dhéanann dochar den chrann ar bhealach eicínt. Tá scéal faoi ghabha a rinne iarracht fuinseog a bhí ag fás in aice le tobar beannaithe sa nGráinseach, i gContae Cheatharlaigh, a ghearradh go talamh. Nuair a chuaigh sé suas sa gcrann le craobh a ghearradh, chonaic sé go raibh a theacht trí thine. Ach nuair ar rith sé abhaile, ní raibh tine le feiceáil. Trí huaire a tharla sé seo, agus an tríú uair shocraigh sé coinneáil leis agus an craobh a ghearradh, ag ceapadh nach mbeadh a theacht trí thine. Nuair a chuaigh sé abhaile, bhí a theacht dóite go talamh.

Tá scéal eile ó chontae Muineacháin faoi fhear, lag leis an ocras le linn an Ghorta Mhóir, ar thriail crann fuinseoige a ghearradh chun é a dhó sa tine. Fritheadh an fear an lá dar gcionn sínte ag bun an chrainn, an tua fós ina láimh aige, agus é marbh ag an iarracht a chur sé isteach ann agus ag an ocras.

Maraon le crainnte eile a cheaptaí go raibh cumhachtaí ag baint leo, d’úsáid daoine fuinseoga chun iad a chosaint freisin. Dhóití adhmad na fuinseoige chun an ruaig a chur ar an diabhail agus ba chosaint í slat fuinseoige in aghaidh oilc.[22]

Toibreacha agus Fuinseoga

Bhíodh nasc idir fuinseoga agus toibreacha beannaithe, freisin. I staidéar amháin, chonacthas gur fuinseoga a bhí in 75 crann as 210 a d’fhás in aice le toibreacha beannaithe. Is í an sceach gheal (Crataegus monogyna) an crann ba choitianta a d’fhás in aice leo. Ní shin le rá gur cuireadh na crainnte sin d’aon turas ag na suíomhanna sin. Is iad an fhuinseog agus an sceach gheal na crainnte is coitianta sa tír agus bheifeá ag súil gurb iad a bheadh ag fás in aice le tobar beannaithe, nó sainchomhartha tíre eile.[22] Ach is minic go ndéantar tagairt dhíreach don chrann nuair a dhéantar cur síos ar chumhachtaí na dtoibreacha, agus tá sé seo le braith ach go háirithe uaidh na taifid i mBailiúchán na Scol. Baineann céatadán suntasach de na hiontrálacha faoin bhfuinseog le toibreacha beannaithe.

Deirtear go minic sna hiontrálacha sa mBailiúchán nach ndófaidh craobhacha ó chrainnte a fhásann in aice le tobar beannaithe – mar shampla deirtear é faoi fhuinseog in aice le toibreacha i gCarraig Uí Leighin, Co. Chorcaí, i gCill Dalláin, Co. na hIarmhí, agus i mBaile an Teampaill, Co. Chorcaí. Is iondúil go mbíonn baint ag an gcrann le leigheas nó cumhachtaí an tobair, agus luíonn sé le réasún nach mbeifeá ag iarraidh údar ar bith a thabhairt do dhuine an crann beannaithe a ghearradh.

Crainnte Ceirteacha

Is fuinseoga a bhí i gcuid de na crainnte ceirteacha in Éirinn, freisin. Is minic gur timpeall ar thoibreacha beannaithe a bhíodh siad seo ag fás. Dhearfadh duine paidir nó dhéanaidís mian a chur in iúl, agus ansin chrochaidís píosa d’éadach ar an gcrann. Maítear nach ofrálacha a bhí sna héadaí seo, ach gur bealach siombalach a bhí ann chun fáil réidh le pé imní, tinneas, nó olc a bhí cur as don té a chroch iad.[23]

Bhí an traidisiún seo – ina gcrochtaí píosaí d’éadach ar chrainnte – forleathan san Eoraip, san Áis, agus san Afraic. Ar a chuid taistil, chonaic Maurice Keatinge (c.1761–c.1835), polaiteoir agus coirnéal in arm na Breataine, “rags, potsherds, and the like trash” crochta ar sceacha ológa i dtuaisceart na hAfraice. Nuair nár éirí leis míniú a fháil ó mhuintir na háite faoin gcleachtas, scríobh sé: “a traveller will see precisely the like in the West of Ireland and will receive an equally satisfactory account upon the subject”.[24] Ach tugtar cur síos maith ar an gcleachtas seo i mBailiúchán na Scol:

“Nowadays we have very few holy wells in this district. But there is one on Corn hill and it is supposed to have the cure of warts. What you have to do is to take a pin that is in the well and prick the warts with it and leave it back again. Anyone that does not put back the pin will be all covered with warts next day. There is also another well in Formulagh near Legga and it is supposed to have the cure of Yellow Jaundice the well is cut out of the trunk of a tree and there are red pieces of flannel hanging on the tree anyone that has this desease can take a rag and pin it on their clothes for ten minutes and in two hours you will be better, but be sure to leave back the rag.”

Bailiúchán na Scol, 761:25

Is le gairid, a bheag nó a mhór, a tosaíodh ag tairneáil boinn airgid sna crainnte seachas ag crochadh éadaí orthu. Bhí daoine ag crochadh éadaí sna 1930aí ar chrann ceirteacha (seiceamóir, Acer pseudoplatanus, a bhí ann) i gCluain Eidhneach, Co. Laoise, ar a raibh log idir na craobhacha, ina raibh uisce leighis ann. Bhíodar ag bualadh boinn inti sna 90aí, nó gur bhásaigh an crann le nimhiú miotail in 1994. Bhí an chéad 2m den stoc crann, ón talamh aníos, clúdaithe le boinn a bhí buailte isteach sa gcrann le casúr.

Ní gá go mbeadh an fhuinseog in aice le tobar beannaithe le daoine a leigheas. D’úsáidtí codanna an chrainn chun cóireáil a chur ar dhaoine a bhí ag fulaingt le raon leathan breoiteachtaí – scoilteacha, éidéime, agus fiabhras ina measc.[19] Gheobhadh an sú, a thagann as géag fuinseoga a cuireadh sa tine, réidh le faithní ach é a chuimilt ar an gcraiceann, de réir iontráil amháin i mBailiúchán na Scol. Tá an leigheas céanna ar thinneas cluaise – an sú a chur ar olann agus é a chur sa gcluas thinn – luaite d’iontrálacha ó Uíbh Fhaille, Tiobraid Árann, Cill Dara, agus Co. na Mí. Spéisiúil go maith, bhí an leas céanna á bhaint as an bhfuinseog i Sasana chun tinneas cluaise a mhaolú.[17] Tugann an scaipeadh tíreolaíochta seo le fios gur oibre an modh seo, nó sin go raibh na pisreoga céanna á roinnt idir thíortha difriúla. Luaitear freisin sa mBailiúchán gur leigheas do shúile tinn iad bachlóga duilleoga fuinseoige curtha in uisce. Ach is minic an chóireáil leighis seo a bheith neamhghnách. De réir iontráil amháin ó Co. na Mí, ní gá ach tairne a bhuaileadh isteach i stoc fuinseoige le doightheacha (tinneas fiacaile) a leigheas.

I gCo. Mhuineacháin bhí leas eile, thar a bheith difriúil, á bhaint as an bhfuinseog. D’úsáidtí é chun maidhm sheicne, nó heirne, a leigheas. Scoiltfí gas nó stoc d’fhuinseog óg le poll nó bearna a dhéanamh ann a bheadh sách mór le go mbeadh an duine breoite in ann dul tríd. Chuirfí tríd an bpoll iad agus, tar éis roinnt paidreacha a rá, cheanglaítí an crann le chéile arís chun an poll a dhúnadh agus le go gcneasódh an crann. Ní fhéadfaí an chrann a ghearradh ná a bhaint nó thiocfadh an bhreoiteacht ar ais. Bhí an cleachtas céanna i Sasana, go háirithe do ghasúir óga. Scaití chaithfí iad a chur tríd an bpoll naoi n-uaire le héirí na gréine, ar feadh naoi lá i ndiaidh a chéile, le go ndéanfaí an beart i gceart. Ba searmanas dáiríre a bhí ann, agus bheadh comhoibriú an phobail ag teastáil, le lámh cúnta a thabhairt agus le crainnte fuinseoige cuí a sholáthar, mar gur minic gur ar thalamh phríobháideach a bhídís. Bhí ceangaltas ar úinéir na talún ar a raibh an crann ag fás gan í a ghearradh ina dhiaidh sin (nó ar a laghad fanacht go gcaillfí an othar, ar aon chaoi).[17]

Tá an fhuinseog le feiceáil go mór i miotaseolaíocht chultúir eile. Is fuinseog í Yggdrasil, crann na beatha i mbéaloideas na Lochlainnise, le craobhacha a leathnaigh timpeall an domhain. Is as an bhfuinseog agus an leamhán (Ulma spp.) a déanadh na chéad daoine, Ask agus Embla, sa gcultúr céanna.[16] Ceaptar go bhfuil iarsma de chultúr na Lochlainnise le feiceáil i Sasana nuair a dhónn siad géaga fuinseoga faoi Nollaig, mar chuid de cheiliúradh ar fhéile Yule.[22]

Is díol spéise é an méid crainnte fuinseoga atá luaite sa mBailúchán le stoc toll acu. Tá cuid acu chomh mór sin gur féidir le daoine dul isteach iontu. Dheireadh an sagart Aifreann ó stoc chrann fuinseoige i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma. Bhí ceann eile sa tSeanchill, Co. Thiobraid Árann, a bhí chomh mór sin go bhféadfadh cúigear maireachtáil taobh istigh den chrann. Chodlaíodh Naomh Colm Cille sa bhfuinseog sa Leac Dhearg, Co. na Gaillimhe, de réir seanchais na háite. Dheirtí freisin go ndúnadh an crann ag meán oíche. Bhí scéal eile as Inis, Co. an Chláir, faoi bhuachaill óg a chuaigh ag toraíocht adhmaid le camán a dhéanamh. Dhún an crann isteach air, agus bhí ag dhaoine an crann a ghearradh chun é a scaoileadh saor. Ba léir go raibh crainnte fuinseoige móra agus ársa níos fairsinge ná mar atá anois, agus b’fhéidir nach raibh ceann ar bith acu chomh mór leis an bhfuinseog a bhí, luath san 19ú aois, 13m timpeall an stoic agus a raibh scoil bheag istigh ann.[25] De réir taifid i gClár na gCrann,[10] bhí an crann imithe i 1910.

An Fhuinseog i Logainmneacha

Tá lorg na fuinseoige i logainmneacha na tíre le feiceáil sna focail fuinse, fuinseann, agus fuinseog.[26] Tá Doire na Fuinse i gCo. Chiarraí, Abhainn na Fuinseann i gCo Chorcaí, na Fuinseoga i gCo. na Mí, agus Fuinseogach i gCo. Chábháin. Fágtar an ‘f’ ar lár sa tuaisceart, mar shampla Loch Uinsinne i gCo. Dhún na nGall agus Uinseannach i gCo. Liatroma.[27]

Crann fuinseoige curtha i gCo. na Gaillimhe.

Tintreach agus Crainnte

Deirtear go mbuaileann tintreach an fhuinseog sula mbuaileann sé aon chrann eile,[18, 22] agus tá dornán de thaifid i mBailiúchán na Scol a léiríonn an nasc idir an fhuinseog agus tintreach. In iontráil amháin, i 1911 i gCo. na Mí, maraíodh 17 beithíoch nuair a bhuail lasrach fuinseog. De réir scéal eile as Co. na Mí, bhuail tintreach fuinseog a bhí in aice teach. Dar leis an scéalaí, lean an lasrach fréamhacha an chrainn, a chuaigh faoin teach, agus aníos arís agus isteach sa teach ina phléasc.

Is feiniméin chasta iad tintreacha. Is iomaí cosán a thógann siad ag teacht anuas ó na scamaill, agus ag dul ón talamh suas arís go dtí na clabhtaí (bíonn an lasrach a fheictear ag dul suas, cé go mbreathnaíonn sé dúinn gur anuas atá sé ag teacht). Bíonn sé deacair a thuar cén áit go díreach a shocraíonn tintreach dul go talamh, agus ní í gcónaí a roghnaítear an crann nó an rud is airde. Mar sin, cé gur minic don fhuinseog a bheith ar an gcrann is airde sa gceantar, ní hé an crann is airde i gcónaí a bhuaileann tintreach ach an oiread. [28]

Tá tionchar mór agus leanúnach ag tintreacha ar chrainnte. Tarlaíonn timpeall 44 tintreach gach soicind (beagnach 4 mhilliún gach lá) ar an bpláinéad,[29] agus is sna ceantair thropaiceacha a tharlaíonn 78% acu seo. Ní bhuaileann chuile cheann an talamh – téann cuid ach ó scamall go scamall. Ach tá gach lasrach a tharlaíonn sa spéir tábhachtach do phlandaí, mar go bhfhosaíonn tintreach nítrigin sa gcréafóg. Briseann teocht ard na tintrí na naisc idir an dá adamh sna móilíní nítrigine (N2) atá san aer. Nascann na hadaimh nítrigine a bhíonn scaoilte saor le hocsaigin (O2) chun ocsaídí nítrigine (NO2) a dhéanamh. Tuaslagann sé seo le huisce san atmaisféar chun aigéad nítreach a dhéanamh. Titeann sé seo le báisteach, téann sé isteach sa gcréafóg,[30, 31] agus baineann plandaí úsáid as mar leasú talún agus iad ag fás.

Dár ndóigh, lasann tintreacha falscaithe freisin. Cé go bhfuil tinte fiáine mar seo in ann go leor dochair a dhéanamh de chrainnte nach bhfuil in ann acu, tá loiscthe mar seo tábhachtach do chrainnte buaircíneacha ar leith, ar nós an péine contórtach (Pinus contorta) agus an crónghiúis (Sequoia sempervirens). Osclaíonn an teas buaircíní na gcrainnte seo chun na síolta a scaoileadh, agus chun an talamh a réiteach le go mbeidh na crainnte óga in ann fás gan iomaíocht ó phlandaí eile. Le go mbeidh an straitéis seo éifeachtach, bíonn tinte beaga, rialta ag teastáil ó na crainnte seo. Ach leis na cineálacha triomaigh atá ag tarlú le hathrú aeráide, anuas ar an bealaí sochta dóiteáin atá ar siúl ag daoine atá ag iarraidh maoin a chosaint, is loiscthe móra millteacha a bhíonn mar thoradh ar thintreacha anois, rud a dhéanann damáiste do gach rud atá beo sa gceantar sin.[32]

Tá tintreacha in ann damáiste díreach a dhéanamh do chrainnte freisin. Lagaíonn lasracha crainnte freisin sa gcaoi go mbíonn siad leochaileach d’ionsaithe ó fheithidí agus ionfhabhtú ó ghalracha. Tá lasracha in ann dochar a dhéanamh de go leor crainnte in aon iarraidh amháin. In 1970 maraíodh 250 péine Albanach (Pinus sylvestris) a bhí i bhfáschoill i Sasana.[30]

Is é méid teasa na tintrí, agus an ráta tapaidh a théann an crann, a dhéanann damáiste den chrann nuair a bhuaileann lasrach toirní é. Ceaptar go ngalaíonn an t-uisce sa gcaimbiam chomh tapaidh sin go bpléascann an t-adhmad. Fágtar rian an phléasca ar an stoc, agus má bhíonn fuinneamh an bhuillí tintrí sách ard, scriostar an crann go hiomlán. Cé go luaitear uisce sna fréamhacha, nó roisín agus stáirse san adhmad, mar chúiseanna go mbuaileann tintreach speicis éagsúla de chrainnte thar a chéile, níl aon fhianaise bhfuil crainnte ar leith, an fhuinseog san áireamh, níos leochailí (ná níos mealltaí) do thintreach.[28]

Tuilleadh íomhánna de fhuinseoga

Tagairtí

1.  Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

2.  Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

3.  Dobrowolska, D., et al., A review of European ash (Fraxinus excelsior L.): implications for silviculture. Forestry: An International Journal of Forest Research, 2011. 84(2): p. 133-148.

4.  Thomas, P.A., Biological flora of the British Isles: Fraxinus excelsior. Journal of Ecology, 2016. 104(4): p. 1158-1209.

5.  Beck, P., et al., Fraxinus excelsior in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.

6.  Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.

7.  McCracken, A., et al., Ash dieback on the island of Ireland. 2017, Swedish University of Agricultural Sciences.

8.  Marigo, G., et al., Success in the demographic expansion of Fraxinus excelsior L. Trees, 2000. 15(1): p. 1-13.

9.  Tóibín, S., Troscán na mbánta: aistí simpli ar na crainn choitianta dúchais. 1967: Oifig an tSoláthair.

10.  The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.

11.  Saumitou-Laprade, P., et al., Polygamy or subdioecy? The impact of diallelic self-incompatibility on the sexual system in <i>Fraxinus excelsior</i> (Oleaceae). Proceedings of the Royal Society B: Biological Sciences, 2018. 285(1873): p. 20180004.

12.  Mitchell, A., Clones of Leyland cypress. IDS Yearbook, 1985. 1985: p. 97-100.

13.  Khela, S. and S. Oldfield Fraxinus excelsior. The IUCN Red List of Threatened Species, 2018.

14.  Hultberg, T., et al., Ash dieback risks an extinction cascade. Biological Conservation, 2020. 244: p. 108516.

15.  Pautasso, M., et al., European ash (Fraxinus excelsior) dieback – A conservation biology challenge. Biological Conservation, 2013. 158: p. 37-49.

16.  Mytting, L., Norwegian Wood: Chopping, Stacking, and Drying Wood the Scandinavian Way. 2015, Londain: Maclehose Press.

17.  Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

18.  Bell, S., et al., Cultural aspects of the trees in selected European countries: COST E42: Valuable broadleaved trees in Europe. 2009.

19.  Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

20.  Ó hÓgáin, D., Trees in Irish Lore. Irish Forestry, 2003. 60: p. 46-60.

21.  Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.

22.  Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.

23.  Houlbrook, C., Small change: economics and coin-trees in Britain and Ireland. Post-Medieval Archaeology, 2015. 49(1): p. 114-130.

24.  Walhouse, M.J., Rag-Bushes and Kindred Observances. The Journal of the Anthropological Institute of Great Britain and Ireland, 1880. 9: p. 97-106.

25.  Ní Dhonnchadha, M., M’Airiuclán hi Túaim Inbir: Speaker and Setting, in Lorg na Leabhar: A festschrift for Pádraig A. Breatnach, C. Breatnach, M. Ní Úrdail, and G. Ó Riain, Editors. 2019, Four Courts Press: Baile Átha Cliath.

26.  Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.

27.  Mac Labhraí, S., Local Placenames. &quot;Before I Forget…&quot;: Journal of the Poyntzpass and District Local History Society, 1989(3): p. 15-25.

28.  Mäkelä, J., et al., Attachment of natural lightning flashes to trees: Preliminary statistical characteristics. Journal of Lightning Research, 2009. 1(1).

29.  Christian, H.J., et al., Global frequency and distribution of lightning as observed from space by the Optical Transient Detector. Journal of Geophysical Research: Atmospheres, 2003. 108(D1): p. ACL 4-1-ACL 4-15.

30.  Taylor, A.R. Ecological aspects of lightning in forests. in Proceedings of the Tall Timbers fire ecology conference. 1974.

31.  Schumann, U. and H. Huntrieser, The global lightning-induced nitrogen oxides source. Atmos. Chem. Phys., 2007. 7(14): p. 3823-3907.

32.  Stephens, S.L., et al., Drought, Tree Mortality, and Wildfire in Forests Adapted to Frequent Fire. BioScience, 2018. 68(2): p. 77-88