Ainmneacha Eile: Priobhaid,[1] Primhéad,[2] Tor Luathfás[2]
Béarla: Privet
Tréithe Suntasacha na Sceiche
- Sceach dhuillsilteach.
- Duilleoga lansacha.
- Bláthanna bána pirimidiúla le boladh láidir uathu.
Réamhrá
Is sceach dhuillsilteach é an pribhéad, ach coinníonn sé go leor dá chuid duilleoga sa ngeimhreadh.[3] Tá sé dúchasach ar fud na hEorpa. Mar go bhfuil sé curtha go fairsing in Éirinn,[4] níltear cinnte ar sceach dhúchasach an pribhéid nó ar planda núíosach é. Ceaptar go mb’fhéidir gur plandaí núíosacha iad formhór de phribhéid na hÉireann, ach go bhfuil sé dúchasach ar shuíomhanna cósta ar leith.[3, 4] Tá an pribhéad an chosúil leis an pribhéad Calafoirniach (Ligustrum ovalifolium), éalaitheach gairdín neamhdhúchasach, agus is éasca an dá phlanda a mheascadh suas lena chéile.[4]
Tá an pribhéad compordach ar chréafóg alcaileach, atá draenáilte go maith, os cionn aolchloch. Fásann sé i bhfálta sceacha, i gcoillearnaí agus i scrobarnach. Is iondúil gur bhfaightear mar sceach é, ach déanfaidh sé crann beag mura ghearrtar é.[5]
Cuma an Phlanda
Is planda sceachach an pribhéad. Bíonn na géaga óga agus an bláthra clúmhach (ní bhíonn siad clúmhach sa bpribhéad Calafoirniach). Is cruth lansach a bhíonn ar na duilleoga (bíonn cruth ubhach ar dhuilleoga an phribhéid Calafoirniach). Titeann siad den ghéag an-deireanach sa ngeimhreadh agus ní thiteann siad ar chor ar bith más geimhreadh bog é.
Bíonn boladh láidir cumhra ó na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla ar an planda.[3] Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar. Tá siad nimhneach do dhaoine, cé go n-itheann éanacha iad.
Úsáid an Phribhéid
Is beag béaloidis atá faoin sceach seo in Éirinn, cé go ndeirtear go bhfuil insileadh pribhéid go maith do scornach tinn agus urbhruith den phlanda to chluas tinn.[6] D’úsáidtí na duilleoga i ndathú. Faightear dathanna buí, glas, gormghlas, agus donn ó dhuilleoga agus caora an phlanda.[5]
Ní chuirtear an pribhéad an oiread sin mar phlanda gairdín mar ornáide níos mó. Is mó den phribhéad Calafoirniach agus an pribhéad Seapánach ( Ligustrum japonicum) a fheictear, mar go gcoinníonn siad a gcuid duilleoga sa ngeimhreadh.
Ní fios cárbh as a dtagann an t-ainm Béarla privet. Úsáidtear go forleathan é mar fhál chun príobháideachas a thabhairt, ach níl aon fhianaise gur tháinig privet ón bhfocal private. Measann Cameron gur ó úsáid an phlanda chun príobháideachas a thabhairt a thagann t-ainm Gaeilge ‘priobhaid’,[1] ach is mó seans gur tháinig an leagan Gaeilge ón leagan Béarla.
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
2. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
3. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
6. Wilson, T.G., Some Irish folklore remedies for diseases of the ear, nose and throat. Irish Journal of Medical Science (1926-1967), 1943. 18(6): p. 180-184.