You are currently viewing  An Dair Ghallda <br><span style='font-size:16px;'>Quercus robur</span>

An Dair Ghallda
Quercus robur

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: , ,
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta: ,

Ainmneacha Eile: Dair Choitiata, Dair Choiteann

Béarla: Pendunculate Oak, English Oak


Tréithe Suntasacha

  • Crann leathan duillsilteach
  • Duilleoga maothánacha ar ghas > 1cm
  • Dearcáin ar ghas

An dair ghallda i gcoill i lár na tíre.

Fásann an dair ghallda, crann duillsilteach, dúchasach, go fairsing ar fud na tíre, cé go bhfuil an dair Ghaelach (Quercus petraea) níos iomadúla in Éirinn. Tá an dair ghallda in ann ag raon leathan créafóige, ach éiríonn go maith leis an gcrann in ithir atá trom, tais, agus torthúil. Ní fhásann sé i gcréafóg éadomhain os cionn aolchloch ná ar phortach, ach ní chuireann talamh bháite as don chrann.[1]

Tugtar English Oak air i mBéarla (chomh maith le Pedunculate Oak), agus go deimhin tá an dair ghallda ar cheann de na crainnte is coitianta in ísealchríocha Shasana.[2] In ainneoin an ainm sin, síneann a cheantar dúchais ó Leithinis na hIbéire go dtí an Chríoch Lochlann, agus soir ó dheas go dtí an Tuirc.[3]

Cé go n-aithnítear an dair Ghaelach níos mó le hÉirinn ná an dair ghallda, agus in ainneoin ainm an chrainn, is crann dúchasach é an dair ghallda. Tháinig sé go dtí an oileán, in éineacht leis an dair Ghaelach, tar éis do na hoighearsruthanna leá.[4] Tá sé linn le fada – tá pailin ón dair ghallda faighte in Éirinn atá 9,000 bliain d’aois.[4]

Cumadh agus Airde

Is crann fadsaolach é an dair ghallda – tá crann ársa os cionn 300 bliain d’aois, agus tá cuid acu os cionn 1000 bliain d’aois.[2] Cé go bhfuil an dair ghallda in ann 40m a bhaint amach, is iondúil go mbíonn an crainnte is airde i gcoill dharach 30m nó mar sin.[3] Leathann na craobhacha amach i gcrainnte lánfhásta agus bíonn ceannbhrat leathan ag an dair ghallda freisin.

Coirt agus Duilleoga

Coirt mhín le dath liathghlas a bhíonn ar dharacha gallda óga, agus éiríonn sé cladhach le haois. Uaireanta ritheann na hiomairí seo trasna ar a chéile, a chruthaíonn cruthanna dronuilleogacha agus heicseagánacha.

Bíonn triopaill de bhachlóga duilleoga ar barr na ngéag. Bíonn na duilleoga maothánach, le idir 4-5 maothán ar gach duilleog. Is ar éigean go mbíonn gas duilleoige ar bith ag an dair ghallda – bíonn ceann réasúnta fada ar an dair Ghaelach.[5] Bíonn dhá mhaothán beag ar chaon taobh de bhun na duilleoige – tréith nach mbíonn ag an dair Ghaelach.[5]

Tagann na duilleoga amach ag deireadh Aibreán nó tús Bealtaine, ach d’fhéadfadh borrfhás eile de dhuilleoga a bheith ann níos deireanaí sa samhradh. Ceaptar go mb’fhéidir gur eascair an tréith seo mar chosaint ón dídhuillú a dhéanann bratógaí níos luaithe sa samhradh.[6]

Bláthanna agus Torthaí

Is caitíní fada buí iad na bláthanna fireanna a scaipeann pailin ag deireadh Bealtaine agus tús Meitheamh. Meallann neachtar na mbláthanna feithidí, ach is í an ghaoth is mó a scaipeann an phailin.[6] Athraíonn na bláthanna baineanna go dearcán (2-2.5 cm ar fhad)  tar éis dóibh pailniú. Tá gas fada a ghreamaíonn an dearcán den ghéag ag an dair Ghallda (níl gas ar dhearcáin na darach Ghaelaigh).[7]

Gnáthóg na Darach

In Eirinn, fásann an dair ghallda in éineacht leis an bhfuinseog (Fraxinus excelsior) i gcoillte a bhíonn leath-bháite sa ngeimhreadh ach tirim sa samhradh. Fásann an coll (Corylus avellana), an sceach gheal (Crataegus monogyna), agus an cuileann (Ilex aquifolium) in éineacht leis.[8]

Is dealraitheach gur mhair pobail de dharacha gallda tar éis an scrios uafásach a déanadh ar choillte na hÉireann sa 17ú agus 18ú aois. Tá crainnte i gcoillte Bhaile an Bhóthair, Co. Uíbh Fhailí, atá os cionn 450 bliain d’aois[9] (ceann de na crainnte is sine in Éirinn) agus ní cheaptar gur cuireadh iad sin.[4] Sa lá atá inniu ann, is minic don dair ghallda sin a bheith curtha mar  chrann lánairde i roschoillte, go háirithe sa mBreatain.[2]

An Hibrid leis an dair Ghaelach

Is hibrid é Quercus x rosacea idir an dair ghallda leis an dair Ghaelach. Níor ceapadh go raibh sé coitianta mar go dtagann bláth ar an dair ghallda coicís sula mbláthaíonn an dair Ghaelach, agus bíonn trasphailniú níos deacra dá thoradh seo.[2] Anuas ar sin, níl cuntas maith againn ar líon na gcrann in Éirinn mar go bhfuil sé deacair an speiceas a aithint de bharr go bhfuil tréithe athraitheacha ag an dá tuismitheoir. Ach ceapann luibheolaithe go mb’fhéidir go bhfuil Q. x rosacea, níos coitianta ná mar a síleadh.[1]

Tagairtí

1. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

2. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.

3. Eaton, E., et al., Quercus robur and Quercus petraea in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 160-163.

4. Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

5. Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.

6. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

7. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

8. Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.

9. Twomey, M., A. Fennell, and F. McHugh, The tree register of Ireland. Irish Forestry, 2002.