Ainmneacha Eile: Úll an madra rua,[1] Úlla an mhadaruaidh,[2] Súile an mhadaruaidh,[2, 3] Meastuirc allta,[4] Meas Allaidh,[5] Lus Cholm Cille,[3] Allas Mhuire[3]
Béarla: Tutsan, Touch-and-heal leaf[6]
Tréithe an Phlanda
- Sceach íseal, dhuillsilteach.
- Bláthanna móra buí air sa samhradh.
- Caora beaga ag deireadh an tsamhraidh, ag athrú ó dhearg go dubh de réir mar a aibíonn siad.
Cur Síos ar an Sceach
Is sceach íseal (níos lú ná 1m), dhuillsilteach é an meas torc allta atá éasca le haithint ó na duilleoga, na bláthanna, agus na caora uathúla atá ag an planda seo. Is dath donn nó dearg a bhíonn ar ghais na sceiche, agus bíonn dhá uillinn ar an ngas[7] (is tréith é seo a bhíonn ar roinnt de na plandaí sa bhfine Hypericaceae).
Is cruth ubhach a bhíonn ar na duilleoga a bhíonn 5-10 cm ar fhad. Bíonn boladh uathu nuair a bhrúitear iad.[7] Deirtear go boladh muice é agus gur uaidh seo a tháinig ainm Gaeilge an phlanda. Deirtear freisin go bhfuil boladh na nduilleog cosúil le ambergris (substaint luachmhar a thagann ón gcaisealóid, speiceas de mhíol mór).[6] I Sasana agus sa bhFraince, mar chomhartha ádh, chuirtí duilleoga triomaithe an phlanda i mBíoblaí sa 19ú aois.[6]
Bíonn na bláthanna buí 2 cm ar leithead i gcnuasaigh beaga ar an ngéag. Bíonn na peitil níos giorra ná na seipil, agus is díol suntais iad na staimíní fada a bhíonn ar an mbláth. Déanann feithidí na bláthanna a phailniú. Is caor beag a bhíonn mar thoradh ar an sceach – athraíonn sé ó dhearg go dubh de réir mar a aibíonn sé.[8] Itheann éanacha na caora. Scaipeann éanacha agus uisce na síolta go forleathan.[9]
Tá an meas torc allta coitianta ar fud na hÉireann. Fásann sé in áiteanna atá tais agus faoi scáth, amhail coillte agus fálta sceach.[9] Feictear go minic ar thaobh bhóithríní tuaithe é. Is planda é atá saothraithe go minic freisin, agus fásann sé mar éalaitheach gairdín in áiteanna freisin.
Tá éileamh ar an meas torc allta ar fud an domhain mar phlanda ornáide i ngairdíní, agus is féidir leis droch-thionchar a bheith aige ar an timpeallacht má éalaíonn sé. Is planda ionrach é san Astráil agus sa Nua Shéalainn, go háirithe ar thalamh féaraigh mar go ndéanann sé sceacha dlúth nach mbíonn beostoc in ann a ithe.[10]
Úsáid na Sceiche
Is iomaí úsáide a bhaintí as an meas torc allta mar luibh leighis. Is ón bhFraincis (tout–saine, a chiallaíonn leigheas ar gach rud) a thagann ainm Béarla an phlanda, tutsan, léiriú ar úsáid an phlanda mar chógas leighis. D’úsáidtí an planda mar phianmhúchán, mar phurgóid, chun sciaitíce a bhainsitiú, agus mar chóireáil ar an gcrithgalar.[11] D’úsáidtí é freisin chun créachtaí a ghlanadh agus mar fhualbhrostach,[12] ach ní léir go bhfuil an oiread sin fianaise gur úsáideadh sa gcaoi sin an planda sa mBreatain ná in Éirinn.[6] Ach d’úsáidtí duilleoga triomaithe na luibhe i gContae. Chiarraí mar leigheas ar bhreoiteachtaí difriúla, chomh maith le chun an ruaig a chur ar thaibhsí agus ainsprideanna.[3]
Cé gur ceann de luibheanna Eoin Baiste (Hypericum spp.) é an meas torc allta, is le Colm Cille nó leis an Mhaighdean Mhuire is mó a luaitear an planda. Ciallaíonn androsaemum “fuil an fhir”, agus is tagairt é de dhath sú an phlanda,[10] sin nó do spotaí dearga na mbláthanna.[13]
Tugtar súilíní an mhadra rua ar na bláthanna i gCorca Dhuibhne, agus púiríní (nó paidiríní) an mhadra rua ar na torthaí.[3]
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.
2. Ua Maoileoin, P., Dúlra Duibhneach. 2001, Baile Átha Cliath: Coiscéim.
3. Uí Chonchubhair, M., Flóra Chorca Dhuibhne: Aspects of the flora of Corca Dhuibhne. 1998: Oidhreacht Corca Dhuibhne.
4. Coneys, T.D.V., Focloir guoidilge-sucs-beurlu, or, An Irish-English dictionary. 1849: Irish Society.
5. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
6. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
7. Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.
8. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
9. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
10. James, T. and A. Rahman, Management and control options for tutsan (Hypericum androsaemum) in hill country pastures a review. New Zealand Plant Protection, 2015. 68: p. 124-131.
11. Sebastin, A., St John’s wort, a panacea? BMJ: British Medical Journal, 2006. 333(7560): p. 187-187.
12. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
13. Vickery, A.R., Traditional Uses and Folklore of Hypericum in the British Isles. Economic Botany, 1981. 35(3): p. 289-295.