You are currently viewing Léicean Flannbhuí Coiteann

Léicean Flannbhuí Coiteann

Cineál Planda:
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Stádas:

Léicean Duilleach Flannbhuí

Xanthoria parietina

Common Orange Lichen; Yellow Scale; Sunburst Lichen

Is ar charraigeacha cladaigh is mó a fhásann an léicean flannbhuí coiteann, nó an léicean duilleach flannbhuí (Xanthoria parietina). Tá dath buí ar an léicean seo nuair atá sé ag fás sa ngrian, agus dath liath nó glas air más i scáth na gréine atá sé.

Cé go bhfeictearan léicean seo den chuid is mó in aice na farraige i gCois Fharraige, fásann sé ar chrainnte agus ar chlaíocha freisin. Ní chuireann truailliú aeir as don léicean, agus mar go n-ionsúann siad truailleáin (miotail throma san áireamh) ón aer, úsáidtear iad chun caighdeán an aeir a mheas.