You are currently viewing An Caisearbhán

An Caisearbhán

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth: ,
Stádas:
Úsáid: ,
Fairsinge:

Caisearbhán Coiteann

Taraxacum officinale

Dandelion

Ní haon ionadh é go bhfuil an Caisearbhán (Taraxacum officinale) chomh flúirseach sin i gCois Fharraige nuair atá sé réidh le síolta a chaitheamh sula dtosaíonn plandaí eile ag fás, gan trácht ar bhláthú. Tugann muid clog nó cloigín ar an bplanda nuair atá ceann síolta mar seo air.

Tá os cionn 250 speiceas éagsúla de Chaisearbhán ann.

Tá na duilleoga agus an bláth inite agus tá go leor béaloidis faoin bplanda. Deirtear go bhfuil leigheas ar leith ag an “gCaisearbhán Cos Dearg” – b’fhéidir caisearbhán le gas dearg ag an mbláth agus/nó ar na duilleoga (nó dath dearg ar na síolta?). Tá sé seo luaite ar www.duchas.ie agus ag Nicholas Williams, i measc foinsí eile. D’fhéadfadh gur T. laevigatum, T. erythrospermum nó T. spectabile atá i gceist leis an gcineál planda seo. Pé scéal, níl dóthain bláthanna amuigh fós le seo a fhiosrú a thuilleadh.