You are currently viewing An Odhrach Bhallach

An Odhrach Bhallach

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth: ,
Stádas:
Úsáid:

Greim an Diabhail

Succisa pratensis

Devil’s-bit Scabious

Is í an Odhrach Bhallach (Succisa pratensis) ceann de na bláthanna is coitianta ar phortach Chois Fharraige ag deireadh mhí Lúnasa. Is bláth beag gorm nó corcra a bhíonn ar an bplanda go hiondúil, ach tá bláthanna bána agus bándearga le feiceáil ar an bplanda freisin (mar a fheictear sna híomhánna seo).

Tá neart ainmneacha eile ag an bplanda seo, Greim an Diabhail agus an Odhrach Mhullach ina measc. Nílim cinnte céard é Odhrach. Tá ‘urach’ – a chiallaíonn buidéal (ie cruth buidéil ar an mbláth) – mar mhíniú ag John Cameron (Gaelic Names of Plants, 1883), agus go bhfaighidh mé míniú níos cruinne, déanfaidh sé. Agus ansin Ballach=Mullach=barr an phlanda (Séanadh – ní saineolaí teanga mé).

Tá an Odhrach Bhallach sa bhfine Caprifoliaceae, in éineacht leis an gCeathrú Uain (Valerianella locusta) agus an Fhéithleog (Lonicera periclymenum) – atá le feiceáil i gCois Fharraige freisin.

Béaloideas

Bhí an oiread sin tinnis a bhí an Odhrach Bhallach in ann a leigheas, de réir an bhéaloidis, gur chuir sé fearg ar an diabhal agus ghearr sé píosa den rúta, agus is uaidh sin a tháinig an t-ainm Greim an Diabhail agus an t-ainm Béarla (Williams 1993). Is léir go mbreathnaíonn an rúta ar nós gur bhain duine plaic as.