You are currently viewing An Ghlasair Léana Bheag

An Ghlasair Léana Bheag


Glasair Léana; Lasair Léana

Ranunculus flammula

Grass-leaved Buttercup

Tá an Ghlasair Léana Bheag (Ranunculus flammula) sa bhfine céanna (Ranunculaceae) leis na speicis éagsúla ar a dtugann muid Cam an Ime. Feictear an Ghlasair Léana ar thalamh fhliuch, nó ar imeall na lochán ar phortaigh Chois Fharraige.

Tá bláth an phlanda cosúil le bláth an Cham an Ime, ach tá na duilleoga ar ghas na Glasaire Léana fada agus caol (“spearwort” atá orthu i mBéarla mar ar chruth na nduilleog). Tá dath dearg ar na gasanna.

Tá an planda nimhneach agus scaití maraítear ainmnithe a itheann é. Chomh maith leis sin, gortóidh sú an phlanda do chraiceann má théann sé air. Maraon le Cam an Ime, tá ceimiceach ar a dtugtar ranunculin sna duilleoga, agus nuair a bhristear iad athraíonn ranunculin go protoanemonin, agus is é an nimh seo an chúis leis an deirmitíteas teagmhála a dhóann do chraiceann má théann sé air.