You are currently viewing Crúibíní Cait

Crúibíní Cait

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:

Bainne Bó Bleachtáin; Béal na Bó; Bainne Bó Bleacht

Primula veris

Cowslip

Tugann daoine éagsúla (nó tugtar in áiteanna ar leith) i gCois Fharraige Bainne Bó Bleachtáin ar an Primula vulgaris (Primrose), agus tugtar Crúibíní Cait ar an Primula veris (Cowslip).

Lasmuigh de Chois Fharraige (agus b’fhéidir lasmuigh de Chonamara) tá t-ainm Sabhaircín níos minice in úsáid don Primula vulgaris, agus Bainne Bó Bleachtáin atá ar an Primula veris (Cowslip).

Tá Crúibíní Cait (Primula veris), nó Bainne Bó Bleachtáin, ag fás go tréan anois i gCois Fharraige. Bláthaíonn siad níos deireanaí ná P. vulgaris (Sabhaircíní, nó Bainne Bó Bleachtáin mar a tugtar orthu in áiteanna i gCois Fharraige), ach tá an dá phlanda faoi bhláth anois. 

Cosúil le P. vulgaris, faightear Crúibíní Cait ag fás faoi sceacha nó ar leataobh an bhóthair, ach feictear go minic iad ag fás sa bhféar i lár an gharraí agus in áiteanna níos oscailte freisin.

Is hibrid de P. vulgaris agus P. veris atá sa mBaisleach Bréige (Primula x polyantha), atá le fáil sa gceantar freisin.