You are currently viewing An tSú Talún Bhréige 

An tSú Talún Bhréige 

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth: ,
Stádas:

Lus Sútha Talún Bréige

Potentilla sterilis

Barren Strawberry

Tá an tSú Talún Bhréige (Potentilla sterilis) beag bídeach, agus is ar éigean go dtabharfá faoi deara é sa bhféar. Níl sé sa ngéineas céanna leis an Sú Talún (Fragaria), cé go bhfuil an dá phlanda sa gclann céanna (Rosaceae).

Tá sé réasúnta éasca idirdhealú a dhéanamh idir an dá phlanda nuair atá bláth orthu. Tá spás níos mó idir peitil P. sterilis, agus cé go dtagann toradh air, níl sé an-chosúil leis an Sú Talún agus níl sé inite.

Nílim cinnte an bhfuil an bláth seo forleathan i gCois Fharraige. Is i mbliana (2022) a thug mé faoi deara é den chéad uair ag fás sa ngarraí áitiúil, agus ní fhaca mé in aon áit eile é (fós).