You are currently viewing Na Deirfiúiríní

Na Deirfiúiríní

Dath Bláth: , ,
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:

Polygala serpyllifolia

Heath Milkwort

Tá na bláthanna seo sa ngéineas Polygala, agus chonaic mé iad ar phortach Thulach an Leath Thoir, in Indreabhán. Tá go leor acu ag fás ar thaobh bhóthar an phortaigh, agus in áiteanna tirime ar an gcriarthach. Tá dhá mhór-speiceas de Polygala in Éirinn: Lus an Bhainne (Polygala vulgaris) agus Na Deirfiúríní (Polygala serpyllifolia).

Tá Na Deirfiúiríní níos compordaigh ná Lus an Bhainne ar ithir aigéadach. Tá cuid de dhuilleoga Na Deirfiúríní ar aghaidh a chéile ar an ngas, agus ritheann gach duilleog atá ar Lus an Bhainne go hailtéarnach óna chéile suas an ngas. Tá cur síos maith faoi na difríochtaí seo ar shuíomh an BSBI.

Go praiticiúil bíonn sé deacair na pátrúin seo a fheiceáil sna duilleoga íochtaracha, ach bhreathnaigh sé go raibh cúpla duilleog in íochtar an phlanda ar aghaidh a chéile, agus mar go raibh na bláthanna seo ag fás ar an bportach, táim ag ceapadh gur Na Deirfiúiríní atá iontu.

Tá siad feicthe agam freisin ar chlocha nochtaithe sna garrantaí agus ar leataobh an bhóthair.

Bíonn dathanna éagsula ar na bláthanna seo – agus bláthanna le dathanna difriúla go minic ag fás díreach in aice lena chéile. Deirtear go bhfuair P. serpyllifolia an t-ainm Na Deirfiúríní, mar go bhfuil “deirfiúríní” ann le dathanna difriúla (cé go bhfuil an rud céanna amhlaidh le Lus an Bhainne).