You are currently viewing An Bacán Bán

An Bacán Bán

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Úsáid:

Duilleog Bháite Bhán

Nymphaea alba

White Water-lily


Tá an Bacán Bán, nó an Duilleog Bháite Bhán (Nymphaea alba) ag bláthú sna locháin phortaigh i gCois Fharraige. Tá na duilleoga móra glasa ar éigean faoi leibhéal an uisce, agus tá gas fad aige síos go rútaí an phlanda atá sa bpuiteach i ngrinneall an locha.  

Ní fhaca mé an planda seo ach i loch amháin i gCois Fharraige go dtí seo, agus tá a fhios agam go bhfuil siad ag fás sa loch sin le ar a laghad fiche bliain.

Dar leis The Wildlife Trusts, is é seo an bláth dúchasach is mó sa Ríocht Aontaithe, agus más é, drochsheans go bhfuil aon bhláth dúchasach níos mó ná é sa tír seo freisin.

Maraon le plandaí uisce eile, níl sé éasca grianghraif a thógáil den bhláth.