You are currently viewing An Bearnán Lachan

An Bearnán Lachan


Báchrán; Pónaire Chorraigh

Menyanthes trifoliata

Bogbean

Bíonn an Bearnán Lachan (Menyanthes trifoliata) ag fás sa  bhfíoruisce, agus tá neart de sin i gCois Fharraige, ní amháin ar phortach fliuch (mar atá sna pictiúirí thíos) ach freisin sa mbogach sula sroichfidh tú an cósta duirlinge.

Tá bachlóga blátha dearga nó bándearga air, agus tagann bláthanna bána ina dhiaidh sin. Tá portach Thulach an Leath Thoir beo leo.

Mar ar an mblas searbh atá air, bhaintí (agus baintear) úsáid as i ngrúdaireacht agus i ndríogadh.

Tugtar Báchrán air chomh maith, agus tá Pónaire Chapaill agus Pónaire Chorraigh ag Niall Mac Coitir (2006) freisin, ainmneacha atá cosúil leis an leagan Béarla, ‘Bogbean’ .