You are currently viewing An Crobh Geal

An Crobh Geal

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:

Geranium lucidum

Shining Crane’s-bill

Breathnaíonn an Crobh Geal (Geranium lucidum) an-chosúil leis an Drioball/Ruitheal Rí (Geranium robertianum), ach má bhreathnaítear go géar ar na duilleoga feicfidh tú go bhfuil cruth éagsúil orthu. Tá na duilleoga níos cuaraithe ar an gCrobh Geal, agus níl na scoilteacha iontu chomh domhain agus atá ar dhuilleoga an Drioball Rí. Níl an oiread ribíní gruaige ar an gCrobh Geal ach an oiread.

Tá speiceas seo den ngéineas Geranium ag fás ar chosán an phríomhbhóthair i gCois Fharraige, ach ní fhaca mé in aon áit eile é (le hais an Drioball Rí, atá flúirseach sa gceantar). Tá an Crobh Geal níos compordaigh in aolchloch, agus b’fhéidir gur tugadh isteach é agus go bhfuair sé greim i salachar cailcreach an chosáin.