You are currently viewing An Garbhlus

An Garbhlus

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:

Garbhach; Lus Garbh; Uirlis Chríonna

Galium aparine

Cleavers; Goosegrass; Robin-run-the-hedge

Tosaíonn an Garbhlus (Garbhach, Lus Garbh, Uirlis Chríonna nó Galium aparine) ag fás ag deireadh an Gheimhridh in Indreabhán. Bíonn raithneach, sceacha agus driseacha Chois Fharraige clúdaithe ag an mbliantóg seo sa samhradh.

Tá crúcaí beaga ar na síolta, na duilleoga agus na gasanna, greamaíonn siad de rudaí go héasca, agus cabhraíonn sé seo chun na síolta a scaipeadh.

Is cosúil go ndéantar caife as na síolta beaga crua, má bhailítear iad sa bhfómhar. Tá beagáinín caiféin iontu, agus tá an Garbhlus agus Coffea canephora (ceann de na plandaí as a ndéantar caife) sa gclann chéanna, Rubiaceae.