You are currently viewing An Ceannbhán

An Ceannbhán

Dath Bláth: ,
Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: , ,
Faoi Bhláth:
Stádas:

Ceannbhán Caolduilleach

Eriophorum angustifolium

Bog Cotton; Common Cottongrass

Feictear an Ceannbhán (Eriophorum angustifolium) go minic ar an bportach, ach mar go bhfuil ithir aigéadach i gCois Fharraige fásann sé áit ar bith atá fliuch, fiú amháin sna garrantaí féir.

Ní thabharfá mórán suntais do bhláth an Cheannbháin, ach is iad torthaí an bhlátha a tharraingeoidh d’aird. Scaipeann sí a gcuid síolta sa mbealach céanna leis an gCaisearbhán (sa ngaoth), agus is ionann an “ceann bán” atá ar bharr an phlanda agus cloigín an chaisearbháin.

Ní féar ná luachair atá sa gCeannbhán, ach cíb – cinéal planda atá níos ársa ná ceachtar den dá cheann eile. Tá cíbeanna sa bhfine Cyperaceae, agus i measc na gcíbeanna atá le fáil i gCois Fharraige, in éindí leis an gCeannbhán, tá an Gobsheisc (Rhynchospora alba) agus Sifín (Schoenus nigricans)…agus neart eile nach bhfaca mé fós, táim cinnte dhe.