You are currently viewing An Pibín Uisce

An Pibín Uisce

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:

Lus an Phíopa

Eriocaulon aquaticum

Pipewort

Fásann an Píbín Uisce, nó Lus an Phíopa (Eriocaulon aquaticum) san uisce ar bhruacha locha ar phortach Chois Fharraige. Sa samhradh, oscalaíonn bláthanna beaga bídeacha bána ar bharr na ngasanna fada a fhásann san uisce éadomhain ar imealll an locha.

Tá an planda seo coitianta i Meiriceá Thuaidh, ach níl sé le fáil i mórán áiteanna eile seachas in Éirinn agus sa mBreatain. Fiú in Éirinn, ní planda fairsing é, agus tá formhór de ag fás ar chósta iarthair na hÉireann. Ach tá go leor de ag fás i gCois Fharraige.