You are currently viewing An Drúchtín Móna

An Drúchtín Móna

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Úsáid: ,

Drosera rotundifolia

Round-leaved Sundew; Common Sundew

Go bhfios dom, tá trí speiceas de dhrúchtín i gCois Fharraige, agus is í fad na nduilleoga an difríocht mhór atá eatarthu.

Tá na duilleoga atá ar an gCailís Mhuire (Drosera intermedia) ar fhad idirmheánach, mar a thuigfeá ón Laidin. Tá duilleoga fada ar an Cailís Mhuire Mhór (Drosera longifolia). Tá duilleoga gearra ar an Drúchtín Móna (Drosera rotundifolia).

Tá an trí chineál planda le feiceáil go forleathan ar phortach Chois Fharraige.

Osclaíonn na bláthanna beaga bána sa samhradh, ach is iad na duilleoga atá spéisiúil. Is plandaí feoilsúiteacha iad na drúchtíní. Téann feithidí i bhfostú sna ribí greamaitheacha atá ar na duilleoga, dúnann an duilleog isteach ar fhéin le go rachaidh níos mó de ribí na nduilleog i ngreim sa bhfeithid, agus díleánn na plandaí iad leis an sú greamaitheach.

Is mar seo a fhaigheann na drúchtíní na cothaithigh a chuireann ar a gcumas fás i gcréafóg bhocht an phortaigh.

Tá hibrid steiriúil ann, Drosera x belezeana, a thagann nuair a chros-shíolraíonn D. intermedia le D. rotundifolia. Breathnaíonn sé cosúil le D. rotundifolia ach tá bláth cosúil le D. intermedia aige – sé sin ní bhíonn gas an bhlátha mórán níos faide ná na duilleoga.