You are currently viewing An Bosán Anagair

An Bosán Anagair

Dath Bláth:
Cineál Planda: ,
Fine:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:

Draba verna

Common Whitlowgrass

Is ar éigean go dtabharfá faoi deara an Bosán Anagair san Earrach, in ainneoin go bhfuil bláth air an t-am sin den bhliain. Is i lár na mbóithríní atá go leor acu ag fás, agus is níos cosúla le clocha sneachta atá sé agus tú ag siúl, seachas le bláth earraigh. Níl na bláthanna níos mó ná cúpla mm ar leithead, agus, mar a fheictear sna pictiúirí, sách dofheicthe mura bhfuil tú thíos ar do ghogaide i lár an bhóthair.  

D’úsáidtí an planda seo mar chóir leighis ar an mbunús (mícheart) go raibh sé éifeachtach in aghaidh ionfhabhtú víreasach ar leith a bhuaileann an mhéar (whitlow), agus is uaidh seo a tháinig an t-ainm i mBéarla.

Táim ag glacadh leis go bhfuil an planda seo réasúnta coiteann i gCois Fharraige, mar go bhfaca mé é ag fás ar chúpla bóithrín difriúil.