You are currently viewing  An Chaithne <br><span style='font-size:16px;'>Arbutus unedo</span>

An Chaithne
Arbutus unedo

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Duilleog: , , ,
Gnáthóg:
Faoi Bhláth: ,
Stádas:
Airde:
Pailniú: ,
Scaipeadh Síolta:
Inite?:

Ainmneacha Eile: Crann Caithne, Crann Sugh-Thalmhain,[1] Úll caithne (an toradh)

Béarla: Strawberry Tree

Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Crann síorghlas.
  • Torthaí sféaracha dearg-oráiste, le cnaipí beaga orthu.
  • Toradh agus Bláth ar an gcrann ag an am céanna.
  • Fairsing san iardheisceart, go háirithe timpeall ar Chill Airne, Co. Chiarraí.

An Chaithne (arbutus unedo).

An Chaithne in Éirinn

Tá an chaithne ar cheann de bheagán crainnte ar an oileán seo atá dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain, cé go bhfuil éiginnteacht fós ann ar crann dúchasach é. Tá sí forleathan ar fud chósta na Meánmhara, ach ní fhaightear é ar Mhór-roinn na hEorpa mórán níos faide ó thuaidh ná tuaisceart na Spáinne agus na Portaingéile, agus cósta thiar na Fraince.[3] In Éirinn, tá sí coitianta in iardheisceart an oileáin, go háirithe timpeall ar Loch Léin in aice le Cill Airne, agus timpeall ar Loch Gile, i gContae Shligigh.[4] Bhí sí níos coitianta san iardheisceart tráth, ach dódh go leor den chaithne chun fioghual a dhéanamh.[5]

Léiríonn taifid pailine go raibh an chaithne in Éirinn ar feadh ar a laghad 4,000 bliain[6] ach níl aon chinnteacht ann go raibh sé in Éirinn sular tháinig daoine anseo. Maíonn Sheehy-Skeffington go mb’fhéidir gur tháinig an chaithne in éineacht le mianadóirí copair a chur fúthu in Éirinn ar bhruacha Loch Léinn in aice le Cill Airne c 2400 RC.[7]

Ceaptar go mb’fhéidir go bhfuil tréithe dófhriotaíocha ag an gcrann, agus gur buntáiste don chaithne é an loscadh sléibhe, a choinníonn crainnte, níos airde a bhíonn in iomaíocht leis an gcaithne, faoi chois. Ceaptar gur fhulaing coillearnaí caithne nuair a stopadh tinte sléibhe sa gceantar ina bhfásann sí.[5] Ba léir go raibh an chaithne níos forleithne in Éirinn mar gur iomaí logainm leis an crann san luaite ann, Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne agus Ard Caithne i gCo. an Chláir ina measc.[8] Ní comhtharlú é gur ar an gcósta atá na háiteanna seo, mar ní fhásann an chaithne in aon áit a thiteann meán teocht Eanáir faoi 4.5°C[9], agus mar sin ní cheaptar gur fhás an chaithne riamh i lár na tíre.[10]

An chaithne ar fás ar thalamh Ollscoil na Gaillimhe.

An Chaithne: Planda Lúsatánach

Tá an chaithne i measc flóra Lúsatánacha na hÉireann. Is plandaí iad seo atá dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain, agus atá ag fás freisin ar Mhór-roinn na hEorpa, go háirithe ar leithinis na Ibéire. Chun rudaí a dhéanamh níos casta, tá na plandaí uathúla seo teoranta chuig ceantracha ar leith sa tír, go háirithe iarthar Chiarraí, ach faightear iad in iarthar na Gaillimhe agus in iardheisceart Mhaigh Eo freisin. Mar gur tríd na Breataine a tháinig formhór de fhlóra an oileáin seo nuair a leá na hoighearsruthanna deiridh, cuireann na plandaí Lúsatánacha agus a scaipeadh tíreolaíochta in Éirinn mearbhall ar luibheolaithe ar fud an domhain.

Cuma an Chrainn

14m ard atá an chaithne is airde in Éirinn.[11] Tá sé deacair aois na gcrainnte seo a mheas mar go lobhann an croí-adhmad agus mar sin ní féidir fáinní a chomhaireamh. Ach ó mhéid an stoic meastar go maireann siad ar feadh os cionn 400 bliain. Bhí crann i gCiarraí a bhreathnaigh mórán mar a chéile in 1904 agus mar a bhí sé in 1806. Nuair a thiteann siad, cuireann siad meatháin nua aníos ón stoc a thit – rud a chiallaíonn go bhfuil na crainnte scaití ar a dara, tríú nó ceathrú stoc.[12]

Duilleog éilipseacha na caithne.
Duilleoga ar an gcaithne.

Is crann craobhach síorghlas í an chaithne a fhásann go 9m nó mar sin.[2] Dath donn a bhíonn ar an gcoirt, a scamhann ón gcrann nuair atá an crann níos sine. Bíonn dath glas dorcha ar thaobh uachtair na nduilleog agus bíonn dath níos éadroime ar thaobh íochtair na nduilleog. Bíonn cuma lonrach, leatharach ar na duilleoga. Bíonn imeall na nduilleog fiaclach agus is ar ghas gearr a bhíonn siad. Is cruth éilipseach a bhíonn orthu – bíonn an barr agus an bun biorach.[12]

Bláthanna agus Torthaí na Caithne

Is i bhfoirm cloigíní bána, le scáil dhearg nó bándearg, a bhíonn bláthanna na caithne. Bíonn siad cosúil leis na bláthanna a bhíonn ar an bhfraoch, plandaí atá sa bhfine céanna, Ericaceae. Bíonn na bláthanna ag crochadh anuas ón ngéag i bpainicilí, le 10 staimín ar gach bláth. Meallann boladh milis na mbláthanna feithidí, go háirithe meachain. In ainneoin gur Strawberry Tree atá ar an gcaithne i mBéarla, ní sútha talún a bhíonn ar an gcrann. Is caora beaga iad. Dath glas agus buí a bhíonn orthu ar dtús, sula dtagann dath dearg-oráiste orthu nuair a bhíonn siad aibí. Bíonn dromchla an toraidh garbh le cnaipí beaga, a bhreathnaíonn cosúil le faithní. Tagann na bláthanna amach idir Meán Fómhair agus an Nollaig agus, mar go dtógann sé bliain iomlán ar an toradh theacht chun aibíochta, bíonn torthaí na bliana anuraidh ar an gcrann in éineacht le bláthanna na bliana reatha. Is tréith í seo atá uathúil i gcrainnte in Éirinn.[2] Itheann smólaigh, loin dhubha, sacáin, colúir coille, agus spideoga na torthaí.[9]

Tá cosúlachtaí idir bhláthanna na caithe agus na bláthanna a bhíonn ar an bhfraoch, plandaí atá sa bhfine céanna léi.
Toradh na caithne, an t-údar a thugtar strawberry tree air i mBéarla.

Coinníollacha Fáis na Caithne

Ar nós gach planda sa bhfine Ericaceae, tá an chaithne go maith in ann ag créafóg aigéadach an phortaigh, cé nach bhfásfaidh sé in ithir atá leathbháite.[7] Chuige sin, fásann sé ar thalamh chlochach le neart draenála, i gcoillte leis an dair Ghaelach (Quercus petraea), agus ar ailltreacha agus ar thaobh sléibhte.[13] Cé go bhfuil plandaí óga in ann maireachtáil i raon leathan gnáthóga, níl siad in ann sioc na scáth a sheasamh.

Úsáid na Caithne

Tá tagairt sa mbéaloideas faoi thabhairt isteach na caithne go hÉirinn. Casadh Oisín agus na Fianna leis na Tuatha Dé Danann in aice le Loch Léin i gCill Airne, agus i measc na nithe a thugadar leo ón Tír Tairngre (an áit as dtáinig siad) bhí “cnó corcra agus ubhla caithne agus caora cumhra”.[7] Is san aicme is ísle de chrainnte na coille (fodla fedo) a cuireadh an chaithne sa bhFéineachas. aI leaganacha éagsúla déanadh an caithne a fhágáil amach go hiomlán as an aicme sin agus cuireadh an fhéithleog nó an féithleann (Lonicera periclymenum), b’fhéidir mar nach raibh fáil sách forleathan ar an gcaithne.[10]

Tá adhmad na caithne crua agus dlúthshnáitheach, ach briosc agus éasca le scoilte.[9] Níl sé feiliúnach mar adhmad tógála, ach bhaintí úsáid as mar fhioghual, agus d’úsáidtí an choirt i gceird na súdaireachta.

Níl mórán crainnte eile in Éirinn a bhíonn bláthanna agus torthaí ar an gcraobh ag an am céanna.

Cé go bhfuil na torthaí searbh, tá siad inite. B’fhéidir gurbh é sin an chúis leis an ainm eolaíoch, unedo, a chiallaíonn “ith ceann amháin”, rud nár stop na bochtáin á n-ithe san iardheisceart.[14] Ní fios cén bunús sanasaíochta atá leis an ainm géiniteach, Arbutus, ach ní cheaptar go mbaineann sé le crainnte (arbor sa Laidin).

Déantar biotáille as na torthaí sa bPortaingéil, sa bhFrainc, agus sa Chorsaic, áiteanna ina bhfásann an caithne go flúirseach.[12]

Cuirtear go minic an crann caithne mar chrann ornáide, go háirithe sa mBreatain.[4] Is í an chaithne crann náisiúnta na hIodáile mar go bhfuil dath glas na nduilleog, dath bán na mbláthanna, agus dath dearg na dtorthaí le feiceáil ar bhratach na hIodáile.

Deirtear i bhfoinsí éagsúla go gciallaíonn cuinche (atá le feiceáil i logainmneacha amhail Cuinche agus Fíoch Chuinche, Co. an Chláir) caithne, ach is cosúil nach bhfuil aon ghaol sanasaíochta idir an dá fhocal.[10]

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1.  Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.

2.  Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

3.  Caudullo, G., E. Welk, and J. San-Miguel-Ayanz, Chorological maps for the main European woody species. Data in Brief, 2017. 12: p. 662-666.

4.  Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

5.  Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

6.  Mitchell, F.J. Where did Ireland’s trees come from? in Biology and Environment: Proceedings of the Royal Irish Academy. 2006. Royal Irish Academy.

7.  Skeffington, M.S. and N. Scott, Is the strawberry tree, Arbutus unedo (Ericaceae), native to Ireland, or was it brought by the first copper miners? British & Irish Botany, 2021. 3(4).

8.  Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.

9.  Sealy, J.R. and D.A. Webb, Arbutus Unedo L. Journal of Ecology, 1950. 38(1): p. 223-236.

10.  Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.

11.  The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.

12.  Nelson, E.C. and W. Walsh, Trees of Ireland: Native and Naturalized. 1993: Lilliput Press.

13.  Sealy, J.R., Arbutus Unedo. Journal of Ecology, 1949. 37(2): p. 365-388.

14.  Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.